An Crann Géagach/An bhean bhí ag an bhfuinneóig

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An Crann Géagach by Pádraic Ó Conaire
An bhean bhí ag an bhfuinneóig
[ 36 ]
AN BHEAN BHÍ AG AN BHFUINNEÓIG

Agus cé bhuailfeadh isteach chugam acht an bhaintreabhach Uí Eadhra! Bhí sí ag féachaint níos óigeanta ná chonnaiceas í le fada an lá; is beag an ceapadh bhéadh ag duine go raibh cúig bliadhna déag agus trí fichid caithte aici, go mbéadh bun-chíos na sean aici dá mbéadh gábhadh aici le n‑a leithéid; go bhfuil a hinghean agus inghean na hinghine n‑a mbaintreabhaigh sa teach chéadna léithi.

“Cuir an t‑asal faoi’n gcárr,” ar sise.

Rinneas sin gan ceist a chur uirri. D’aithneóchthá go raibh fuadar éigin fúithi, go raibh sí le rud éigin neamh-ghnáthach a dhéanamh. Bhí luisne beag n‑a sean-ghruaidh caithte, agus loinnir aisteach faoi n‑a súil. Chonnaiceas an loinnir chéadna sin faoi shúil ghirrsighe sgoile bhéadh ar tí gníomh contabhairteach dhéanamh. Níor chuireas aon chainnt ar an tsean-mhnaoi faoi ádhbhar a meidhre. Tá aithne níos feárr ná sin agam uirri; tá sé doiligh rún a bhaint aisti—acht nach n‑innseochaidh an aimsir dhom é?

Ghluais linn beirt ar an gcáirrín asail, mé féin agus an tseanbhean a raibh an meidhir rúnda n‑a croidhe istigh....

* * *

Bhí an dúithche thart orainn ag gáiridh linn....

Grian bhuidhe an fhoghmhair ar eirghe i n‑áirde sa spéir; an gleann agus an machaire ’n‑a loch órdha aici; an crann ar leathtaobh na slighe [ 37 ]n‑a dhealbh órdha aici; slamanna de sholus buidhe órdha dhá gcaitheamh aici ar chraoibh agus ar ghéig agus ar bhilleóig go gceapthá go raibh an saoghal órdha tagtha....

Bhí an t‑asal ag imtheacht leis n‑a shodar. Aoibhneas ormsa go raibh mé beó beathuidheach a leithéid sin de mhaidin iongantach foghmhair; aoibhneas ar an tsean-mhnaoi bhí le mo thaobh—cé’n fáth go mbéadh an t‑aoibhneas sin uirri agus an saoghal brónach chaith sí agus bhí dhá chaitheamh aici?

Agus is cinnte go bhféadfá saoghal cráidhte thabhairt ar a saoghal siúd marach an croidhe éadtrom óg bhí aici. A fear caillte sul a raibh sí deich mbliadhna fichead. A clann mhac ar fán agus ar fuaidreamh an tsaoghail uaithi. A hinghean agus inghean na hinghine n‑a mbaintreabhaigh sa teach aici—triúr baintreabhach ’n‑aon teach amháin agus easaontas agus clampar eatorra triúr!

Marach go raibh a cuid féin de mhaoin an tsaoghail seo aici is dócha nach bhéadfadh sí bheith chomh óigeanta croidheamhail is bhí....

Dhearc mé go géar uirri agus an bheirt againn ’n‑ár suidhe le taobh a chéile sa gcáirrín asail an lá buidhe foghmhair sin. Feisteas an Domhnaigh bhí uirri—gúna maith de’n tseanshíoda dubh, clóca dubh beannach ó’n tsean-aimsir, boinéad péacach, spéacláirí go raibh ciumhais óir orra—acht is ar éigin thiubharthá an méid sin fao deara leis an meangadh bhí ar a béal, leis an luisne bhí n‑a gruadh, leis an bhfuadar aisteach bhí fúithi.

[ 38 ]Chuadhmar thar an teach mar a raibh comhnaidhe uirri.

B’fhuras d’aithint uirri nár mhaith léithi go bhfeicfidhe í ar an gcáirrín asail. Bhí sean-sgáth fearthainne aici a raibh méad dalbaidhe ann; chróch sí ós a cionn é ionnós nach n‑aithneóchaidhe í—acht, ár ndóigh, níor chuimhnigh sí, an bhean bhocht, go raibh aithne ag gach duine sa bparáisde ar an sgáth fearthainne sin!

“Sílim nár facthas mé,” ar sise nuair bhíomar beagnach thar an teach.

“Is cinnte nár facthas,” arsa mise, acht níor dhubhairt mé léithi go raibh mé dearbhtha gur aithnigheadh í má bhí aon duine ag an bhfuinneóig.

Mí-thráthamhail go leór tháinic sé isteach i gcloigeann an asail go raibh a dhóthain de shodar lae déanta aige. Chuir sé a cheann faoi. Chraith sé a iarball beag sgáinte. Sheas sé i lár an bhóthair.

D’éirigheas féin ’mo sheasamh. Thugas trí nó ceathar de bhuillibh de mo bhata droighin ’sna heasnachaibh dhó. Ní dheárna sé acht na cluasa a bhogadh. Ní bhogfadh sé na cosa dá mbéinn leis ó shoin!

D’eirigh an tsean-bhean n‑a seasamh. Thug sí an sgáth fearthainne dhó ’sna heasnachaibh clé, agus bhí an bheirt againn ghá leadradh go rabhamar tuirseach.

Ghlacamar comhairle le chéile annsin.

