Is iomdha tuirt agus truslóg baineadh asam sa tslighe, acht ní raibh aon nidh ag déanamh imnidhe dhom acht nach mbéinn ar mhullach na binne i n‑am. Bhí mé ag cur alluis go tiugh, bíodh is go raibh an oidhche roinnt fuar, agus maidir le tuirse... bhí mo chosa ar fuaidreamh uaim cuid mhaith de’n aimsir; uaireannta, bheirinn greim an fhir bháidhte ar thuim go ndéanfainn strapa-dóireacht i n‑aghaidh an chreagáin cloch bhí ar nós balla rómham amach. Uaireanta eile, sgiorainn anuas, cúpla feadh, agus marach ealadha na strapadóireachta bheith agam ó thús m’óige, is cinnte gur tinn briste bhéadh mo chnámha.
Tháinig mé ar nead éin. D’éirigh an chearc. Suas léithi sna spéarthaibh dubh-ghorma agus gach casaoid agus caoinead aici gur líon sí an fásach le n‑a caol-cheól cáinteach. Cé’n gnó bhí ag mo leithéid de dhuine bheith n‑a ríoghacht socair uaigneach an tráth sin d’oidhche?
Nuair bhíos fear leis féin san oidhche, ar dhruim sléibhe, ní hiongnadh liom céard dhéanfadh sé. Sheas mé ar mhullach carraige ag féachaint i n‑áirde uaim sna spéarthaibh ar an éan cáinteach bhí ag dul ó léargus orm, agus ag innseacht dhí céard thug an bealach mé....
* * *
Thosuigh mé ag cuimhneamh annsin céard déarfadh an Sasanach caol ruadh, an fear deisbhéalach cainnteach bhí ag cainnt liom an oidhche roimhe i dteach aoidheachta an ghleanna, thosuigh mé ag smaoineadh céard déarfadh sé dá mbéadh fhios