Jump to content

An Crann Géagach/Crann na Croiche

From Wikisource
96432An Crann Géagach — Crann na CroichePádraic Ó Conaire
[ 66 ]
CRANN NA CROICHE

Cúpla mí ó shoin bhíos ag imtheacht liom ar mo chúrsa i bhfoisgeacht leith-chéad míle do Bhaile Átha Cliath. Ní raibh aon ghléas iomchuir agam acht chárrín asail, agus bhíos féin agus m’asal bocht cantalach le brothall mór an lae. Uaireannta, chuireadh sé céad slat de’n bhóthar leathan bán de, ar nós eilite maoile—creabhair agus míoltóga bhíodh ghá ghríosadh; uaireannta eile, ba leisg leis cos a chur thar an gcois eile acht a cheann a dhul suas agus anuas, suas agus anuas ar nós bréagáin páisde. Ní fhéadfadh aon fhear i nÉirinn é mhealladh chun siubhail nuair bhuaileann an taom leisgeamhail sin é. Thugas féin bata dhó; thugas deágh-chainnt agus droch-chainnt dhó; thugas na seacht mionn déag is deireannaighe dár chum mé féin dhó, isteach n‑a chluais; shíleas é mhealladh le filidheacht agus le feadghail, acht dá mbéinn leis go dtí an lá atá indiu ann, ní ghlacfadh sé comhairle ná brostughadh uaim.

Thugas cead cinn dó, agus ghluais linn go mall roighin ar a nós aisteach féin.

Ní minic bhíos mé féin agus m’asal beag dubh ar aon chomhairle, acht nuair tháiniceamar ar chrann mór bhí ag fás leath taobh an bhóthair bhí an t‑aon smaoineadh amháin againn .i. a dhul isteach ar a fhosgadh agus ár sgíth agus ár dtuirse a leigint.

[ 67 ]Rinneamar amhlaidh. Bhaineas an cárrín de’n asal. Chruinnigheas brosna. D’fhaduigheas teine. Chuireas canna beag d’fhíor-uisge ar fiuchadh ós a cionn. Chaith mé mé féin ar chnámh mo dhroma sa bhféar go raibh mé ag féachaint suas uaim sa duilleabhar tiugh ar mo shuaimhneas.

Crann liobháin bhí sa gcrann, agus ní fhacas a leithéid ariamh ar thoirt ná ar aoirde. Bhí cuid de na géagaibh chomh toirteamhail le aon chrann daraigh dá bhfacas ’mo dhúithche féin ariamh; agus bhí an duilleabhar chomh tiugh sin ar an gcrann is nach bhfeictheá an spéir ós do chionn. Bhí fosga agus fionnfhuaracht agam ann, ádhbhar maith béile ar an teine, tobac chumhartha sa bpíopa agam, acht ar bhealach éigin ní rabhas ar mo shocamhlacht san áit. Bhíos ag éirghe mí-shuaimhneach faoi rud éigin agus ní raibh a fhios agam cé’n rud é.

Shíleas an bhuairt a chaitheamh dhíom acht níor éirigh liom. Cheapas go raibh draoidheacht éigin ag baint leis an áit, gur crann draoidheachta bhí ós mo chionn, go raibh sé ann ó thús aimsire, go seasfadh sé annsin go deireadh saoghail, go raibh sé n‑a mhaighistir ar an uile rud a rugadh agus ar a mbéarfidhe....

Bhí an crann n‑a mhaighistir ormsa. Faoi dhó cheapas imtheacht liom ó’n áit acht níor fhéadas é. Bhíos greamuighthe ann. Bhí greim ag an gcrann orm; é ag cur i dtuigsint dom cé’n aois mhór bhí aige, cé’n toirt iongantach bhí ann, cé’n diabhlaidheacht chonnaic sé ó thús.

Ní ró-fhoighdeach d’éisteas le sgéal an chrainn.... D’iompuighinn ar mo leath-uillinn agus d’fhéachainn isteach sa teine d’fhaduigheas, ionnos [ 68 ]nach bhféadfadh sgéal an chrainn méadughadh ar mo bhrón agus ar mo dhoiligheas; acht ní fada d’fheadfainn fanacht ar an dóigh sin. Chuireadh an crann íallach orm dearcadh air, smaoineadh air, éisteacht leis féin agus le n‑a sgéal. A aois, a aoirde, a mhaordhacht, dathamhlacht a chuid duilleabhair, cruadhas a chuid adhmuidh, an deágh-fhosga bhí faoi, na h‑iongantais thárla i bhfogus dó—chuir an crann i gcéill dhom iad uile go léir, go raibh mé féin agus an crann ar aon chiall agus ar aon anam....

