52
féin ann ní ḟeicfiḋe aċt bárr a cinn ós cionn na lusra. Ḃí crann mór géagaċ ag béal na pluaise, agus ní raiḃ aon ċineál éanlaiṫ dar ṁair san ḃforaois naċ mbíoḋ ag ceileaḃar ann le eirġe an lae. Mara ngaḃṫa anḟada isteaċ san bpluais le codlaḋ ḋéanaṁ dúiseó- ċaidís ṫú le n-a gcuid ceóil ar maidin.
Ní raiḃ aċt droċ-solus san bpluais aċt faoi ṁeaḋon lae. Annsin d’ḟeicṫeá préaṁaċa na gcrann ag fás anuas ort agus ag iarraiḋ breiṫ ort le méaraiḃ fada cama caola. Is minic ċuaiḋ folt Máire i n-aiṁréiḋ sna fréaṁaċaiḃ seo.
Ní raiḃ ḟios cén méad mór ḃí san uaiṁ seo. Ḃí cuasanna agus póirsí agus bóiṫríní fada cama ag dul isteaċ faoi’n talaṁ aċt ḃíodar ċoṁ duḃ dorċa duaiḃ seaċ sin nár ḟéaċ Máire ná an Búrla cé’n ḟad ionnta.
I gceann de na cuasannaiḃ dorċa seo ḃíoḋ coṁnaiḋe ar Ṁáire. Ḃí crann mór éigin ag fás ós a ċionn, ba ċosṁail, mar ḃí na fréaṁaċa anuas ann, agus toirt mór sna fréaṁaċa ba ṁó. Ní ḟaca an cailín beag aon ċrann i nÉirinn ḃí ċoṁ mór leis na fréaṁaċaib seo. Ḃí áit ṡocail aici ann, mar níorḃ ḟada san áit í go dtug sí isteaċ gaḃail ḟéir agus rinne nead ṡeasgair ḋi féin.
Le n-a ṡeanċaraid, leis an leoṁan mór is mó ċaiṫeaḋ an Búrla an aimsir. Ba ṁó an cion ḃí ag leoṁan ar an mBúrla ná ḃí aige as a ál féin. Ní sásóċaḋ aon rud é aċt an Búrla ṫeannaḋ isteaċ ċuige gaċ oiḋċe ag dul a ċodlaḋ ḋó. An cuas n-a mbídís ní raiḃ sé ró-ḟada ó neid Ṁáire, agus is minic ċluineaḋ sí an leoṁan ag srannaḋ san oiḋċe nó a dearḃráṫair ag cogarnġail ṫrí n-a ċodlaḋ. Ní ḃíoḋ cor dá gcuireaḋ an beiṫiḋeaċ mór allta ḋe i gcaiṫeaṁ na hoiḋċe naċ gcluinfiḋe i gcuas Ṁáire, agus ṫigeaḋ sgannraḋ uirṫi go raiḃ sé ar tí a dearḃráṫair a alpaḋ. Aċt beag an baoġal ḃí air. Ḃíodar róċeanaṁail ar a ċéile.
Ní ró-ḃuiḋeaċ ḃí a ċéile ḋó go raiḃ an ḃeirt ṗáisdí faoi n-a ċoimirce aige. Ḃí a dóṫain le déanaṁ aici