Tír na n-Iongantas/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XIX
[ 41 ]

XIX.

Níor sguir an leoṁan do’n tsodar sin gur ḋruid sé leis an doire aoiḃinn grianaċ breáġ n-a mbíoḋ an ċlann ṁoncaiġ ag déanaṁ sgléipe agus oireaċtais ḋóiḃ féin.

Ní bréag a ráḋ go raiḃ tréad mór de’n ċlainn ḃradaiġ sin ag súgraḋ san doire rómpa. Ḃíodar ċoṁ hiomadaṁail leis an sluaġ siḋe ann agus ċoṁ meiḋreaċ ioldaṫaċ ait Ḃí cinn ḃeaga ḃídeaċa ann naċ raiḃ níos toirteaṁla ná caitín trí lá, agus ḃí cinn ṁóra ṫéagarṫa ġéagaċa ann ḃí ċoṁ trom leis an sean- leoṁan féin nó i ngar ḋó. Ḃí moncaiġ maola ann, agus moncaiġ mongaċa. Ḃí treaḃ na srón ċorcra ann agus iad an-ṁuintearḋa le treiḃ na súl n-uaiṫne mbeag. Ḃí beiṫeaṁnaiġ na n-earball roiġin ann, agus iad ar a ndíċeall ag iarraiḋ clampair a ċur ar bun Ḃí muinntir na srón mór fada ann, agus a gcol-ceaṫraċa a ḃí gan srón arḃ ḟiú tráċt air. Aċt na daṫanna ḃí orṫa! Ḃí cuid aca go sgréaċġail cróiḋearg agus cuid eile ḃí ċoṁ duḃ leis an daol. Ḃíodar ann idir buiḋe agus glas agus duḃ agus bán agus corcra; ba ḃreáġ an feic iad ag rinnce agus súgraḋ dóiḃ féin san doire ġrianaċ, agus na daṫanna éagsaṁla ḃí orṫa dá meas- gaḋ n-a ċéile agus ag déanaṁ aon daṫa aṁáin de na daṫanna uile de réir mar ḃíoḋ borraḋ agus fuinneaṁ agus luaṫas ag teaċt san ngluaiseaċt.

Aċt ḃí dream beag díoḃ i leaṫtaoḃ faoi ċrann ċócó. [ 42 ]Ag déanaṁ cleaṁsáin agus bíodáin ar a ngaoltaiḃ ioldaṫaċa ḃíodar siúd. Má tumaḋ iad-san i dtobar na ndaṫ, is cinnte nár fágaḋ sáṫaċ fada ann iad le aon daṫ faoi leiṫ ḃeiṫ orṫa!

Aċt an seadaire aosta ḃí n-a ṡuiḋe ar a ġogaide leis féin ar imeall an tsluaiġ ṁeiḋriġ! Mara mbéaḋ agat aċt an t-aon ġáiriḋ aṁáin, ċaiṫṫeá é ḋéanaṁ ar a ṫaḃairt faoi deara ḋuit. Ḃí cnáṁ fada raṁar geall n-a ċiotóig aige; ċuireaḋ sé ceann an ċnáṁa seo n-a ḃéal ó am go ham, ċasaḋ sé agus lúbaḋ se agus ċamaḋ sé a ṡean-éadan féasógaċ le gaċ iarraiḋ dá dtugaḋ sé ar an gcnáṁ. Ṡílṫeá go mbaḋ é an fear fídeóige ḃí ag luċt an tsúgraiḋ é, agus naċ raiḃ a ċéird aige aċt go dona. An t-ársaiġ boċt! Ní ceól ḃí sé ag iarraiḋ ḃaint as an gcnáṁ sin aċt smior!

Baineann an ṁaorḋaċt leis an gcloinn leoṁan de réir dúṫċais. Níor facṫas gluaiseaċt ċoṁ maorḋa ná ċoṁ ríoġḋa faoi aon ḃeiṫiḋeaċ ná faoi aon duine ariaṁ is ḃí faoi’n tsean-leoṁan ċumasaċ ar a ḋul isteaċ san doire seo ḋó. Nuair a ṫug luċt an ġrinn faoi deara go raiḃ sé sa láṫair, stadadar agus ḋearcadar air go mí-ċeadṫaċ mar ḃéidís ag fiafruiġe ḋe céard a ṫug ann é. Stadadar de’n sgléip agus de’n ṁeiḋir, aċt níor éaluiġeadar uaiḋ. Na cinn ḃeaga a raiḃ na hiarbaill ḟada roiġne orṫa, ’siad is fuide ṡeas talaṁ. Na cinn ṁóra ċodramánta, naċ raíḃ an aic- liḋeaċt ná an strapadóireaċt aca, ṫugadar siúd do na bonnaiḃ é gan mórán aċair. Aċt ar ḟeiceál dóiḃ naċ raiḃ faoi rí na foraoise géilleaḋ ḋóiḃ órdlaċ, ċuaḋadar i náirde sna crainn le luaṫas do-ċreidṫe, agus iad ag sgigeaḋ agus ag sgréaċġail ar feaḋ an ama.

Ní raiḃ sluaġ siḋe ariaṁ ann d’imṫiġ ċoṁ tapaiḋ ar ṫeaċt an lae is d’imṫiġ an ċlann ṁoncaiġ ar ṫeaċt an tsean-leoṁain.

Aċt mara raiḃ no hainṁiḋṫe droċúinṫe urċoideaċa seo sáṫaċ láidir nó sáṫaċ misneaṁail nó sáṫaċ amaideaċ talaṁ a ṡeasaṁ, ní raḃadar sásta gan [ 43 ]maslaḋ éigin ṫaḃairt do’n ḃeiṫiḋeaċ ṁaorḋa uaiḃreaċ dá dtugadar fuaṫ. Ní túisge ḃí cúl a ċinn leó ná ṫos- aiġeadar ag caiṫeaṁ cloċ agus láibe agus torṫa éagsaṁla leis. D’aimsiġeaḋ an Búrla boċt sa gcluais le slam dóibe. Do sgin cnó cócó ṫar a ċluais eile agus fuinneaṁ mór ann. Ṫuit toraḋ mór bog dreóiġte anuas ó ḃárr crainn áird ar ṁullaċ cinn an trean- leoṁain, agus briseaḋ ar toraḋ, agus is beag nár dallaḋ an beiṫiḋeaċ mór leis an suġ bréan ḃí istiġ ann. Aċt níor ḃain an timpíst sin féin a ṁórḋaċt ná an t-uaiḃear ḋe. Níor leig sé air gur ṁoṫaiġ sé ar ċor ar biṫ é. Má ċuala sé glórṫa magaṁla a náiṁde i n-áirde sna crainn, ní ḃeaḋ ḟios agat sin air. Ṫuig sé ó ḋuṫċas nár ṁór do ríġ ḃeiṫ foiġiḋeaċ maorḋa ar ócaid de’n tsórt sin.