44
orṫa. A leiṫéid de ḃeiṫiḋeaċ ait ní ḟacadar ariaṁ le n-a saoġal. Ḃíodar i n-aiṁreas go mba de ċloinn ṁoncaiġ é ar a ḋéanaṁ agus ar a ċroit: aċt ḋeaṁan fionnaḋ a ḃí air aċt ar ṁullaċ a ċinn, áit a mbíonn plait sa gcloinn ṁoncaiġ de ġnáṫ Leag ceann aca a ḃí ar leaṫṡúil a ṡrón air, aċt ní ḃfuair sé aċt balaḋ cuṁarṫa uaiḋ; níorḃ ionann an balaḋ sin agus an balaḋ ḃíos le faġáil ó na moncaiġiḃ.
Is féidir le coileán leoṁain greim feóla iṫe uair ar biṫ sa ló bíoḋ ocras air nó ná bíoḋ Ḃí balaḋ deas cuṁarṫa ar an áilleán tugaḋ aḃaile ċuca. Ḃíodar cinnte go mbeaḋ blas ar an ḃfeóil ḃáin ḃí air. Leag ceann aca crúb ar a ċeann. Rug ceann eile aca ar ċois air, agus an treas ceann ba ḋóiġ leat air naċ ḃfaca sé aon niḋ ariaṁ ḃí ċoṁ háluinn le n-a ḋá dóid.
Ḃíodar ċoṁ spóirteaṁail aéraċ le cait óga ḃeaḋ ag súgraḋ le luċóig. Leigeaḋ ceann aca air gur ḃain an Búrla lán a ḃéil as, agus ṫosaiġeaḋ sé ag rinnce ar fud an urláir leis an bpéin mar ḋ’eaḋ. Ċuireaḋ an dara ceann díoḃ goṫaḋ troda air féin. agus ṡílṫeá air go raiḃ sé ar tí coṁrac fíoċṁar do ċur ar an mBúrla Agus ḃíoḋ an treas ceann díoḃ ag toċas cinn an Ḃúrla le n-a ċrúb.
Ḃí ceann de na coileáin leoṁan seo ar leaṫṡúil mar duḃraḋ ċeana—innseoċar ar ball céard a ḃain an tsuil as—agus ó ḃíoḋ sé ag iarraiḋ an oiread céadna ḟeiceál le luċt an dá ṡúl, is iomḋa sin smuilc ċuireaḋ sé ar a éadan. Ní raiḃ an Búrla boċt i n-ann aon ċeó ḋeanaṁ uaiḋ féin: aċt níor sáruiġeaḋ aċt go hannaṁ é ag déanaṁ aiṫrise ar ḋaoiniḃ eile. Rinne sé aiṫris ar an leoṁan og ḃí ar leaṫṡúil agus má rinne na leoṁain gáiriḋ ariam sé an Burla d’ḟéadfaḋ cur-síos a ḋéanaṁ air.
Asal óg aṁ ḃí aca i gcoṁair a mbricfásta, aċt ḃí sé ag tarraingt ar am ḋinnéara faoi seo agus ḃí ocras ar na coileáin. Rug an triúr aca ar an mBúrla, agus ḃí ar tí a straċailt ó ċéile nuair a ṫóg an sean-leoṁan