Page:An Crann Geagach.djvu/69

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

d’fheicfinn annsin ar mhullach an chairn acht fear caol ruadh agus é ag cur dhe ar a míle dhíthcheall. Dán uasal Béarla bhí ar siubhal aige agus é ag fáiltiú roimh an ngréin....

Cé bhéadh ann acht an Sasanach caol ruadh casadh liom sa teach aoidheachta agus é ag cur a chroidhe amach le aiteas! Nuair bhí an greas filidheachta ráidhte aige d’iompuigh sé orm.

“Beirt fhile ar mhullach sléibhe le h‑éirghe lae,” ar seisean, agus bhí se fánach agamsa bheith ag iarraidh chur i dtuigsint dó nach file bhí ionnam féin....

65