Page:An Crann Geagach.djvu/41

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

n‑a dhealbh órdha aici; slamanna de sholus buidhe órdha dhá gcaitheamh aici ar chraoibh agus ar ghéig agus ar bhilleóig go gceapthá go raibh an saoghal órdha tagtha....

Bhí an t‑asal ag imtheacht leis n‑a shodar. Aoibhneas ormsa go raibh mé beó beathuidheach a leithéid sin de mhaidin iongantach foghmhair; aoibhneas ar an tsean-mhnaoi bhí le mo thaobh—cé’n fáth go mbéadh an t‑aoibhneas sin uirri agus an saoghal brónach chaith sí agus bhí dhá chaitheamh aici?

Agus is cinnte go bhféadfá saoghal cráidhte thabhairt ar a saoghal siúd marach an croidhe éadtrom óg bhí aici. A fear caillte sul a raibh sí deich mbliadhna fichead. A clann mhac ar fán agus ar fuaidreamh an tsaoghail uaithi. A hinghean agus inghean na hinghine n‑a mbaintreabhaigh sa teach aici—triúr baintreabhach ’n‑aon teach amháin agus easaontas agus clampar eatorra triúr!

Marach go raibh a cuid féin de mhaoin an tsaoghail seo aici is dócha nach bhéadfadh sí bheith chomh óigeanta croidheamhail is bhí....

Dhearc mé go géar uirri agus an bheirt againn ’n‑ár suidhe le taobh a chéile sa gcáirrín asail an lá buidhe foghmhair sin. Feisteas an Domhnaigh bhí uirri—gúna maith de’n tseanshíoda dubh, clóca dubh beannach ó’n tsean-aimsir, boinéad péacach, spéacláirí go raibh ciumhais óir orra—acht is ar éigin thiubharthá an méid sin fao deara leis an meangadh bhí ar a béal, leis an luisne bhí n‑a gruadh, leis an bhfuadar aisteach bhí fúithi.

37