Tír na n-Iongantas/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XXII
[ 48 ]

XXII.

Bí ocras millteaċ ar Ṁáire Ḃáin ar ḋúiseaċt ḋi. Ba ċuma leiṫi sa doṁan mór aċt béile ṁaiṫ biḋ ḟaġáil. Ṫiuḃraḋ sí a dá ṡúil ar ṁéis feóla. Na feiṫidí sulusṁar’ ḃí n-a haice i gcaiṫeaṁ na hoiḋċe, ní ḃeaḋ leisg ar biṫ uirṫi an-alpaḋ. Ċuiṁniġ sí ar na císdí deasa mine coirce ġniṫeaḋ máṫair sa mbaile, agus ar an mbainne gaḃair agus ṫáinig na deóra faoi n-a súiliḃ Dá mbeaḋ léaṫ- ċisde féin aici!

D’eiriġ sí. Ċuaiḋ ar lorg biḋ Ċonnaic sí torṫa éagsaṁla ṫall is i ḃfus. Ḃí cuid aca go breáġ daiṫte aipiḋ agus ḃí faiṫċios uirṫi a n-ṫe ar eagla go mbeidír niṁneaċ.

D’imṫiġ leiṫi ṫríd an ḃforaois ag piocaḋ cnó agus ag baint torṫa ḃí breaġ bog milis ar nós sméarṫa agus gá n-iṫe Níor ḃain na torṫa seo aċt faoḃar an ocrais di. Ċaiṫ sí cúpla uair ag siuḃal roimpi mar sin gur ráinig imeall na foraoise agus go ḃfaca an ḟairrge ar a haġaiḋ amaċ. Rinne sí ar ṫráiġ ḃig ḃí ann, agus fuair a dóṫain ṁór rocan agus duilisg agus portán ann. Nuair a ḃí a goile lán aici ḋearc i í amaċ uaiṫi ar an muir agus ṫáinig iongnaḋ agus aoiḃneas croiḋe uirṫi. Ḃí sgol éisg le feiceál aici ag eiteall go reiḋ éasgaiḋ ós cionn na fairrge ar nós éanlaiṫ agus iad ag deallraḋ sa ngréin. Ḃí na mílte aca ann. Uaireannta ċeapaḋ sí naċ raḃadar aċt ag léimniġ as an ḃfairrge aċt níorḃ aṁ aiḋ ḃí. Ag eiteall i ndáríriḃ ḃíodar agus a gcuid sgiaṫán geal ar leaṫaḋ aca.

D’ḟanaḋ sí ag féaċaint orṫa go deireaḋ an lae dá mbeaḋ an Búrla boċt aici. Ṫosaiġ sí ag caoineaċán nuair ċuiṁniġ sí air. An créatúr boċt fuadaiġṫe uaiṫi ag leoṁan fíoċṁar!

Ḃí slat n-a glaic aici agus ṡáiṫ sí san ngainiṁ í agus leig sí uirṫi féin gurab é an Búrla ḃí aici ann.

Ṫosaiġ sí ag fiafraiġ de cé ndeaċa sé nó céard d’eiriġ dó nó cé’n fáṫ go ndeaċa sé ag marcaiḋeaċt [ 49 ]ar an leoṁan nó cé ’n fáṫ nár ḟan sé léi i agus í ag sodar n-a ḋiaiḋ. Aċt ní ḃfuair sí freagra ar aon ċeist díḃ.

“Ní duine do ċainnt ḃí ann ariaṁ,” ar sí léiṫi féin agus b’ḟíor di é.

Ċuireaḋ sí a ṫuille ceisteanna air maraċ go ḃfaca si rud geall éigin san ngainiṁ i ḃfoisgeaċt fice slat ḋi.

Uḃ a ḃí ann. Uḃ ṁór a ḃí ċoṁ trom leis an gcloiċ ġualann ḃíoḋ ġá ċaiṫeaṁ ag na buaċailliḃ maidin Doṁnaiġ ag dul ar an Aifreann dóiḃ. Ċuir méad agus meaḋċan na huiḃe seo alltaċt uirṫi. Is ar éigin ḃí sí i n-ann an uḃ a ṫógáil, agus b’éigin di sgíṫ a leigint seaċt n-uaire sul ar eiriġ léiṫi an uḃ ṫrom seo ṫaḃairt léiṫi go dtí an ċoill.

Ḃí sí ar tí an uḃ a ṗléasgaḋ le cloiċ ġéir nuair a ċonnaic sí leoṁan mór mongaċ ar ċúl na gcrann agus siuḃal uaiḃreaċ faoi. An leoṁan ṫug leis a dearḃra- ṫáir ionṁuin ḃí ann ba ċosaṁail, agus ṫáinig creaṫaḋ ball uirṫi nuair ċuiṁniġ sí gur istiġ n-a ḃolg ḃí an créatúr anois agus naċ fada go mbeaḋ sí féin n-a ċuideaċtain!

