An Crann Géagach/Fleadh aoibhinn

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An Crann Géagach by Pádraic Ó Conaire
Fleadh aoibhinn
[ 42 ]
FLEADH AOIBHINN

Nuair d’fhág an tsean-bhean mé liom féin sa gcoill, thosaigh mé ag obair ar mo mhíle dhíthcheall, ionnós go mbéadh an dá chrann ar lár agam sul a bhfillfeadh sí. Nach mé d’oibrigh! Ní raibh an sábh thugas liom ar maidin acht go dona; dá mbéadh a fhios agam go mbéadh a leithéid d’obair le déanamh agam is cinnte go mbéadh óirnéis níos feárr agam—acht an gléas geárrtha seo! ní fios dom cinnte cé mhéad mallacht mór thugas air sul má bhí mé aon leath-uair bheag amháin sa gcoill.

Bhaineas dhíom mo chóta agus mo bhróga mar bhí an áit ’n‑a bhogach báidhte faoi mo chosaibh. D’fháisg mé an crios faoi mo chom. Chroch mé suas muinchillí mo léine. D’fhosgail mé an brollach. Chuir mé na cosa i dtaca. Bhí allus liom sul má bhí an sean-sábh órdlach isteach san ádhmud chruaibh.

Is beag rud nach ndéanfainn ar son na sean-mhná chéadna. Dá n‑iarradh sí orm troid chur ar fhathach na dtrí gceann, ná cuairt thabhairt ar oileánaibh allta na Mara Reóite, ná aon ghníomh eile gaisge ná gaile dhéanamh is cinnte go bhféachfainn leis go fonnmhar. Acht mé fhágáil annsin liom féin, i lár na coille craobhaighe, ag cur alluis mo cheithre cnámh ag iarraidh dá chrann toirteamhla a leagadh le sábh gan mhaith! Agus gan fhios ó neamh agam [ 43 ]cé’n fáth ar chuir sí an obair mhór sin orm, nó cé’n gnó bhí aici de na crannaibh mallaighthe céadna nuair bheidís leagtha agam!

* * *

Fear leisgeamhail mé ó dhúthchas. B’fheárr liom go mór fada bheith ’mo shuidhe ar chlaidhe ag féachaint ar lucht na hiomána ná istigh i lár na páirce; is deise liom bheith ’mo sheasamh i gceárdchain ag breathnughadh ar na gaibhnibh ag obair ná bheith ar dhuine aca; is aoibhne liom bheith caithte ar chnámh mo dhroma ar phlásóig mhín chaonaigh, lá buidhe brothallach samhraidh, ag féachaint suas uaim sna spéarthaibh gan faic na frighde le déanamh agam acht bheith ag breathnú ar na néaltaibh móra ómracha ag snámh thart ós mo chíonn ná aon obair dá bhféadtaidhe chur orm. Tuigfear ó’n méid sin cé’n cion bhí agam ar an tsean-mhnaoi uasail mhaordha chuir ag leagadh na gcrann mé gur chaith mé uair a’ chluig ar a laghad gan sgíth a leigint, gan anál suaimhneach sásta a tharraingt, gan lámh the attha a fholcadh agus mé ag gearradh agus ag síor-ghearradh gan sos....

An t‑allus sin! Níor chuir mé an oiread sin alluis ariamh cheana, agus ní dhéanfad arís choidhche é, pé ar bith bean iarrfas orm é; acht ise—an tsean-bhean uaibhreach mhodhmhail sin dá dtug mé cion—níor chlis mé uirri ariamh, agus ní chlisfead uirri choidhche má fhágann Dia an tsláinte agam.

Acht cé’n bhrigh dá mbéadh a fhios agam cé’n fáth ar chuir sí an obair sin orm!

[ 44 ]Bhí mé dhá uair a’ chluig ag obair agus an uile amus dá dtugainn leis an sábh, is ag dul i laige bhí mé. Bhí mé tugtha traochta. Is ar éigin go raibh ionam seasamh. Chaith mé uaim an gléas gearrtha agus d’fhéach mé ar obair mo lámh.

Bhain mé tráithnín agus sháith mé isteach é sa sgoilt bhí gearrtha agam san ádhmud. Ceithre órdlaigh—ní raibh de dhoimhneacht sa sgoilt acht an méid sin thar éis mo shaothair. Agus troigh eile ar a laghad ann!

Bhuail droch-mhisneach mé. Ní bhéadh sé ’mo chumas an dá chrann sin a leagadh dá gcaithinn an lá fada leó. Bhéinn náirighthe go deó mara bhféadfainn an obair sin dhéanamh do’n tsean-mhnaoi dá dtug mé cion.

Bhí fonn orm dhul ar aghaidh leis an obair arís, agus gan sgur dhí go mbéadh crann díobh ar lár agam. Mara ndeárna mé sin, agus admhuighim nach ndeárna, ní ar an toil bhí an locht acht ar an gcolainn. Bhí tulchán féarmhar i n‑aice liom. Chaith mé uaim mo chuid oirnéis. Shín mé mé féin ar chnámh mo dhroma ar an tulchán go leigfinn mo sgíth......