“Feárr dhúinn siubhal,” ar sise.

“Bhfuil bealach fada romhainn?” arsa mise.

[ 39 ]“Beidh fhios agat é sin luath go leór,” ar sise agus ghreamuigh sí a dhá gob ar a chéile ar eagla go sgéithfeadh a rún uaithi.

Bhíomar, ar tí túirlingt nuair tháinic athrú meóin chuig an asal. Chraith sé a cheann. Chorruigh sé a chluasa. Bhog sé na cosa. D’imthigh leis n‑a chos-n‑áirde.

Níor fhéadas súnndas thabhairt d’n tsean-mhnaoi mheidhrigh bhí le mo thaobh leis an ngluaiseacht bhí faoi’n asal, acht bhí fhios agam go raibh a croidhe corruighthe, gur thaithnigh an mharcaidheacht thar bárr léithi. Bhí a croidhe chomh hóg an lá buidhe foghmhair sin is bhí aon lá le leith chéad bliadhain. Dá bhfeictí mé féin agus an bhean sa gcáirrín asail, ise agus a lámh faoi mo chom ar eagla do dtuitfeadh sí, a boinéad breágh Domhnaigh anuas ar a mala chlé leis an luasgán gáiridh ar a béal, gáire faoi n‑a súil, an dúithche thart orainn ag gáiridh linn—dá bhfeictí sinn, ní shiltheá acht go rabhas ghá fuadach!

Againn bhí an greann agus an spórt! Againn bhí an gleó agus an gliondar! Mé féin agus an tsean-bhean mheidhreach bhí n‑a baintreabhaigh le beagnach leith-chéad bliadhain!

Chuir sí focal ’mo chluais.

“Tá mé le rud a dhéanamh indiu,” ar sise, “nach ndéarna mé le leith-chéad bliadhain—rud a cheapas nach ndéanfainn arís go deó. Tá croidhe agus misneach agam indiu. An óige ag teacht ar ais....”

Bhíomar ag geata guirt arbhair. Chuir sí iallach orm cosg a chur leis an asal sgofánta. Thúirlingimear.

[ 40 ]Bhí an t‑arbhar ina chruachaibh ann. Dubhairt sí liom an cárr a lochtadh. Chuidigh sí féin liom go tréan agus í corruighthe go mór ar feadh an achair.

Bhí fhios agam go mba le n‑a hinghin an t‑arbhar agus an gort, go mba cuid de’n mhaoin mhóir iad d’fhág a céile aici nuair fuair sé bás. Acht cé’n obair bhí ar an tsean‑mhnaoi! Nach raibh a sáith lucht oibhre aca timcheall na háite le ualach arbhair thabhairt a bhaile dá mbéadh gábhadh leis? Agus cé’n chainnt bhí uirri faoi “rud a dhéanamh indiu nach ndearna sí le leithchéad bliadhain?”

Lochtuigheadh an cárr leis an arbhar. Amach linn an geata. Bhí an t‑asal ag iarraidh an bóthar abhaile thabhairt air féin. Níor leig sise dhó.

“Cá bhfuil ár dtriall anois?” arsa mise.

“Ar an margadh—go Cill Eoghnáin leis an arbhar seo a dhíol.”

Bhí iongantas orm. Ní raibh gábhadh aici leis an airgead, agus siúd ag dul an an margadh í,—bean shaidhbhir, bean mhórchúiseach mar í, le ualach beag suarach arbhair! Céard bhí uirri chor ar bith? Cé’n fáth raibh sí chomh corruighthe sin ó mhaidin?

Bhí an sgéal sa mhuileann orm....

Díolamar an t‑arbhar.

Thug sí isteach go teach ósta mé. Bhí aithne uirri san áit agus seóladh an bheirt againn isteach i seómra faoi leith. Fágadh dá ghloine ós ár gcomhair amach. Bhlas sí de’n fhíon. D’eirigh sí smaointeach.

“Leithchéad bliadhain,” ar sise, “leithchéad bliadhain sa lá indiu! Nach fada an t‑achar é!”

[ 41 ]D’eirigh sí n‑a tost. Níor chuireas isteach uirri.

“Ní dheárnas a leithéid cheana le leithchéad bliadhain,” ar sise, agus shíltheá gur léithi féin bhí sí ag cainnt, “agus cheapas nach ndéanfainn arís go deó é. Ualach arbhair a ghoid agus a dhíol agus an t‑airgead a chaitheamh i dteach ósta le fear....”

D’fhéach sí orm go géar.

“Agus tá tusa anchosamhail leis san éadan,” ar sise, “acht go raibh seisean n‑a fhear níos breághtha ná thú.... an fear sin bhí agam-sa.... Leithcéad bliadhain sa lá indiu—ní rabhamair pósta an uair sin—d’imthigh linn ar an margadh le ualach arbhair. Chaitheamar a luach sa teach seo.... níor shíleas go ndéanfainn a leithéid arís choidhche.... acht ar maidin indiu, nuair chuimhnigheas ar an lá sin d’eirigheas óg arís—”

Rug sí ar láimh orm. Bhí deór faoi na sean-shúil.

“Leithchéad bliadhain? Slán beó leis an an lá úd! Beannacht dílis Dé le n‑a anam....”

“Ámén!” arsa mise.

“Tá tú anchosamhail leis, anchosamhail ar fad,” ars an tsean-bhean agus briseadh n‑a glór.

Níor labhair mé. D’fháisg sí mo lámh, agus d’fhéach uaithi siar go brónach thar na bliadhantaibh....