Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/55

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

47

caoi go mbeaḋ an solus ar an mbilleóig. Agus ní ar an talaṁ aṁáin ḃíodar. Ḃí cuid aca ann ḃí i n-ann eiteall, agus cuid eile ḃí i n-ann léim fiċe troiġ a ṫaḃairt. Ní raiḃ na lóċrain bídeaċa ḃí ar iomċur ag na feiṫidiḃ seo ar aon ḋaṫ aċt an oiread. Ní raiḃ daṫ dar facṫas ó ġeall Dia súile do’n ċineaḋ daonna naċ raiḃ orṫa, ṡílṫeá. Ba ċosaṁail le realtóga beag beoḋa ioldaṫaċa a mbeaḋ luas teinntriġe fúṫa iad. Dá ṁéad an t-uaṁan ḃí ar Ṁáire Ḃáin i dtosaċ, ṫáinig aoiḃneas ar a croiḋe ag féaċaint ar an raḋarc fíor-áluinn seo ḋi.

Ní ró-ḟaḋa gur ṫug an cailín beag faoi deara go raiḃ ainṁiḋṫe eile seaċas na feiṫidí soillseaċa seo n-a gar. Ṫosaiġ clanna na hoiḋċe ar a gcuid saoṫair. Ṫáinig coiníní faiteaċa amaċ, agus uḃlaċáin ċáinteaċa, agus liabóga leaṫair, agus seilmeidí móra boga, agus moilí dalla, agus bailiġeadar timċeall ar an eaċtrannaċ mar ḃailiġeaḋ féileacáin timċeall ar ṡolus coinle.

Na háilleáin ioldaṫaċa ḃioḋ ag eiteall n-a timċeall is mo ċuir aoiḃneas ar Ṁáire Ḃáin. Ġlac sí truaiġ dóiḃ nuair a ṫug sí faoi deara gur ar a dtóir ḃí na liaboga agus naċ raiḃ uaṫa aċt a slugaḋ idir solus agus eile. Rug sí ar ṡlait, agus gaċ aon liabóg a ṫiocaḋ n-a gar d’amsiġeaḋ sí í. Ċaiṫ sí treiṁse maiṫ leis an obair seo ag leadraḋ na liabóg agus gá sgannraḋ le glórṫaiḃ béil.

Is dóċa gur ṫuirsiġ an saoṫar seo í mar ṫuit a codlaḋ uirṫi go tobann agus nuair a ḋúisiġ sí ḃí an maidneaċan ann agus an coṁluadar ḃí aici ar fead na hoiḋċe imṫiġṫe. Ní raiḃ ceann aca le feiceál aċt an oiread is naċ mbeidís ann ariaṁ. Ní raiḃ le feiceál aici aċt na crainn ṁóra agus duilleaḃar tiuġ nar leig solus na gréine isteaċ san doire aċt faoi ṁeaḋon lae.

Ní ċreidfeaḋ sí naċ ag brionglóidiġ ḃí sí, agus táinig iongantas uirṫi gur eiriġ leis na liabógaiḃ na feiṫidí solusṁaire uile go léir a ṡlugaḋ n-a mbeaṫa.