Tír na n-Iongantas/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XX
[ 43 ]

XX.

Do ṡroiċeadar pluais na leoṁan gan ró-ṁoill. Uaiṁ faoi ḃun aille ḃí san bpluais seo. Ḃí póirse cuṁang íseal ag dul isteaċ ann. Ḃí an póirse seo ċoṁ h-íseal sin go mbíoḋ ar an sean leoṁan a ċeann a ḟeacaḋ ag dul isteaċ ann ḋó. Do ṫeangṁaiġ ceann an Ḃúrla leis an dóib ḋeirg ḃí i n-uaċtar na pluise faoi ḋó nó trí huaire sul ar ṫuig sé an sgéal. Aċt d’ḟoġluim sé a ċeaċt go maiṫ. Ní raiḃ istiġ sa bpluais dóiḃ go raiḃ sé ċoṁ clisde leis an leoṁain féin ag feacaḋ a ċinn. Aċt an daṫ dearg d’ḟág an dóib ar a ḟionnḟolt ċas!

Ḃí céile an tsean-leoṁain agus na coileáin óga sa mbaile roiṁe. Ṫugadar bealaċ dó gur ḃain sé a ionad coṁnaiḋṫe féin amaċ, annsin nuair a ḃi sé n-a luiġe ar a ṡocaṁlaċt san raiṫniġ ruaiḋ ṫirm, do ḃailiġeadar timċeall air go ḃfeicfidís goidé an cineál ailleáin ṫug sé aḃaile dá ċloinn

Nuair a ṡín sé é féin sa raiṫnig ṫirm ṫuit an Búrla anuas dá ṁuin, agus níor ċuir sé cor de aċt é n-a ċnap leabaiḋ an tsean-leoṁain.

Ċruinniġ na coileain óga timċeall air agus iongnaḋ [ 44 ]orṫa. A leiṫéid de ḃeiṫiḋeaċ ait ní ḟacadar ariaṁ le n-a saoġal. Ḃíodar i n-aiṁreas go mba de ċloinn ṁoncaiġ é ar a ḋéanaṁ agus ar a ċroit: aċt ḋeaṁan fionnaḋ a ḃí air aċt ar ṁullaċ a ċinn, áit a mbíonn plait sa gcloinn ṁoncaiġ de ġnáṫ Leag ceann aca a ḃí ar leaṫṡúil a ṡrón air, aċt ní ḃfuair sé aċt balaḋ cuṁarṫa uaiḋ; níorḃ ionann an balaḋ sin agus an balaḋ ḃíos le faġáil ó na moncaiġiḃ.

Is féidir le coileán leoṁain greim feóla iṫe uair ar biṫ sa ló bíoḋ ocras air nó ná bíoḋ Ḃí balaḋ deas cuṁarṫa ar an áilleán tugaḋ aḃaile ċuca. Ḃíodar cinnte go mbeaḋ blas ar an ḃfeóil ḃáin ḃí air. Leag ceann aca crúb ar a ċeann. Rug ceann eile aca ar ċois air, agus an treas ceann ba ḋóiġ leat air naċ ḃfaca sé aon niḋ ariaṁ ḃí ċoṁ háluinn le n-a ḋá dóid.

Ḃíodar ċoṁ spóirteaṁail aéraċ le cait óga ḃeaḋ ag súgraḋ le luċóig. Leigeaḋ ceann aca air gur ḃain an Búrla lán a ḃéil as, agus ṫosaiġeaḋ sé ag rinnce ar fud an urláir leis an bpéin mar ḋ’eaḋ. Ċuireaḋ an dara ceann díoḃ goṫaḋ troda air féin. agus ṡílṫeá air go raiḃ sé ar tí coṁrac fíoċṁar do ċur ar an mBúrla Agus ḃíoḋ an treas ceann díoḃ ag toċas cinn an Ḃúrla le n-a ċrúb.

Ḃí ceann de na coileáin leoṁan seo ar leaṫṡúil mar duḃraḋ ċeana—innseoċar ar ball céard a ḃain an tsuil as—agus ó ḃíoḋ sé ag iarraiḋ an oiread céadna ḟeiceál le luċt an dá ṡúl, is iomḋa sin smuilc ċuireaḋ sé ar a éadan. Ní raiḃ an Búrla boċt i n-ann aon ċeó ḋeanaṁ uaiḋ féin: aċt níor sáruiġeaḋ aċt go hannaṁ é ag déanaṁ aiṫrise ar ḋaoiniḃ eile. Rinne sé aiṫris ar an leoṁan og ḃí ar leaṫṡúil agus má rinne na leoṁain gáiriḋ ariam sé an Burla d’ḟéadfaḋ cur-síos a ḋéanaṁ air.

Asal óg aṁ ḃí aca i gcoṁair a mbricfásta, aċt ḃí sé ag tarraingt ar am ḋinnéara faoi seo agus ḃí ocras ar na coileáin. Rug an triúr aca ar an mBúrla, agus ḃí ar tí a straċailt ó ċéile nuair a ṫóg an sean-leoṁan [ 45 ]a ċeann, ċraiṫ sé a ṁong ṁór lomraċ, d’eiriġ a iarball n-a ċolg-ṡeasaṁ agus ċuir sé aon ġlam aṁáin de ḃain an mac-alla as taoḃaiḃ na pluaise agus a ċuir uaṫḃas croiḋe ar a ál.

Níor ḃacadar a ṫuilleaḋ leis an mBúrla. Ḃaineadar na cúinní ba ḋorċa agus b’iargcúlṫa amaċ, agus d’ḟanadar annsin ag deanaṁ trosgaiḋ agus bróin go raiḃ sé n-a oiḋċe,

Ḃí codlaḋ ar an sean-leoṁan. B’ḟéidir gur ag brionglóidiġ ar na caṫaiḃ cróda ṫug sé n-a óige ḃí sé nuair ċuir sé a ġlam ḋe. Ċaiṫ sé é féin ar a ḋruim, agus ċuir sé a ċeiṫre gcos i n-áirde san aér mar ḃeaḋ sé ag iarraid aṫċuinge. Ḃain sé casaḋ eile as féin, ċuir sé géag leis timċeall ar an mBúrla, agus ṫeann sé isteaċ leis é go raiḃ an ṁong ṁór ġá ċlúdaċ, go raiḃ an driṫle agus an spréaċarnġail uaṫḃásaċ ḃíoḋ le feiceál i rúiliḃ an tsean-leoṁain ag tollaḋ ḋá ṗoll ṫrí inċinn ḟaitċiġ an Ḃúrla, go raiḃ srón agus cab mór an ḃeiṫiḋiġ ṁilltiġ buailte le leicinn an ġasúir ḃig; do ṫeann agus do ṫeann agus do ṫeann— aċt múċaḋ an solus ḃí i súiliḃ fíocṁara an leoṁain; sgaoileaḋ an greim ḃí aige ar an ngasúr roinnt; dúnaḋ an cab craosaċ; dúnaḋ na súile soillseaċa....

Ḃí riġ mór na foraoise agus a ṗeata n-a gcodlaḋ.