D’eirigh sí n‑a tost. Níor chuireas isteach uirri.
“Ní dheárnas a leithéid cheana le leithchéad bliadhain,” ar sise, agus shíltheá gur léithi féin bhí sí ag cainnt, “agus cheapas nach ndéanfainn arís go deó é. Ualach arbhair a ghoid agus a dhíol agus an t‑airgead a chaitheamh i dteach ósta le fear....”
D’fhéach sí orm go géar.
“Agus tá tusa anchosamhail leis san éadan,” ar sise, “acht go raibh seisean n‑a fhear níos breághtha ná thú.... an fear sin bhí agam-sa.... Leithcéad bliadhain sa lá indiu—ní rabhamair pósta an uair sin—d’imthigh linn ar an margadh le ualach arbhair. Chaitheamar a luach sa teach seo.... níor shíleas go ndéanfainn a leithéid arís choidhche.... acht ar maidin indiu, nuair chuimhnigheas ar an lá sin d’eirigheas óg arís—”
Rug sí ar láimh orm. Bhí deór faoi na sean-shúil.
“Leithchéad bliadhain? Slán beó leis an an lá úd! Beannacht dílis Dé le n‑a anam....”
“Ámén!” arsa mise.
“Tá tú anchosamhail leis, anchosamhail ar fad,” ars an tsean-bhean agus briseadh n‑a glór.
Níor labhair mé. D’fháisg sí mo lámh, agus d’fhéach uaithi siar go brónach thar na bliadhantaibh....