Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/58

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

50

Ní raiḃ sí ceaṫraṁaḋ noiméid ann ulig go ḃfaca sí an dearḃraṫáir dílis fuaduiġeaḋ uaiṫi ag déanaṁ ar an leoṁan ṁór. Ḃí sé i ḃfoisgeaċt deiċ slat ḋó nuair ċonnaic Máire é. Ní ḟaca an leoṁan ceaċtar díḃ go fóill. Céard ab ḟeárr ḋi a ḋéanaṁ? Dá leigeaḋ sí sgread le fuagairt ar an mBúrla cé’n contaḃairt n-a raiḃ sé is cinnte cinnte go ndúiseóċaiḋe an t-ain- ṁiḋe fíoċṁar, más n-a ṡuan ḃí sé, agus go marḃóċaiḋe an ḃeirt aca.

Ċonnaic an Búrla féin an leoṁan gan mórán aċair. Ní eagla ṫáinig air de réir cosaṁlaċta aċt aoiḃneas agus aiteas. Ṫug sé trí léim tailliúra go raiḃ sé i ḃfastoḋ sa muing ṁóir lomraiġ ġa tarraingt agus ġá creaṫaḋ agus ag déanaṁ mór leis an leóṁan ar an uile ċaoi!

Ċeapṫá ar an mBúrla go raiḃ aiṫne aige ar an sean- leoṁan le n-a ṡaoġal, agus ní ḟaca tú ariaṁ aċt ċoṁ mórċúiseaċ is ḃí. “Deaideo” (mar ṫug an Búrla air n-a ḋiaiḋ seo) go raiḃ a léiṫéid de ṗeata aige!

Faoi ḋeireaḋ d’ḟéaċ an leoṁan i dtreó Ṁáire Ḃáin. Ċonnaic sé í. Ṫáinig lasair niṁneaċ n-a ṡúiliḋ. Ċúb sé é féin le léim ṫaḃairt ag ceapaḋ gur cineál aisteaċ moncaiġ ḃí innti (mar ġeall ar an ngúna beag donn ḃí uirṫi b’ḟéidir), aċt ar an bpoinnte sin ṫug an Búrla na trí léim tailliúra ba ġnáṫaċ leis, gur rug barróg ar a dearḃṡúir gur ṗog agus gur ḋiúrn í.

Is iomḋa caoi le fáilte ċur roiṁ ḋuine. Tá daoine ann agus dá mbaintí geit asta níorḃ ḟeárr leó rud a ġniṫidís ná bualaḋ maiṫ ṫaḃairt do’n té ḃí i gconta- ḃairt. Ba é sin a ḟearaċt ag Máire. Ṫug sí Liúraḋ Ċoineaċáin do’n Ḃúrla le fáilte ċur roiṁe. Maraċ an sean-leoṁan, ḃeaḋ an Búrla boċt ċoṁ duḃ le daol n-a diaiḋ.

Ċeap a ċéile agus a ċlann naċ raiḃ splannc fágṫa i gcloigeann an tseanleoṁaih agus peata eile ṫaḃairt aḃaile ċúca. Ní raiḃ ḟios cá stadfaḋ sé, an t-amadán!