Bhí fear ag gabháil an tslighe—sean-fhear lúbach féasógach feósaidhe agus dá mhaide faoi; marach go mbéadh a fhios ag duine nach bhféadfadh sean-fhear bheith chomh ársa le sean-chrann, cheapthá go raibh seisean chomh sean leis an liobhán bhí ós mo chionn.

Bheannuigheas do’n seanóir de réir na h‑aimsire bhí ann.

D’osgail sé a bhéal pislíneach. Chonnaiceas a dhraid mhanntach agus é dhom fhreagairt:

“An crann sin”—ar seisean agus thiubhrthá an leabhar go mb’é taidhbhse an chrainn é, “an crann sin—tá sé níos sine ná aon rud eile atá beó ar thalamh na hÉireann indiu. Crann na Croiche tugtar air.”

“Crann na Croiche?”

“Seadh. Crochadh na céadta as an ngéagán mhór sin ós do chionn. Sa mbliadhain ’98, chonnaic mo shean-mháthair ochtar fear crochta as maidin bhreágh gréine. B’uathbhásach an feic iad agus cnáib faoi mhuineál gach duine díobh. Is minic adubhairt sí liom...”

[ 69 ]Níor fhanas go n‑innseóchadh sé dhom céard dubhairt a shean-mháthair. Bhailigheas chugann mo chuid oirnéis, chuireas m’asal beag dubh faoi’n gcarrín agus ghluais liom ar mo bhealach, mé féin agus an sean-fhear manntach lúbach feósaidhe.

Crann na Croiche... ocht gcéad bliadhain d’aois... n‑a chrann sul ar fhág Normánach cos ar thalamh na nÉireann... an rud beó is sine dá bhfuil againn—an iongnadh é gur chuir tú sgáth agus draoidheacht orm, a chrainn, agus mé ag iarraidh mo chuid bidh a ghléasadh, agus mo sgíth a leigint faoi do ghéagaibh móra diabhalta?

* * *

Sgathamh n‑a dhiaidh sin bhíos sa limistéir céadna. Bhíos gan codladh ar feadh dhá oidhche le buairt agus le doilgheas croidhe, agus ó bhí an aimsir go háluinn bhuaileas amach timcheall ’s meadhon oidhche le spaisdeóireacht a dhéanamh. Shiubhlas bogaigh agus bánta, bóithre móra agus aithghiorraí sléibhe, agus ní dhéarnas comhnaidhe go raibh mé ’mo shuidhe faoi bhun an chrainn, faoi bhun Chrainn na Croiche.

Cé’n draoidheacht atá agat orm a Chrainn na Croiche? Molaim do mhaordhacht; molaim an aois mhór atá agat; molaim do thoirt agus t’aoirde; umhluighim dhuit a chrainn ársa diabhalta as ar crochadh na céadta fear! Ní mholaim do thoradh, a chrainn; sgaoil díom agus na bí dom’ thabhairt annseo feasda, a bhile sheasmhaigh....

[ 70 ]Oidhche spéir-ghealaighe bhí ann. Duilleabhar feósaidhe an chrainn faoi mo chosaibh; an dúithche thart orm n‑a loch airgeadtha le soillse na gealaighe; gan smathamh as an spéir; gan ceól ó éan ar chraoibh, gan gíog ó mhíol ar thalamh, acht an domhan mór luchtaighthe le draoidheacht agus le áilneacht na hoidhche....

D’éirigheas ’mo sheasamh. Cor dá dtugas agus thosuigh an duilleabhar feósaidhe agus an brosna ag giosgán fúm ar nós aisteach brónach. Níor thugas aon áird ar an gceól doilgheasach seo ar feadh tamaill, acht mé ag imtheacht anonn ’s anall, anonn ’s anall ag iarraidh mo sgéal cruaidh féin a réidhteach agus gan a réidhteach le fághail agam.

Acht de réir a chéile thosuigheas ag baint meabhair agus ciall as ceól ait na mbileóg feósaidhe bhí faoi mo chosaibh. Tháinic cainnt chuca mar adéarthá, agus seo é an port bhí aca:

“Sinne-ne toradh an Chrainn; sinn-ne toradh Crainn diabhalta na Croidhe; sinn-ne taidhbhsí na ndaoine crochadh as a géagaibh.”