* * *

B’aoibhinn bheith annsin ag féachaint suas uaim ar an spéir ghorm thrí dhuilleabhar na gcrann agus gan faic le déanamh agam ar an saoghal—seadh, gan faic le déanamh agam ar an saoghal, mar ní féidir le duine sgíth a leigint ná suaimhneas a ghlacadh i gceart mara bhfuil sé ’n‑a chumas leigint air nach bhfuil aon cheó le [ 45 ]déanamh aige féin ná ag aon duine eile, ar an saoghal seo. Námha do’n tsuaimhneas an imnidhe. Chuireas féin ruaig ar an námhaid sin agus mé ’mo luighe ar chnamh mo dhroma ar an tulchán féarmhar. Ní shíltheá go raibh crann le leagadh, ná faic eile le déanamh agam an lá breágh buidhe brothallach sin.

Leithsgéal bhí uaim, leithsgéal maith ionnós nach mbéadh orm tuilleadh alluis a thabhairt. Bhí poll domhain agus uisge n‑a thóin i bhfogus dom: dá sgaoilinn an sábh malluighthe síos ann ní bhéadh orm buille eile oibre dhéanamh ar feadh an lae—acht ár ndóigh annsin, bhéadh an tsean-bhean chóir dá dtug mé gean gan a cuid crann. Naipcín chasadh timcheall ar mo láimh agus a leigint orm gur gortuigheadh í—chuimhnigheas ar an gcleas sin freisin, acht bhí an locht céadna agam air is bhí agam ar an gcéad cheann. Chaill mé an croidhe nuair smuainigheas go mbéadh orm an obair dhiabhalta sin dhéanamh....

Bhí sgata seangán i n‑aice liom agus saothar mór orra. Tráithnín bán feósaidhe bhí suas agus anuas le dhá órdlach go leith ar a fhaid agus iad ag iarraidh é thógáil agus é thabhairt leó ar iomchur. Bhí mathshluagh mhór dhíobh ann agus ní raibh neach díobh nach raibh ar a dhithcheall. Nach ann bhí an fuastar! Nach iad d’oibrigh go fonnmhar! Is beag nár leigeas liúgh comhghárdachais nuair d’éirigh leó an tráithnín chrochadh suas agus bhreith leó!

“Nár chóir dhuit náire bheith ort agus chomh leisgeamhail spadánta is bhí tú féin?” deir tusa.

[ 46 ]Ní raibh náire ná ceann faoi orm agus ní heól dom cé’n fáth go mbéadh. Cheapas agus chuimhnigheas go mba mallacht ó Dhia an obair ó thús, agus go mba deágh-ghníomh aon chuid dí sgaoileadh thart—acht ní túisge sa machtnamh sin mé ná baineadh geit asam.

Chualas glór na sean-mhná chugam aniar agus amhrán ghá ghabháil aici. Ní raibh sí le feiceál agam, toisg na crainn bheith sa mbealach, acht d’éirigh mé de gheit agus chromas ar an obair go díthcheallach. Cheapthá nach raibh sábhadóir ann go dtí mé.

Nach agat bhí an smacht orm, a shean-bhean mhaordha!

* * *

Bhí sí buailte liom sul ar thógas mo cheann.

“Agus tá tú ag obair ó shoin,” ar sise.

“Go díthcheallach,” arsa mise, ag baint an alluis do mo bhaithis le cúl mo láimhe.

Annsin leath na súile orm. Ní léithi féin bhí an tsean-bhean acht bean óg dóigheamhail a raibh dhá shúil dubha soillseacha aici agus frighid an ghrinn i bhfolach ’n‑a lár istigh i n‑aondtigh léithi.

B’iongantach liom nár cuireadh an bhean óg i n‑aithne dhom. Ag ceapadh go raibh aithne againn ar a chéile cheana bhí an tsean-bhean, shíleas, mar bhí aithne súl agam ar an óg-mhnaoi, agus gean millteach agam dhi le dhá bhliadhain, gidh gur sheachain sí mé i gcomhnaidhe....

“Agus thugamar beagán bidh agus dighe linn freisin,” ars an tsean-bhean, “agus beidh fleadh againn annseo ’sa gcoill.”

[ 47 ]Bhí cliabh mór ar an talamh idir eatorra, agus nach orm bhí an t‑iongnadh nuair d’osgluigheadh é. Sean gach dighe agus nuadh gach bidh ann. Ní bhéinn acht dodh’ ghriogadh dá abrainn cé na milseáin agus na biadhtha borba agus na dighthe meisgheamhla bhí istigh ann.

An fhaid is bhí mé féin agus an bhean óg ghá mbaint as an gcliabh bhí an tsean-bhean ag cur di ós íseal:

“Lá gréine, lá brothallach mar an lá indiu tháinic mé féin agus an fear phós mé ’n‑a dhiaidh sin isteach sa gcoill seo i dtosach. Agus bhí fleadh againn le chéile ann... mé féin agus é féin—acht go raibh sean-bhean i n‑aonfheacht liomsa—acht bhi ciall aici, agus sgar sí linn chomh luath is bhí an fhleadh caithte....”

Leig sí osna.

“Is fada an t‑achar leith-chéad bliadhain,” ar sise, “acht tá súil agam go bhfuil an oiread céille agam-sa indiu is bhí aici siúd an lá sin,” ar sise ós íseal.

Bhí freisin; mar ní túisge bhí an fhleadh caithte againn ná d’éaluigh an tsean-bhean uainn.

An fear nach ndéanfadh rud ar a leithéid de mhnaoi chríonna thuigsionnaigh ár ndóigh ní fhéadfá fear thabhairt air ar chor ar bhith!