Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/53

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

45

a ċeann, ċraiṫ sé a ṁong ṁór lomraċ, d’eiriġ a iarball n-a ċolg-ṡeasaṁ agus ċuir sé aon ġlam aṁáin de ḃain an mac-alla as taoḃaiḃ na pluaise agus a ċuir uaṫḃas croiḋe ar a ál.

Níor ḃacadar a ṫuilleaḋ leis an mBúrla. Ḃaineadar na cúinní ba ḋorċa agus b’iargcúlṫa amaċ, agus d’ḟanadar annsin ag deanaṁ trosgaiḋ agus bróin go raiḃ sé n-a oiḋċe,

Ḃí codlaḋ ar an sean-leoṁan. B’ḟéidir gur ag brionglóidiġ ar na caṫaiḃ cróda ṫug sé n-a óige ḃí sé nuair ċuir sé a ġlam ḋe. Ċaiṫ sé é féin ar a ḋruim, agus ċuir sé a ċeiṫre gcos i n-áirde san aér mar ḃeaḋ sé ag iarraid aṫċuinge. Ḃain sé casaḋ eile as féin, ċuir sé géag leis timċeall ar an mBúrla, agus ṫeann sé isteaċ leis é go raiḃ an ṁong ṁór ġá ċlúdaċ, go raiḃ an driṫle agus an spréaċarnġail uaṫḃásaċ ḃíoḋ le feiceál i rúiliḃ an tsean-leoṁain ag tollaḋ ḋá ṗoll ṫrí inċinn ḟaitċiġ an Ḃúrla, go raiḃ srón agus cab mór an ḃeiṫiḋiġ ṁilltiġ buailte le leicinn an ġasúir ḃig; do ṫeann agus do ṫeann agus do ṫeann— aċt múċaḋ an solus ḃí i súiliḃ fíocṁara an leoṁain; sgaoileaḋ an greim ḃí aige ar an ngasúr roinnt; dúnaḋ an cab craosaċ; dúnaḋ na súile soillseaċa....

Ḃí riġ mór na foraoise agus a ṗeata n-a gcodlaḋ.


XXI.

Maidir le Máire Ḃáin, nuair nár ḟéad sí congḃáil suas leis an seanleoman agus a ṁarcac is rí-ḃeag nár ṫuit an t-anam aisti. Ḃí sí strompaiġṫe leis an saoṫar ċuir sí uirṫi féin ag iarraiḋ ḃeiṫ ag sodar n-a ndiaiḋ agus ag glaoḋaċ orṫa. Aċt nuair ċonnaic sí ag dul ó léargus uirṫi iad faoi na crannaiḃ árda b’éigin di suiḋe agus a seandreas guil a ḋéanaṁ.

Ḃí an calín beag i gcruaḋ-ċas i ndáríriḃ. Ḃí sí istiġ i láir na foraoise duaiḃsiġe agus an oiḋċe ag