D’fhéachas thart agus sgáth orm. Solus na gealaighe ba chionntach leis b’féidir, agus b’fhéidir nárbh é, acht ar chaoi ar bith, d’fhacthas dom go raibh corp ar crochadh as gach teannghéag de ghéagaibh Crainn na Croiche...

D’éaluigheas liom ó’n áit...

An oidhche sin, nó go moch ar maidin, bhíos ag comhrádh le fear tuigsionach ar an tsráid-bhaile atá comhgarach do Chrann na Croiche. Cídhtear na hiongantais ann go minic dubhairt sé liom:

[ 71 ]“Agus tá sé ráidhte,” ar seisean, “nach mbeidh rath arís ar Éirinn go bhfeicfear an Crann mallaighthe céadna sin ar lár.”

“’Tuige nach leagtar é mar sin?” arsa mise.

“Ní bheadh aon bhuaidh annsin,” ar seisean, “caithfidh sé tuitim uaidh féin.”

* * *

Crann na Croiche ar lár! An bile sheas talamh le ocht gcéad bliadhan má’s fíor na seanchaidhthe agus lucht crann-eólais—agus táid ar aon fhocal—an bile maordha sin agus a bhileóg uachtarach buailte le talamh!

* * *

An oidhche dheire chuadhas an bealach, mé féin agus mo charrín asail, acht níor éirigh liom dhul isteach ar an tsráid-bhaile mar a raibh mo thriall.

An chéad uair chuadhas an bealach chuir Crann maordha na Croiche cosg liom mar b’éigin dom dhul ar a fhosgadh ó bhrothall an lae; an uair dheire seo chuir sé cosg liom, mar bhí sé n‑a luidhe annsin treasna an bhóthair rómham.

Bhí meitheal fear ag obair ar shean-chabhail thoirteamhail an Chrainn le sábhaibh agus le tuaghaibh agus le órdaibh ghá ghearradh agus ghá sgoilteadh agus ghá lomadh; gach fear aca n‑a léine ag obair go díthcheallach le solus na lóchrann; gan focal ag aon fhear acht na sábha móra faobhracha ag gearradh na ngéag agus ag ithe isteach sa gcabhail mhóir.

[ 72 ]B’iongantach bheith féachaint orra ag obair annsin i ndubh-dhorchadas na hoidhche díreach is dá mbeidís ag iarraidh díoghaltas a bhaint de shean-namhaid. Leis an solus aisteach bhí ann, shíltheá go raibh gach fear díobh, agus gach gléas gearrtha dá raibh aige níos mó faoi dhó ná bhí.

Bhí an sean-fhear feasógach manntach ann—é siúd casadh liom an lá brothallach agus mé faoi dhraoidheacht ag Crann na Croiche.

“An é an chaoi gur gearradh an crann?” arsa mise.

“Ní a ghearradh a rinneadh,” ar seisean, “acht a leagadh. Agus ní le saothar fear a leagadh é acht oiread. Lámh Dé rinne an obair sin. Thuit sé aréir. Nach uathbhásach an gála bhí ann agus bile ocht gcéad bliadhan a leagadh?”

D’fhéachas ar Chrann na Croiche, áit a raibh sé gearrtha n‑a dhá leith. D’fhéadthá poll a tholladh thríd, agus mo chárrín asail a thíomáint isteach ann. Agus an ghéag mhór as a gcrochtaidhe na fir, bhí sí n‑a luidhe annsin leath-taobh de’n tslighe agus páisdí sgoile ag marcaidheacht uirthi.

Chuir an sean-fhear féasógach ruaig orra.

Labhair sé liom féin.

“Tiocfaidh rath ar Éirinn anois,” ar seisean “ó tá an bitheamhnach sin ar lár,” agus bhuail an sean-fhear buille nimhneach ar an gCrann bhí sa talamh ó tháinic na Gaill anoir chugainn i dtosach amhail is go mba namha beó bhí aige ann....

[ 73 ]An oidhche sin, léigheas ar an bpáipéar nuaidheachta gur imthigh fear as Éirinn go dtí a thír féin—fear nár thuill buidheachas ná beannacht ár gcinidh; imtheacht an fhir agus imtheacht an Chrainn—cé deirfeas liom nách raibh baint ag an dá sgéal le chéile?