Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/62

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

54

ċruaiḋ a ċarad ní ḟéadfaḋ sé. Ḃí sé sásta mar ḃí áṁṫaċ. Ḃí cuid ṁaiṫ de’n oiḋċe caiṫte agus ní raiḃ aon ċodlaḋ ag teaċt air. Ḃí an t-earraċ ann faoi seo, agus an-ċuimse cruṁ le feiceál ṫart timċeall ar úrlár na pluaise, agus iad ag sgeiṫeaḋ soluis uaṫa. Is dóca gurab é an ċaoi gur iṫ an Búrla boċt an iomarca de’n ḟeóil ṡearraiġ, mar ní raiḃ a ġoile ar fognaṁ, agus néal níor ṫáinig air. Ċuala Máire Ḃán ag osnáġail agus ag cneadġail é i gcaiṫeaṁ na hoidċe.

Ṫáinig codlad air ar ṫeaċt na maidne, agus ṫosaiġ sé ag brionglóidiġ:-

Sa mbaile ḃí sé n-a árus féin i nGailliṁ. Ḃí sé n-a suiḋe cois teine ṁóna agus a aṫair agus a ṁáṫair n-a ċuideaċtain. Ina ṡuiḋe ar ġlúin a aṫar ḃí sé agus srón ṁór ḟada iolraċ an duine uasail sin buailte le n-a leicinn féin. Ḃí a ṁáṫair ag cur di go tiuġ agus a aṫair ag éisteaċt léiṫi go foiġideaċ.

Ṫuit néal ar féin agus é n-a ṡuiḋe ar ġlúin a aṫar. Rug sé ar ḟolt mór a aṫar, mar ṡil sé, aċt ar ndóiġ is i ngreim i muing an tseanleoṁain ḃí sé i ndá ríriḃ.

Ċuir an leoṁan cor de. Níor ḃreáġ leis duine ná ainṁiḋe ḃeiṫ i ngreim muinge ann. Ní raiḃ sé de ċeart ag éinne ḃeiṫ ag déanaṁ mór leis ar an gcaoi sin. Ċuir sé drann agus snaois air féin. Naċ é an Búrla ḃí dána leis! Ċaiṫeaḋ sé deaġḃéasa ṁúineaḋ ḋó, an liuraċán mí-ṁúinte!

Aċt níor dúisiġeaḋ an Búrla. Níor dúisiġeaḋ an seanleoṁan aċt oiread. Ḃí an iomarca iṫte aige, agus ḃí an díṫleaġaḋ ḋá ċráḋ. Ní ḋeárna sé, aċt a ċab mór a ḃogaḋ roinnt. D’osgail sé a ḃéal mar ḃéaḋ sé dá ṡearraḋ féin, agus níor ḋún i gceart arís é.

Ḃí méara an Ḃúrla i ḃfastoḋ sa ṁuing ṁóir lomraiġ, aċt d’eiriġ leis iad a sgaoileaḋ ar ḃealaċ éigin, agus cá sáiṫeaḋ sé dorn leis aċt i gcab osgailte an leoṁain

Ṫuit cineál cruiṁ anuas ar ṡróin an Ḃúrla agus dúisiġeaḋ go tobann é. Ceann de na cruṁaiḃ ba ṡolusṁaire dá raiḃ le faġáil ḃí ann, agus ṫosaiġ na