Jump to content

Page:An Crann Geagach.djvu/71

From Wikisource
This page has been validated.

Rinneamar amhlaidh. Bhaineas an cárrín de’n asal. Chruinnigheas brosna. D’fhaduigheas teine. Chuireas canna beag d’fhíor-uisge ar fiuchadh ós a cionn. Chaith mé mé féin ar chnámh mo dhroma sa bhféar go raibh mé ag féachaint suas uaim sa duilleabhar tiugh ar mo shuaimhneas.

Crann liobháin bhí sa gcrann, agus ní fhacas a leithéid ariamh ar thoirt ná ar aoirde. Bhí cuid de na géagaibh chomh toirteamhail le aon chrann daraigh dá bhfacas ’mo dhúithche féin ariamh; agus bhí an duilleabhar chomh tiugh sin ar an gcrann is nach bhfeictheá an spéir ós do chionn. Bhí fosga agus fionnfhuaracht agam ann, ádhbhar maith béile ar an teine, tobac chumhartha sa bpíopa agam, acht ar bhealach éigin ní rabhas ar mo shocamhlacht san áit. Bhíos ag éirghe mí-shuaimhneach faoi rud éigin agus ní raibh a fhios agam cé’n rud é.

Shíleas an bhuairt a chaitheamh dhíom acht níor éirigh liom. Cheapas go raibh draoidheacht éigin ag baint leis an áit, gur crann draoidheachta bhí ós mo chionn, go raibh sé ann ó thús aimsire, go seasfadh sé annsin go deireadh saoghail, go raibh sé n‑a mhaighistir ar an uile rud a rugadh agus ar a mbéarfidhe....

Bhí an crann n‑a mhaighistir ormsa. Faoi dhó cheapas imtheacht liom ó’n áit acht níor fhéadas é. Bhíos greamuighthe ann. Bhí greim ag an gcrann orm; é ag cur i dtuigsint dom cé’n aois mhór bhí aige, cé’n toirt iongantach bhí ann, cé’n diabhlaidheacht chonnaic sé ó thús.

Ní ró-fhoighdeach d’éisteas le sgéal an chrainn.... D’iompuighinn ar mo leath-uillinn agus d’fhéachainn isteach sa teine d’fhaduigheas, ionnos

67