Page:An Crann Geagach.djvu/59

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

gcarnán cloch, agus muirighin mhór lag air; nead i dtom ag cineál luiche nach bhfeictear acht amháin i n‑áiteachaibh iarcúltha faoi’n spéir, agus cúig cinn de luchógaibh óga de chúram ar féin agus ar a chéile; coinín faiteach nár réidhtigh solus na gréine leis acht an oiread leis an ulchabhán féin.

Thosuigh mé ar an gcoinín agus—acht caithfidh mé innseacht go beacht cé’n chaoi ar éirigh mé mór leis an mbeithidheach sgáthmhar sin, agus leis na cinn eile, mar an gcéadna; mara ndéanfad é sin, ní thuigfear chomh cruaidh is chuaidh sé orm cogadh chur orra sa deireadh.

* * *

Ar an gcoinín shíl mé an chlúain chur i dtosach nuair bhí cáirdeas déanta agam le clannaibh na n‑eite.

Thug mé faoi deara nach n‑éirigheadh sé amach as a pholl aon oidhche go mbínn féin istigh ’mo mhála chodalta; dá mbéinn ’mo shuidhe, ní fheicfidhe é bhí sé chomh faiteach sin. Go deimhin is iomdha oidhche a chuaidh an créatúr bocht gan a shéire mar gheall orm féin.

Bhí biolar agam tráthnóna le mo chuid tae, agus chaitheas cuid de na bileógaibh, amach ag béal puill an choinín. Rinneas é sin d’aon úim le n‑a mhealladh amach.

Thainic sé. Sháith sé a ghobh amach i dtosach, mar bhéadh sé ag baluidheacht timcheall. Chonnacthas a cheann beag deaghchumtha, agus a dhá chluais i n‑áirde aige gan mórán moille; d’fhéach sé thart díreach is dá mbéadh sé ag

55