An Crann Géagach/An Sean-choiléar

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An Crann Géagach by Pádraic Ó Conaire
An Sean-choiléar
[ 54 ]
AN SEAN CHOILÉAR

Bhí comhnaidhe orm le goirid i sean-choiléar ar ghualainn chnuic, áit nach raibh duine ná deóraidhe le cur isteach orm.

Acht ní raibh mé i bhfad ann go raibh cáirde mo dhóthain agam. D’éirigh mé mór le míoltaibh na háite idir beag agus mór, leis an spideóigín dána, leis an dreóinín beag bídeach, le londubh an ghuib bhuidhe, leis an smólach breac-dhonn, leis an ngealbhán aérach; agus do chosnuighinn ar an seabhac alpach iad, tráth chruinniugheadh siad uile thart orm leis an mbrusgar aráin d’fhágfaidhe i ndiaidh mo bhéile chaitheamh. Bhí sean-ulchabhán ann, go raibh ciall na seacht suadh n‑a cheann, agus nár labhair ariamh acht uair bhí gábhadh mór leis; acht ní mheallfadh aon mhilseán an sean-fheallsamhnaidhe sin as an bpoll crainn ’n‑ar chaith sé a shaoghal.

Acht na héanlaith eile, ní raibh sgáth ná eagla orra rómham-sa nuair bhí tamall curtha dhíom agam san áit. Go deimhin leis an gcaoi bhailigheadh siad timcheall orm, agus a cheol féin ag gach éan díobh, shiltheá go mba de bhunadh na n‑eite agus na ngob mé féin, nó go raibh gaol gairid agam leis an tsliocht sin, ar a laghad.

Bhí míolta ceithre gcós ann freisin; bhí iorradh ruadh n‑a chomhnuidhe sna crannaibh árda bhí taobh thoir de’n choiléar; easóg chlisde i [ 55 ]gcarnán cloch, agus muirighin mhór lag air; nead i dtom ag cineál luiche nach bhfeictear acht amháin i n‑áiteachaibh iarcúltha faoi’n spéir, agus cúig cinn de luchógaibh óga de chúram ar féin agus ar a chéile; coinín faiteach nár réidhtigh solus na gréine leis acht an oiread leis an ulchabhán féin.

Thosuigh mé ar an gcoinín agus—acht caithfidh mé innseacht go beacht cé’n chaoi ar éirigh mé mór leis an mbeithidheach sgáthmhar sin, agus leis na cinn eile, mar an gcéadna; mara ndéanfad é sin, ní thuigfear chomh cruaidh is chuaidh sé orm cogadh chur orra sa deireadh.

* * *

Ar an gcoinín shíl mé an chlúain chur i dtosach nuair bhí cáirdeas déanta agam le clannaibh na n‑eite.

Thug mé faoi deara nach n‑éirigheadh sé amach as a pholl aon oidhche go mbínn féin istigh ’mo mhála chodalta; dá mbéinn ’mo shuidhe, ní fheicfidhe é bhí sé chomh faiteach sin. Go deimhin is iomdha oidhche a chuaidh an créatúr bocht gan a shéire mar gheall orm féin.

Bhí biolar agam tráthnóna le mo chuid tae, agus chaitheas cuid de na bileógaibh, amach ag béal puill an choinín. Rinneas é sin d’aon úim le n‑a mhealladh amach.

Thainic sé. Sháith sé a ghobh amach i dtosach, mar bhéadh sé ag baluidheacht timcheall. Chonnacthas a cheann beag deaghchumtha, agus a dhá chluais i n‑áirde aige gan mórán moille; d’fhéach sé thart díreach is dá mbéadh sé ag [ 56 ]fiafruighe dhe féin an raibh sé de mhisneach aige bualadh amach agus an ghrian ar an spéir....

Chonnaic sé bileóg de’n bhiolar; thosuigh sé ghá ithe ar a shuaimhneas—acht ní raibh an bhileóg caithte aige gur chuir sé gotha reatha air féin. Mhothuigh sé go raibh námha i bhfogus dó. Acht ní raibh an námha ró-ghar dhó. Lean sé de chaitheamh na bileóige, acht go raibh sé ar a aire ar feadh an achair. Úr-bhileóga biolair! is dócha nár chaith sé a leithéid de shéire ó rinne sé comhnaidhe sa gcoiléar!

An chéad oidhche eile bhí biolar agam freisin, agus ní a cheannach rinneas. D’fhág mé cúpla bileóg leath-bhealaigh idir béal puill an choinín agus an áit a mbíodh an mála agam féin. Bhí mé féin istigh san mála chodalta (atá ar aon dath leis an bhféar ghlas); acht bhí amharc maith agam ar an gcréatúr bocht nuair d’éirigh sé amach as a pholl, agus gan fhios aige-sean go raibh mé sa gcomharsanacht ar chor ar bith. D’ith sé an biolar bhí i ngar dá uachais féin. D’ith sé an chuid bhí leath bhealaigh idir a pholl agus mé féin; agus annsin d’éirigh sé dána ar fad, agus thosuigh ag spóirt dhó féin thart faoi’n sean-choiléar. An biadh maith neamh-choitchiannta thug croidhe agus misneach dhó b’fhéidir! Oidhche eile, agus tháinic sé go béal mo mhála agus sgiob sé leis bileóg bhí caithte sa bhféar; agus gach uile oidhche ’n‑a dhiaidh sin, thagadh sé agus gan aon fhaitchíos air rómham acht an oiréad is dá mbá crann coille mé.

