Page:An Crann Geagach.djvu/50

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

Ní raibh náire ná ceann faoi orm agus ní heól dom cé’n fáth go mbéadh. Cheapas agus chuimhnigheas go mba mallacht ó Dhia an obair ó thús, agus go mba deágh-ghníomh aon chuid dí sgaoileadh thart—acht ní túisge sa machtnamh sin mé ná baineadh geit asam.

Chualas glór na sean-mhná chugam aniar agus amhrán ghá ghabháil aici. Ní raibh sí le feiceál agam, toisg na crainn bheith sa mbealach, acht d’éirigh mé de gheit agus chromas ar an obair go díthcheallach. Cheapthá nach raibh sábhadóir ann go dtí mé.

Nach agat bhí an smacht orm, a shean-bhean mhaordha!

* * *

Bhí sí buailte liom sul ar thógas mo cheann.

“Agus tá tú ag obair ó shoin,” ar sise.

“Go díthcheallach,” arsa mise, ag baint an alluis do mo bhaithis le cúl mo láimhe.

Annsin leath na súile orm. Ní léithi féin bhí an tsean-bhean acht bean óg dóigheamhail a raibh dhá shúil dubha soillseacha aici agus frighid an ghrinn i bhfolach ’n‑a lár istigh i n‑aondtigh léithi.

B’iongantach liom nár cuireadh an bhean óg i n‑aithne dhom. Ag ceapadh go raibh aithne againn ar a chéile cheana bhí an tsean-bhean, shíleas, mar bhí aithne súl agam ar an óg-mhnaoi, agus gean millteach agam dhi le dhá bhliadhain, gidh gur sheachain sí mé i gcomhnaidhe....

“Agus thugamar beagán bidh agus dighe linn freisin,” ars an tsean-bhean, “agus beidh fleadh againn annseo ’sa gcoill.”

46