Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/49

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

41

b’ḟéidir gur ċeap sé go mba ḋeas an bréagán ag na leoṁain óga é: cá ḃfios dúinn? Ar aon ċuma, níor ṫug sé aon áird air go ndeaċa an Búrla i n-áirde ar a ṁuineál. gur rug sé greim muinge air, gur leig sé sgread as a ḃí ċoṁ hiongantaċ le glam an leoṁain féin.

Annsin d’imṫiġ an leoṁain leis ag sodar agus an Búrla ag marcaiḋeaċt air!

Isteaċ leó sa ḃforaois agus Máire Ḃán n-a cos n-áirde n-a ndiaiḋ.


XIX.

Níor sguir an leoṁan do’n tsodar sin gur ḋruid sé leis an doire aoiḃinn grianaċ breáġ n-a mbíoḋ an ċlann ṁoncaiġ ag déanaṁ sgléipe agus oireaċtais ḋóiḃ féin.

Ní bréag a ráḋ go raiḃ tréad mór de’n ċlainn ḃradaiġ sin ag súgraḋ san doire rómpa. Ḃíodar ċoṁ hiomadaṁail leis an sluaġ siḋe ann agus ċoṁ meiḋreaċ ioldaṫaċ ait Ḃí cinn ḃeaga ḃídeaċa ann naċ raiḃ níos toirteaṁla ná caitín trí lá, agus ḃí cinn ṁóra ṫéagarṫa ġéagaċa ann ḃí ċoṁ trom leis an sean- leoṁan féin nó i ngar ḋó. Ḃí moncaiġ maola ann, agus moncaiġ mongaċa. Ḃí treaḃ na srón ċorcra ann agus iad an-ṁuintearḋa le treiḃ na súl n-uaiṫne mbeag. Ḃí beiṫeaṁnaiġ na n-earball roiġin ann, agus iad ar a ndíċeall ag iarraiḋ clampair a ċur ar bun Ḃí muinntir na srón mór fada ann, agus a gcol-ceaṫraċa a ḃí gan srón arḃ ḟiú tráċt air. Aċt na daṫanna ḃí orṫa! Ḃí cuid aca go sgréaċġail cróiḋearg agus cuid eile ḃí ċoṁ duḃ leis an daol. Ḃíodar ann idir buiḋe agus glas agus duḃ agus bán agus corcra; ba ḃreáġ an feic iad ag rinnce agus súgraḋ dóiḃ féin san doire ġrianaċ, agus na daṫanna éagsaṁla ḃí orṫa dá meas- gaḋ n-a ċéile agus ag déanaṁ aon daṫa aṁáin de na daṫanna uile de réir mar ḃíoḋ borraḋ agus fuinneaṁ agus luaṫas ag teaċt san ngluaiseaċt.

Aċt ḃí dream beag díoḃ i leaṫtaoḃ faoi ċrann ċócó.