Mo ghráin thú, a choinín bhradaigh, arsa mise, nach tú an cladhaire gaduidhe, agus mo chuid bhreith uaim, agus a mhuintearaighe is bhí mé leat ó thús. Acht fan! gheobhfaidh tú luach do shaothair uaim-se!
Bhí orm an baile mór thabhairt orm féin lá. Chuir mé a raibh de bhiadh agam isteach sa mála go cúramach. Sháith mé isteach faoi’n tom é, áit nach bhfeicfeadh an tsúil dhaonna ba ghéire dá raibh ann ariamh é. Shíl mé, nidh nach iongnadh, nach mbacfaidhe leis, agus go mbéadh an uile shórt ceart ann rómham ar fhilleadh dhom.
Mo chéad léan! bhí poll sa mála nuair d’fhill me—luach dhá sgilling déag de mhála bhreágh chodalta millte ’n‑aonlá amháin! Bhí an fheoil bhí istigh ann millte; níor fágadh de’n arán acht an crústa; an siúcra féin—bhí sé ithte ag na bitheamhnaighibh!
Chuir mé mo mhallacht orra uile go léir, idir easóg agus iorruidh agus luch agus coinín agus thugas na seacht mionn déag go mbainfinn mo shásamh asta uile.....
Nuair tháinic an coinín chugam ar maidin agus cosamhalacht air nach ndeárna sé urchóid le n‑a shaoghal, ba bheag an fháilte bhí agam roimhe. Shíl sé, is dócha, gur fonn grinn bhí orm nuair rugas greim air; acht nuair chas mé a mhuineál....
Is beag an ceapadh bhí ag aon cheann díobh go raibh mé thar éis cogadh fhógairt orra uile, acht bhí.