Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/61

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

53

agus soláṫar ḋó roiṁe seo; aċt anois ḃí beirt eile ann. Ag dul i n-aois ag dul i mbaois, deireaḋ sí léiṫi féin.

Aċt ḃí a ṁalairt de sgéal aice sul i ḃfad. Ag dul i ḃfluiċe agus i mboige ḃí an dóib ḃí sna ballaiḃ agus i ndíon na pluaise. Ḃeaḋ orṫa a ḋul ar ṫóir pluaise eile maraċ Máire. An cuas codalta ḃí ag an mbain- leoṁan ba ṁeasa. Gaċ uile ṁaidin dá n-eirġeaḋ uirṫi ḃíoḋ ualaċ maiṫ dóibe fluiċe ar a druim. Aċt ċuiṁniġ Máire ar ḃeart rinne an áit te teolaiḋe tirm ḋi. Ṫug sí isteaċ lán a gaḃail de na cnáṁaiḃ geala ḃí ag béal na pluaise agus ṫosaiġ ġá sáṫaḋ san dóib ós cionn leapṫan na bainleoṁan mar ṡáiṫfiḋe spala beaga i moirtéil. Ċoinniġ na cnáṁa an dóib ó ḃeiṫ ag tuitim anuas uirṫe.

Ba ṁór an caiṫeaṁ aimsire ag Máire agus ag an mBúrla an obair seo, agus ní ḟada go raiḃ an ṗluais go maiseaċ agus go hornáideaċ aca le cnáṁa beiṫiḋeaċ éagsaṁail, gur ceapaḋ go raiḃ ciall ag an seanleo- ṁan mór ċoṁ maiṫ le neart.

Ag dul i méid a ḃí a ċliú imeasg a ṁuinntire.

XXIV.

Aċt ḃí rún ag an leoṁan mór aosta nár leig sé le neaċ ariaṁ. Fuair an Búrla eólas ar a rún ar an gcaoi seo:-

Ḃí sé féin agus an leoṁan n-a gcodlaḋ le ċéile sa bpluais oiḋċe mar ba ġnáṫaċ. Ḃíodar tar éis béile ṁór iṫe. Feóil ṡearaiġ capaill ḃí aca, agus ruaine beag de ḃrocḟeóil ḃí fágṫa ó ḃéile na maidne. Agus ḃí an ċosaṁalaċt orra gur iṫeadar a sáiṫ de’n dá ḃiaḋ, mar ḃí béal an Ḃúrla agus béal an tseanleo- ṁain sméarṫa le fuil

Ḃí an leoṁan mór n-a ċodlaḋ go sáṁ agus a ḋá ċois tosaiġ timċeall ar an mBúrla. Ḃí seisean n-a ḋúiseaċt aċt dá mbeaḋ fonn air imṫeaċt ó ḃarróig