B’iongantach bheith féachaint orra ag obair annsin i ndubh-dhorchadas na hoidhche díreach is dá mbeidís ag iarraidh díoghaltas a bhaint de shean-namhaid. Leis an solus aisteach bhí ann, shíltheá go raibh gach fear díobh, agus gach gléas gearrtha dá raibh aige níos mó faoi dhó ná bhí.
Bhí an sean-fhear feasógach manntach ann—é siúd casadh liom an lá brothallach agus mé faoi dhraoidheacht ag Crann na Croiche.
“An é an chaoi gur gearradh an crann?” arsa mise.
“Ní a ghearradh a rinneadh,” ar seisean, “acht a leagadh. Agus ní le saothar fear a leagadh é acht oiread. Lámh Dé rinne an obair sin. Thuit sé aréir. Nach uathbhásach an gála bhí ann agus bile ocht gcéad bliadhan a leagadh?”
D’fhéachas ar Chrann na Croiche, áit a raibh sé gearrtha n‑a dhá leith. D’fhéadthá poll a tholladh thríd, agus mo chárrín asail a thíomáint isteach ann. Agus an ghéag mhór as a gcrochtaidhe na fir, bhí sí n‑a luidhe annsin leath-taobh de’n tslighe agus páisdí sgoile ag marcaidheacht uirthi.
Chuir an sean-fhear féasógach ruaig orra.
Labhair sé liom féin.
“Tiocfaidh rath ar Éirinn anois,” ar seisean “ó tá an bitheamhnach sin ar lár,” agus bhuail an sean-fhear buille nimhneach ar an gCrann bhí sa talamh ó tháinic na Gaill anoir chugainn i dtosach amhail is go mba namha beó bhí aige ann....