Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/54

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

46

tuitim agus gan aon tsúil aice go bfeicfeaḋ sí a ḋearḃraṫáir ionṁuin arís ċoiḋċe. Cailín aonraic ḃí innti gan bréag, cailín aonraic gan aṫair gan máṫair gan dearḃraṫáir féin. Ḃeaḋ carġaois ar ḋuine breaṫ- nuġaḋ uirṫi agus í n-a suiḋe ar an talaṁ gan biaḋ gan deoċ gan aon rud aċt í faoi ḃuairt agus faoi eagla.

Ní raiḃ ḟios aici cé na beiṫiḋiġ allta ċoṁnaiġ san ḃforaois uaigniġ seo, agus de réir mar ḃí an oiḋċe ag tuitim, ba ṡoiléir ḋi cé ’n ċontaḃairt ṁóir n-a raiḃ sí. Nuair a tuiteaḋ toraḋ anuas ó’n ngéig ċeapaḋ sí go raiḃ sí i ngreim ag ainṁiḋe uaṫḃásaċ éigin. Ḃí a súile tinn ó ḃeiṫ ag caoineaḋ agus ag síor ḟéaċaint n-a timċeall agus b’ḟacṫas di go raiḃ rud uaṫḃásaċ ar ċúl gaċ crainn. Ċuala sí torann mór i gcéin Na leoṁain árd-ġlóraċa ar lorg biḋ ċeap sí ḃeiṫ ann. Aċt níorḃ iad, aċt na tonntraċa móra dá mbriseaḋ féin ar an tráiġ!

Ḃí poll cartaiġṫe ag beiṫiḋeaċ éigin faoi ḃun crainn i ngar di. Ṡín sí í féin ann, agus ċlúdaiġ sí í féin le billeóga feósaiḋe. Ní raiḃ innti coisméag eile a ṫaḃairt dá ḃfuiġeaḋ sí saoġal fada faoi ṡog air. B’féidir gur ṫuit néal beag codalta uirṫi sa bpoll sin; ar ċaoi ar biṫ baineaḋ geit aisti gan mórán aċair. Ḃí an oiḋċe ann faoi seo agus na céadá beiṫiḋeaċ beag timċeall uirṫi. Leig sí sgread agus má ḃí sgannraḋ ar an gcailín beag ba ṁó ná sin an sgannraḋ ċuir sise ar na míolta beaga oiḋċe. Ṫugadar go na bonnaiḃ é go sgiobṫa. Aċt dá ṁéid a tuirse ní baoġal gur ṫuit aon néal eile uirṫi.

Is ar éigin d’aiṫneóċṫá an oiḋċe ṫar an ló san ḃforaois seo. Ba ṁó an solus ḃíoḋ ann san oiḋċe go minic, nar ní raiḃ aon ċur-síos ar an lear mór feiṫidí ḃí ann agus cineál lóċrain ḃig ar ḋruim gaċ cinn díḃ. Ní solus mór a ḃí ó aon ċeann aca. Is corr-lóċran díḃ ḃí níos mó ná ceann bioráin ṁóir, aċt ní ċreidṫeá aċt an solus aoiḃinn ḃí le faġail uaṫa, go mór-ṁór nuair ḃíoḋ an ċuid díḃ i n-aice le ċéile. Dá mbeaḋ leaḃar agus cló maiṫ ann níorḃ ṁór an stróṁ ar ḋuine a léiġeaḋ aċt cromaḋ ar an talaṁ ar