An Crann Géagach/Cnoc mo Chroidhe

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An Crann Géagach by Pádraic Ó Conaire
Cnoc mo Chroidhe
[ 60 ]
CNOC MO CHROIDHE

Siar liom an Gleann, le bruach an Dá Loch, de shiubhal cos gan buadhairt gan imnidhe, acht ceól breagh aoibhinn ’mo chroidhe....

Bhí sé cúpla uair nó trí roimh ghealadh an lae, acht bhí solus mo dhóthain agam ó ré agus ó réaltógaibh, solus áluinn draoidheachta a líon an gleann. Dhá loch airgeadtha aoibhinn bhí san Dá Loch, na beanna borba thart orra go uaibhreach faoi sholus neamh-shaoghalta, na sean-teampuill agus an túr cruinn go glan gleóite i bhfad uaim, mar íomháigh d’fheictheá i mbrionglóid... tríd an sean-roilic chuadhas, le h‑ais an túir, agus nuair chualas an ghaoith ag caoineadh sna géagaibh, d’fháisg mé an cóta mór mo thimceall, bhain mé fad beag as mo choisméagaibh, agus marach go bhfuil orm an fhírinne ghlan innseacht deurfainn gur ghabh uamhan mé agus gur bhain mé as sna fásgaibh. Acht ní amhlaibh thárla.

Rinne mé an bealach siar idir an dá loch, agus ar bhruach thuaidh an locha dob’ fhuide siar gan deifir gan deabhadh acht mo chroidhe agus m’anam lán.... Ní raibh ainmhidhe ná éan ná feithide féin nach raibh ’n‑a chodladh gan gíog gan míog le clos uatha. Bhreathnuigh mé anonn uaim treasna an locha ar an áit a rinne Caoimhghín nead dhó féin; file agus file mór amháin a thoghfadh a leitheid d’áit chomhnuidhthe—cá [ 61 ]cá bhfios dúinn nach raibh féith na filidheachta i gCaitlín freisin, agus gur thogh sí an áit sin dhí féin sul má bhí fhios aici go raibh Caoimhghín ann?

Dá gcastaoi sean-phágánach liom, nó naomh nó abb ó’n tsean-aimsir, ní chuirfeadh sé aon iongnadh orm; nach raibh siad uile go léir annsin ’mo thimcheall dá mbéadh súile agam le n‑a bhfeiceál? Nach raibh mé féin ar nós duine bhéadh faoi dhraoidheacht, saoghal cruaidh cráidhte an lae indiu curtha uaim agam agus mé ag gluaiseacht liom trí shean-shaoghaltaibh aoibhne as ar díbrigheadh an t‑olc agus an urchóid?

Ar shroichint ceann an gleanna dhom d’fhéach mé soir uaim ar an mball áluinn a mhaisigh Dia agus duine. Chuir a áilneacht gheal ghlan sgannradh ar mo chroidhe. D’éaluigh paidir uaim....

* * *

Acht ní ró-fhada go raibh mo dhóthain mhór ar m’aire. An casán atá ag gabháil siar thar na sléibhte tá sé an-achrannach, agus chuaidh sé righte go leór liom bealach a dhéanamh. Marach an t‑eólas bhí agam san áit, is cinnte go gcaithfinn géilleadh agus fanacht i sgailp éigin go mbreacfadh an lá. Bhéadh sé sin cruaidh go leór orm, mar bhí sé socruighthe agam bheith ar mhullach an chnuic dob áirde dá raibh ann le fáinne an lae agus le éirghe gréine, go bhfeicfinn an ghrian ag éirghe aníos as an bhfairrge thoir uaim.

[ 62 ]Is iomdha tuirt agus truslóg baineadh asam sa tslighe, acht ní raibh aon nidh ag déanamh imnidhe dhom acht nach mbéinn ar mhullach na binne i n‑am. Bhí mé ag cur alluis go tiugh, bíodh is go raibh an oidhche roinnt fuar, agus maidir le tuirse... bhí mo chosa ar fuaidreamh uaim cuid mhaith de’n aimsir; uaireannta, bheirinn greim an fhir bháidhte ar thuim go ndéanfainn strapa-dóireacht i n‑aghaidh an chreagáin cloch bhí ar nós balla rómham amach. Uaireanta eile, sgiorainn anuas, cúpla feadh, agus marach ealadha na strapadóireachta bheith agam ó thús m’óige, is cinnte gur tinn briste bhéadh mo chnámha.

Tháinig mé ar nead éin. D’éirigh an chearc. Suas léithi sna spéarthaibh dubh-ghorma agus gach casaoid agus caoinead aici gur líon sí an fásach le n‑a caol-cheól cáinteach. Cé’n gnó bhí ag mo leithéid de dhuine bheith n‑a ríoghacht socair uaigneach an tráth sin d’oidhche?

