Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/59

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

51

XXIII.

Gan súile uḃlaċáin ḃeiṫ i do ċeann ní mórán d’ḟeadṫá ḟeiceál i bpluais na leoṁan aċt aṁáin nuair a ḃíoḋ an ġrian an-árd sa spéir. Tráṫ ḃíoḋ d’ḟéadṫá baraṁail a ṫaḃairt ar ḋéanaṁ na háite mar ḃíoḋ na maidí gréine anuas ann trí ṗollaiḃ beaga ḃí san díon.

Ba ḋeacair do ḋuine an ṗluais ḟáġail gan treóraiḋe. Ḃí a béal faoi ḃun aille móire cloiċe, agus póirse fada cam cuṁang ag dul isteaċ ann. Dóib ḃog ḋearg ḃí i mballaiḃ an ṗóirse seo agus n-a ḋíon, aċt istiġ sa bpluais féin cloċa beaga agus fréaṁaċa crann is mó ḃí le feiceál. Ḃí an dóib ḃog ḋearg sa bpluais féin freisin, agus i ndiaiḋ iséasúir na básitiġe ḃíoḋ slam- anna móra ḋi ag tuitim anuas ar ṁullaċ na leoṁan.

Ċoṁnuiḋ na leoṁan san bpluais seo le fada d’aimsir de réir cosaṁlaċta. Ḃí carnán mór cnáṁ ag béal na huaiṁe ġá ṫuaraḋ le gréin agus le báistiġ. Cnáṁa na mbeiṫiḋeaċ d’iṫ na leoṁain le n-a cíantaiḃ ḃí annseo. Ní raiḃ aċt corr-ainṁiḋe sa ḃforaois naċ raiḃ cnáṁ le sinnsir éigin leis le taḃairt faoi deara annseo ar ṗlásóig na ḃfleaḋ. Ḃí cnáṁa geala droma ann ḃí gan smior gan smúsaċ le n-a céadta bliaḋan, agus cinn eile a raiḃ cuid ḃeag de’n ḟeóil fágṫa orṫa fós féin. Ḃí cloigne agus cosa agus glúine agus rúitíní agus loirgne caiṫte ar ṁullaċ a ċéile ann. D’ḟeicṫeá ceann asail ag déanaṁ mór le cnáṁ droma daiṁ, agus loirgne capaill ḟiaḋain n-a luiḋe go socair ar easnaċaiḃ an ċineáil gaḃair ḃí le faġáil san ḃforaois seo. Duḃairt Máire Ḃán gur ṫug sí plaosg fir duiḃ faoi deara ann. D’aiṫniġ sí gur fear ḃí ann ar a ḟolt agus ar a ḟéasóig sgáinte. B’iongantaċ an goile ḃí ag clainn leoṁan agus an lear mór feóla sin a iṫe!

Ba ṁór an fás ḃí san lusra timċeall ar an gcarnán gránda seo Ḃí féar ann ḃí i ḃfad níos aoirde ná an Búrla. Is minic ṫéiḋeaḋ sé amuḋa ann agus ċluinṫeá ag sgréaċġail é le eagla. Nuair a ḃíoḋ Máire Ḃán