Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/57

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

49

ar an leoṁan nó cé ’n fáṫ nár ḟan sé léi i agus í ag sodar n-a ḋiaiḋ. Aċt ní ḃfuair sí freagra ar aon ċeist díḃ.

“Ní duine do ċainnt ḃí ann ariaṁ,” ar sí léiṫi féin agus b’ḟíor di é.

Ċuireaḋ sí a ṫuille ceisteanna air maraċ go ḃfaca si rud geall éigin san ngainiṁ i ḃfoisgeaċt fice slat ḋi.

Uḃ a ḃí ann. Uḃ ṁór a ḃí ċoṁ trom leis an gcloiċ ġualann ḃíoḋ ġá ċaiṫeaṁ ag na buaċailliḃ maidin Doṁnaiġ ag dul ar an Aifreann dóiḃ. Ċuir méad agus meaḋċan na huiḃe seo alltaċt uirṫi. Is ar éigin ḃí sí i n-ann an uḃ a ṫógáil, agus b’éigin di sgíṫ a leigint seaċt n-uaire sul ar eiriġ léiṫi an uḃ ṫrom seo ṫaḃairt léiṫi go dtí an ċoill.

Ḃí sí ar tí an uḃ a ṗléasgaḋ le cloiċ ġéir nuair a ċonnaic sí leoṁan mór mongaċ ar ċúl na gcrann agus siuḃal uaiḃreaċ faoi. An leoṁan ṫug leis a dearḃra- ṫáir ionṁuin ḃí ann ba ċosaṁail, agus ṫáinig creaṫaḋ ball uirṫi nuair ċuiṁniġ sí gur istiġ n-a ḃolg ḃí an créatúr anois agus naċ fada go mbeaḋ sí féin n-a ċuideaċtain!

Ċuaiḋ sí ar ċúl sgeiċe ionnós naċ ḃfeicfiḋe í. Ḃí an leoṁan ag dul ṫar an sgeiċ gan áird uirti. I gceann noiméid ḃéaḋ sí ó ḃaoġal, aċt mo léan! Stad sé go tobann. Stad croiḋe an ċailín ḃig freisin. Ḃí a cnaipe déanta anois An é a balaḋ fuair sé? Ċuir sé a ṡrón i n-aér. Ċraiṫ sé é féin cúpla nuair go mí- ḟoiġideaċ. D’ḟill cúpla coisméag nó trí. Do ṡín sé é féin sa ḃféar fada agus leag a ċeann mór ar a ḋá ċois tosaiġ. Ḃí an ṁong ṁór lomraċ ḃí air roinnt fliuċ, agus nuair a ċraiṫeaḋ sé í, ḃí sé ċoṁ gar sin do Ṁáire gur ṫuit dá ḃraon as an muing ar a baiṫis.

Ag fanaċt le rud éigin ḃí sé, agus ní raiḃ ḟios cé’n uair a ṫiocfaḋ sé ċuige. Ċeap Máire Ḃán gur ċaiṫ sé uair a ċluig ar an dóiġ sin gan cor a ċur de aċt an ḟliċe a ċreaṫaḋ as a ṁuing ó am go ham, aċt ar ndoig is ġá ċeapaḋ ḃí sí.

E