Tír na n-Iongantas/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XXI
[ 45 ]

XXI.

Maidir le Máire Ḃáin, nuair nár ḟéad sí congḃáil suas leis an seanleoman agus a ṁarcac is rí-ḃeag nár ṫuit an t-anam aisti. Ḃí sí strompaiġṫe leis an saoṫar ċuir sí uirṫi féin ag iarraiḋ ḃeiṫ ag sodar n-a ndiaiḋ agus ag glaoḋaċ orṫa. Aċt nuair ċonnaic sí ag dul ó léargus uirṫi iad faoi na crannaiḃ árda b’éigin di suiḋe agus a seandreas guil a ḋéanaṁ.

Ḃí an calín beag i gcruaḋ-ċas i ndáríriḃ. Ḃí sí istiġ i láir na foraoise duaiḃsiġe agus an oiḋċe ag [ 46 ]tuitim agus gan aon tsúil aice go bfeicfeaḋ sí a ḋearḃraṫáir ionṁuin arís ċoiḋċe. Cailín aonraic ḃí innti gan bréag, cailín aonraic gan aṫair gan máṫair gan dearḃraṫáir féin. Ḃeaḋ carġaois ar ḋuine breaṫ- nuġaḋ uirṫi agus í n-a suiḋe ar an talaṁ gan biaḋ gan deoċ gan aon rud aċt í faoi ḃuairt agus faoi eagla.

Ní raiḃ ḟios aici cé na beiṫiḋiġ allta ċoṁnaiġ san ḃforaois uaigniġ seo, agus de réir mar ḃí an oiḋċe ag tuitim, ba ṡoiléir ḋi cé ’n ċontaḃairt ṁóir n-a raiḃ sí. Nuair a tuiteaḋ toraḋ anuas ó’n ngéig ċeapaḋ sí go raiḃ sí i ngreim ag ainṁiḋe uaṫḃásaċ éigin. Ḃí a súile tinn ó ḃeiṫ ag caoineaḋ agus ag síor ḟéaċaint n-a timċeall agus b’ḟacṫas di go raiḃ rud uaṫḃásaċ ar ċúl gaċ crainn. Ċuala sí torann mór i gcéin Na leoṁain árd-ġlóraċa ar lorg biḋ ċeap sí ḃeiṫ ann. Aċt níorḃ iad, aċt na tonntraċa móra dá mbriseaḋ féin ar an tráiġ!

Ḃí poll cartaiġṫe ag beiṫiḋeaċ éigin faoi ḃun crainn i ngar di. Ṡín sí í féin ann, agus ċlúdaiġ sí í féin le billeóga feósaiḋe. Ní raiḃ innti coisméag eile a ṫaḃairt dá ḃfuiġeaḋ sí saoġal fada faoi ṡog air. B’féidir gur ṫuit néal beag codalta uirṫi sa bpoll sin; ar ċaoi ar biṫ baineaḋ geit aisti gan mórán aċair. Ḃí an oiḋċe ann faoi seo agus na céadá beiṫiḋeaċ beag timċeall uirṫi. Leig sí sgread agus má ḃí sgannraḋ ar an gcailín beag ba ṁó ná sin an sgannraḋ ċuir sise ar na míolta beaga oiḋċe. Ṫugadar go na bonnaiḃ é go sgiobṫa. Aċt dá ṁéid a tuirse ní baoġal gur ṫuit aon néal eile uirṫi.

Is ar éigin d’aiṫneóċṫá an oiḋċe ṫar an ló san ḃforaois seo. Ba ṁó an solus ḃíoḋ ann san oiḋċe go minic, nar ní raiḃ aon ċur-síos ar an lear mór feiṫidí ḃí ann agus cineál lóċrain ḃig ar ḋruim gaċ cinn díḃ. Ní solus mór a ḃí ó aon ċeann aca. Is corr-lóċran díḃ ḃí níos mó ná ceann bioráin ṁóir, aċt ní ċreidṫeá aċt an solus aoiḃinn ḃí le faġail uaṫa, go mór-ṁór nuair ḃíoḋ an ċuid díḃ i n-aice le ċéile. Dá mbeaḋ leaḃar agus cló maiṫ ann níorḃ ṁór an stróṁ ar ḋuine a léiġeaḋ aċt cromaḋ ar an talaṁ ar [ 47 ]caoi go mbeaḋ an solus ar an mbilleóig. Agus ní ar an talaṁ aṁáin ḃíodar. Ḃí cuid aca ann ḃí i n-ann eiteall, agus cuid eile ḃí i n-ann léim fiċe troiġ a ṫaḃairt. Ní raiḃ na lóċrain bídeaċa ḃí ar iomċur ag na feiṫidiḃ seo ar aon ḋaṫ aċt an oiread. Ní raiḃ daṫ dar facṫas ó ġeall Dia súile do’n ċineaḋ daonna naċ raiḃ orṫa, ṡílṫeá. Ba ċosaṁail le realtóga beag beoḋa ioldaṫaċa a mbeaḋ luas teinntriġe fúṫa iad. Dá ṁéad an t-uaṁan ḃí ar Ṁáire Ḃáin i dtosaċ, ṫáinig aoiḃneas ar a croiḋe ag féaċaint ar an raḋarc fíor-áluinn seo ḋi.

Ní ró-ḟaḋa gur ṫug an cailín beag faoi deara go raiḃ ainṁiḋṫe eile seaċas na feiṫidí soillseaċa seo n-a gar. Ṫosaiġ clanna na hoiḋċe ar a gcuid saoṫair. Ṫáinig coiníní faiteaċa amaċ, agus uḃlaċáin ċáinteaċa, agus liabóga leaṫair, agus seilmeidí móra boga, agus moilí dalla, agus bailiġeadar timċeall ar an eaċtrannaċ mar ḃailiġeaḋ féileacáin timċeall ar ṡolus coinle.

Na háilleáin ioldaṫaċa ḃioḋ ag eiteall n-a timċeall is mo ċuir aoiḃneas ar Ṁáire Ḃáin. Ġlac sí truaiġ dóiḃ nuair a ṫug sí faoi deara gur ar a dtóir ḃí na liaboga agus naċ raiḃ uaṫa aċt a slugaḋ idir solus agus eile. Rug sí ar ṡlait, agus gaċ aon liabóg a ṫiocaḋ n-a gar d’amsiġeaḋ sí í. Ċaiṫ sí treiṁse maiṫ leis an obair seo ag leadraḋ na liabóg agus gá sgannraḋ le glórṫaiḃ béil.

Is dóċa gur ṫuirsiġ an saoṫar seo í mar ṫuit a codlaḋ uirṫi go tobann agus nuair a ḋúisiġ sí ḃí an maidneaċan ann agus an coṁluadar ḃí aici ar fead na hoiḋċe imṫiġṫe. Ní raiḃ ceann aca le feiceál aċt an oiread is naċ mbeidís ann ariaṁ. Ní raiḃ le feiceál aici aċt na crainn ṁóra agus duilleaḃar tiuġ nar leig solus na gréine isteaċ san doire aċt faoi ṁeaḋon lae.

Ní ċreidfeaḋ sí naċ ag brionglóidiġ ḃí sí, agus táinig iongantas uirṫi gur eiriġ leis na liabógaiḃ na feiṫidí solusṁaire uile go léir a ṡlugaḋ n-a mbeaṫa.