Nuair bhíos fear leis féin san oidhche, ar dhruim sléibhe, ní hiongnadh liom céard dhéanfadh sé. Sheas mé ar mhullach carraige ag féachaint i n‑áirde uaim sna spéarthaibh ar an éan cáinteach bhí ag dul ó léargus orm, agus ag innseacht dhí céard thug an bealach mé....

* * *

Thosuigh mé ag cuimhneamh annsin céard déarfadh an Sasanach caol ruadh, an fear deisbhéalach cainnteach bhí ag cainnt liom an oidhche roimhe i dteach aoidheachta an ghleanna, thosuigh mé ag smaoineadh céard déarfadh sé dá mbéadh fhios [ 63 ]aige gur fhág mé mo leabaidh theólaidhe i lár na h‑oidhche le dul go bárr cnuic leis an ngrian fheiceál ag éirghe....

Chuaidh an ghealach faoi. Múchadh cuid mhór de na réaltógaibh. Bhí fuacht agus ciúineas an tsaoghail ann, acht bhí mé ar an mullach roimh bhreacadh an lae liom péinín féin....

* * *

Ní fios dom anois féin cé’n t‑ainm atá ar an gcnoc agus is beag nach cuma liom: ní thiubhraidh mise aon ainm air choidhche acht Cnoc mo Chroidhe. Tá carn cloch n‑a bhárr; chuir mé féin cloch leis, agus annsin bhuail mé fúm ar an bhfosgadh ann, go gcaithfinn mo chuid, go leigfinn mo sgíth, agus go bhfeicfinn an mhíorúilte laetheamhail i an lá ag breacadh, an solus ag fágháil tréise ar an doircheacht.

Bhí mé buidheach díom féin gur thugas mo sháith aráin agus feóla liom; bhí mé ró-bhuidheach gur fhág mé braon beag sa mbuidéal—dar cumhacht fear nÉireann! Bhí gábhadh agam leis....

Thosuigh Dia ar a mhíorúilte laetheamhail....

Soir uaim, ag bun na spéire, bhí gealadh beag le tabhairt faoi deara ag súil ghéir. Ní raibh acht mar bheadh braonacha beaga soluis dá ndóirteadh anuas as na réaltógaibh, dá sgapadh san aibheagán dubh dorcha, agus dá bhánughadh i ndiaidh a chéile. Ní bhéadh ort acht do shúile dhúnadh ar feadh aon noiméidín amháin agus nuair d’osglóchthá arís iad, d’fheictheá an ghileacht nuadh, ní amháin ar bun na spéire thoir, acht [ 64 ]thart timcheall ort ’ch uile áit. An charraig nó an tor bhí mór dubh bagarthach noiméad roimhe, bhí a chrot agus a dhath féin ag teacht air i ndiaidh chéile....

Thosuigh éan sléibhe ag cantan; ag clamhsán ba chóra a rádh b’fhéidir—cantal bhí air shíltheá gur dúisigheadh chomh moch sin é.

Chonnaic mé an fhairrge ghlas—is minic chonnaic mé an dath céadna ar éadan cuirp.... acht na néalta ómracha bhí ag bun na spéire thoir, ní fada gur thosuigheadar ag éirghe corcra, ní fada gur athruigh dath na fairrge freisin go raibh dath an airgid uirri.

D’éirigh aon gha amháin óir aníos as an bhfairrge airgeadtha seo, agus sháith na néalta. Ga eile agus ga eile, ga i ndiaidh gae gan aon dá gha díobh dhá mheasgadh ar a chéile....

Éan i n‑áirde uaim agus é le feiceál go soiléar ós mo chíonn sna spéarthaibh geala ag cur a chroidhe amach le aoibhneas. Loch órdha crochta ós cionn na fairrge sna néaltaibh, agus é ghá ruadhadh agus ghá ruadhadh, ghá dheargadh agus ghá dheargadh ós comhair do shúl.

Tháinic Rí an Lae féin go tobann agus go maordha aníos as an bhfairrge, gur líonadh an tír leis an solus áluinn, gur líonadh mo chroidhe le aoibhneas agus le grádh....

* * *

Chuala mé an ceól i bhfogus dom—an ceól taithneamhach daonna.

D’éirigh mé go tobann agus d’fhéach mé thart orm go bhfeicfinn cé bhí liom annsin ar mhullach an tsléibhe le éirghe gréine; agus céard [ 65 ]d’fheicfinn annsin ar mhullach an chairn acht fear caol ruadh agus é ag cur dhe ar a míle dhíthcheall. Dán uasal Béarla bhí ar siubhal aige agus é ag fáiltiú roimh an ngréin....

Cé bhéadh ann acht an Sasanach caol ruadh casadh liom sa teach aoidheachta agus é ag cur a chroidhe amach le aiteas! Nuair bhí an greas filidheachta ráidhte aige d’iompuigh sé orm.

“Beirt fhile ar mhullach sléibhe le h‑éirghe lae,” ar seisean, agus bhí se fánach agamsa bheith ag iarraidh chur i dtuigsint dó nach file bhí ionnam féin....