[ 57 ]Ba mhór an t‑iongnadh liom i dtosach é fheiceál annsin ag béal an mhála ar dhúiseacht dhom ar maidin agus é ag ithe mo chuid ar a shuaimhneas. Gan mórán moille bhí sé na pheata críochnuighthe agam.

Acht an easóg—bhí eagla orm féin roimhe i dtosach agus na sgéalta chualas faoi le linn mo óige; an chaoi ’na gcaithfeadh sé smugairle nimhe le duine, an chaoi ’na mbeireadh sé ar sgórnaigh ort agus gan a ghreim a sgaoileadh go mbéadh an braon deireadh de do chuid fola tugtha, an sparán óir bhíos aige n‑a neid—acht chuala gach duine na sgéalta sin; acht chreid mise ionnta; acht is beithidheach beag deas lághach é, acht an croide ceart bheith agat dhó. Ní raibh sé chomh mór liom ariamh is bhí an coinín, acht thigeadh sé chugam le greim ithe as mo láimh....

Labhair mé faoi’n luich cheana: ní raibh seisean an-cháirdeamhail liom ariamh. Ní leigfeadh sé dhom lámh a leagadh air dá muintearaighe dá rabhamar; acht thigeadh sé ar cuairt agam, agus chaitheadh tamall ’n‑a shuidhe i n‑áirde ar mo mhála chodalta agus mé féin mo luighe istigh ann.

An iorrudh ruadh ba dhoicheallaighe díobh ar fad. B’fhéidir gur shíl sí go raibh mé féin ró-mhór le n‑a sean-naimhdibh an luch agus an easóg; acht ar chaoi ar bith, ní thiocfadh sí i bhfoisgeacht deich slat dhíom go dtug mé bríb dhí. Lá dhom san mbaile mór, agus cheannuigheas luach dá phighinn go leith de chnódhaibh cuill. Bhris mé cuid díobh faoi m’fhiaclaibh féin agus chaith mé ceann díobh chuig an iorruidh. Ba mhór é [ 58 ]an t‑iongnadh táinic uirri. Imtheacht léithi faoi na crannaibh árda agus gan cuairt thabhairt orm arís choidhche—sin é cheap sí dhéanamh i dtosach. Acht mheall an cnó cuill sin í; bhí an chosamhalacht air go raibh sé an-mhilis... thosuigh sí ghá chogaint annsin ós comhair mo shúl.

Cuireadh a dtuigsint dom agus mé ag déanamh mór le míoltaibh an tsean-choiléir go nglacann gach cineál diobh bríb chomh réidh le constábla nó le comhairleóir conndae, acht an bhríb thoghadh i gceart....

* * *

Is aisteach an saoghal bhí agam féin agus ag na hainmhidhthe sa sean-choiléar nuair d’éirigh mé mór leó.

Acht mo léan! Ní ró-fhada mhair sé.

D’fhágainn mo chuid bidh idir arán agus feóil agus eile mar d’fhágfainn ar neamh í, gan ceapadh go raibh gaduidhe ná beitheamhnach ann. Cúig noiméad imthighte dhom lá, agus bhí leath-bhuilín glanta. Agus a dhaoire is tá an t‑arán!

An easóg bhradach sin, arsa mise liom féin; caithfidh mé smacht chur uirri....

Lá eile, chuir mé an lón isteach sa mála acht amháin roinnt cabáisde bhí ceannuighthe agam i gcóir mo dhinnéir: ár ndóigh is beag an ceapadh bhí agam, nuair chuaidh mé ar thóir cúpla punnt bagúin le cur leis an gcabáisde sa gcorcán, go mbéadh an cabáisde sguabtha nuair d’fhillfinn, acht bhí.

[ 59 ]Mo ghráin thú, a choinín bhradaigh, arsa mise, nach tú an cladhaire gaduidhe, agus mo chuid bhreith uaim, agus a mhuintearaighe is bhí mé leat ó thús. Acht fan! gheobhfaidh tú luach do shaothair uaim-se!

Bhí orm an baile mór thabhairt orm féin lá. Chuir mé a raibh de bhiadh agam isteach sa mála go cúramach. Sháith mé isteach faoi’n tom é, áit nach bhfeicfeadh an tsúil dhaonna ba ghéire dá raibh ann ariamh é. Shíl mé, nidh nach iongnadh, nach mbacfaidhe leis, agus go mbéadh an uile shórt ceart ann rómham ar fhilleadh dhom.

Mo chéad léan! bhí poll sa mála nuair d’fhill me—luach dhá sgilling déag de mhála bhreágh chodalta millte ’n‑aonlá amháin! Bhí an fheoil bhí istigh ann millte; níor fágadh de’n arán acht an crústa; an siúcra féin—bhí sé ithte ag na bitheamhnaighibh!

Chuir mé mo mhallacht orra uile go léir, idir easóg agus iorruidh agus luch agus coinín agus thugas na seacht mionn déag go mbainfinn mo shásamh asta uile.....

Nuair tháinic an coinín chugam ar maidin agus cosamhalacht air nach ndeárna sé urchóid le n‑a shaoghal, ba bheag an fháilte bhí agam roimhe. Shíl sé, is dócha, gur fonn grinn bhí orm nuair rugas greim air; acht nuair chas mé a mhuineál....

Is beag an ceapadh bhí ag aon cheann díobh go raibh mé thar éis cogadh fhógairt orra uile, acht bhí.