Ċuaiḋ sí ar ċúl sgeiċe ionnós naċ ḃfeicfiḋe í. Ḃí an leoṁan ag dul ṫar an sgeiċ gan áird uirti. I gceann noiméid ḃéaḋ sí ó ḃaoġal, aċt mo léan! Stad sé go tobann. Stad croiḋe an ċailín ḃig freisin. Ḃí a cnaipe déanta anois An é a balaḋ fuair sé? Ċuir sé a ṡrón i n-aér. Ċraiṫ sé é féin cúpla nuair go mí- ḟoiġideaċ. D’ḟill cúpla coisméag nó trí. Do ṡín sé é féin sa ḃféar fada agus leag a ċeann mór ar a ḋá ċois tosaiġ. Ḃí an ṁong ṁór lomraċ ḃí air roinnt fliuċ, agus nuair a ċraiṫeaḋ sé í, ḃí sé ċoṁ gar sin do Ṁáire gur ṫuit dá ḃraon as an muing ar a baiṫis.

Ag fanaċt le rud éigin ḃí sé, agus ní raiḃ ḟios cé’n uair a ṫiocfaḋ sé ċuige. Ċeap Máire Ḃán gur ċaiṫ sé uair a ċluig ar an dóiġ sin gan cor a ċur de aċt an ḟliċe a ċreaṫaḋ as a ṁuing ó am go ham, aċt ar ndoig is ġá ċeapaḋ ḃí sí.

[ 50 ]Ní raiḃ sí ceaṫraṁaḋ noiméid ann ulig go ḃfaca sí an dearḃraṫáir dílis fuaduiġeaḋ uaiṫi ag déanaṁ ar an leoṁan ṁór. Ḃí sé i ḃfoisgeaċt deiċ slat ḋó nuair ċonnaic Máire é. Ní ḟaca an leoṁan ceaċtar díḃ go fóill. Céard ab ḟeárr ḋi a ḋéanaṁ? Dá leigeaḋ sí sgread le fuagairt ar an mBúrla cé’n contaḃairt n-a raiḃ sé is cinnte cinnte go ndúiseóċaiḋe an t-ain- ṁiḋe fíoċṁar, más n-a ṡuan ḃí sé, agus go marḃóċaiḋe an ḃeirt aca.

Ċonnaic an Búrla féin an leoṁan gan mórán aċair. Ní eagla ṫáinig air de réir cosaṁlaċta aċt aoiḃneas agus aiteas. Ṫug sé trí léim tailliúra go raiḃ sé i ḃfastoḋ sa muing ṁóir lomraiġ ġa tarraingt agus ġá creaṫaḋ agus ag déanaṁ mór leis an leóṁan ar an uile ċaoi!

Ċeapṫá ar an mBúrla go raiḃ aiṫne aige ar an sean- leoṁan le n-a ṡaoġal, agus ní ḟaca tú ariaṁ aċt ċoṁ mórċúiseaċ is ḃí. “Deaideo” (mar ṫug an Búrla air n-a ḋiaiḋ seo) go raiḃ a léiṫéid de ṗeata aige!

Faoi ḋeireaḋ d’ḟéaċ an leoṁan i dtreó Ṁáire Ḃáin. Ċonnaic sé í. Ṫáinig lasair niṁneaċ n-a ṡúiliḋ. Ċúb sé é féin le léim ṫaḃairt ag ceapaḋ gur cineál aisteaċ moncaiġ ḃí innti (mar ġeall ar an ngúna beag donn ḃí uirṫi b’ḟéidir), aċt ar an bpoinnte sin ṫug an Búrla na trí léim tailliúra ba ġnáṫaċ leis, gur rug barróg ar a dearḃṡúir gur ṗog agus gur ḋiúrn í.

Is iomḋa caoi le fáilte ċur roiṁ ḋuine. Tá daoine ann agus dá mbaintí geit asta níorḃ ḟeárr leó rud a ġniṫidís ná bualaḋ maiṫ ṫaḃairt do’n té ḃí i gconta- ḃairt. Ba é sin a ḟearaċt ag Máire. Ṫug sí Liúraḋ Ċoineaċáin do’n Ḃúrla le fáilte ċur roiṁe. Maraċ an sean-leoṁan, ḃeaḋ an Búrla boċt ċoṁ duḃ le daol n-a diaiḋ.

Ċeap a ċéile agus a ċlann naċ raiḃ splannc fágṫa i gcloigeann an tseanleoṁaih agus peata eile ṫaḃairt aḃaile ċúca. Ní raiḃ ḟios cá stadfaḋ sé, an t-amadán!