thart timcheall ort ’ch uile áit. An charraig nó an tor bhí mór dubh bagarthach noiméad roimhe, bhí a chrot agus a dhath féin ag teacht air i ndiaidh chéile....
Thosuigh éan sléibhe ag cantan; ag clamhsán ba chóra a rádh b’fhéidir—cantal bhí air shíltheá gur dúisigheadh chomh moch sin é.
Chonnaic mé an fhairrge ghlas—is minic chonnaic mé an dath céadna ar éadan cuirp.... acht na néalta ómracha bhí ag bun na spéire thoir, ní fada gur thosuigheadar ag éirghe corcra, ní fada gur athruigh dath na fairrge freisin go raibh dath an airgid uirri.
D’éirigh aon gha amháin óir aníos as an bhfairrge airgeadtha seo, agus sháith na néalta. Ga eile agus ga eile, ga i ndiaidh gae gan aon dá gha díobh dhá mheasgadh ar a chéile....
Éan i n‑áirde uaim agus é le feiceál go soiléar ós mo chíonn sna spéarthaibh geala ag cur a chroidhe amach le aoibhneas. Loch órdha crochta ós cionn na fairrge sna néaltaibh, agus é ghá ruadhadh agus ghá ruadhadh, ghá dheargadh agus ghá dheargadh ós comhair do shúl.
Tháinic Rí an Lae féin go tobann agus go maordha aníos as an bhfairrge, gur líonadh an tír leis an solus áluinn, gur líonadh mo chroidhe le aoibhneas agus le grádh....
* * *
Chuala mé an ceól i bhfogus dom—an ceól taithneamhach daonna.
D’éirigh mé go tobann agus d’fhéach mé thart orm go bhfeicfinn .cé bhí liom annsin ar mhullach an tsléibhe le éirghe gréine; agus céard