43
laḋ éigin ṫaḃairt do’n ḃeiṫiḋeaċ ṁaorḋa uaiḃreaċ dá dtugadar fuaṫ. Ní túisge ḃí cúl a ċinn leó ná ṫos- aiġeadar ag caiṫeaṁ cloċ agus láibe agus torṫa éagsaṁla leis. D’aimsiġeaḋ an Búrla boċt sa gcluais le slam dóibe. Do sgin cnó cócó ṫar a ċluais eile agus fuinneaṁ mór ann. Ṫuit toraḋ mór bog dreóiġte anuas ó ḃárr crainn áird ar ṁullaċ cinn an trean- leoṁain, agus briseaḋ ar toraḋ, agus is beag nár dallaḋ an beiṫiḋeaċ mór leis an suġ bréan ḃí istiġ ann. Aċt níor ḃain an timpíst sin féin a ṁórḋaċt ná an t-uaiḃear ḋe. Níor leig sé air gur ṁoṫaiġ sé ar ċor ar biṫ é. Má ċuala sé glórṫa magaṁla a náiṁde i n-áirde sna crainn, ní ḃeaḋ ḟios agat sin air. Ṫuig sé ó ḋuṫċas nár ṁór do ríġ ḃeiṫ foiġiḋeaċ maorḋa ar ócaid de’n tsórt sin.
XX.
Do ṡroiċeadar pluais na leoṁan gan ró-ṁoill. Uaiṁ faoi ḃun aille ḃí san bpluais seo. Ḃí póirse cuṁang íseal ag dul isteaċ ann. Ḃí an póirse seo ċoṁ h-íseal sin go mbíoḋ ar an sean leoṁan a ċeann a ḟeacaḋ ag dul isteaċ ann ḋó. Do ṫeangṁaiġ ceann an Ḃúrla leis an dóib ḋeirg ḃí i n-uaċtar na pluise faoi ḋó nó trí huaire sul ar ṫuig sé an sgéal. Aċt d’ḟoġluim sé a ċeaċt go maiṫ. Ní raiḃ istiġ sa bpluais dóiḃ go raiḃ sé ċoṁ clisde leis an leoṁain féin ag feacaḋ a ċinn. Aċt an daṫ dearg d’ḟág an dóib ar a ḟionnḟolt ċas!
Ḃí céile an tsean-leoṁain agus na coileáin óga sa mbaile roiṁe. Ṫugadar bealaċ dó gur ḃain sé a ionad coṁnaiḋṫe féin amaċ, annsin nuair a ḃi sé n-a luiġe ar a ṡocaṁlaċt san raiṫniġ ruaiḋ ṫirm, do ḃailiġeadar timċeall air go ḃfeicfidís goidé an cineál ailleáin ṫug sé aḃaile dá ċloinn
Nuair a ṡín sé é féin sa raiṫnig ṫirm ṫuit an Búrla anuas dá ṁuin, agus níor ċuir sé cor de aċt é n-a ċnap leabaiḋ an tsean-leoṁain.
Ċruinniġ na coileain óga timċeall air agus iongnaḋ