Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/48

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

40

XVIII.

Ḃí Máire Ḃan agus an Búrla ar an tráiġ agus iad ag obair ar a míle diṫċeall ag iarraiḋ an t-éan mór a ṫárrṫáil ó’n mbás iad a sgaoileaḋ, nuair a ċualadar an glam a leig an leoṁan as. Ġaḃ uaṁan an ḃeirt. Ṫuit Máire Ḃán ar ċul a cinn aċt níor sgaoil sí an greim ḃí aice ar an eangaiġ, agus stróiceaḋ í agus ċuaiḋ an t-éan saor.

Aċt céard a ḃí le déanaṁ ag an mbeirt anois? Ḃí beiṫiḋeaċ millteaċ ag déanaṁ orṫa agus gan aon ġléas ċosanta aca. Rug Máire Ḃán ar ċloiċ le caiṫeaṁ leis, aċt tráṫṁail go leór ċuiṁniġ sí ar ċeaċt a ḃíoḋ i leaḃraiḃ sgoile na haimsire sin. Duḃraḋ sa leaḃar naċ n-ionnsóċaḋ aċt corr-ainṁiḋe allta an té ċeapaḋ sé ḃeiṫ marḃ. Ċaiṫ Máire Ḃán í féin ar an talaṁ agus duḃairt leis an mBúrla an cleas céadna a ḋéanaṁ.

Ċuaiḋ an sean leoṁan ṫairsti gan cos féin a leagaḋ uirṫi. Aċt an Búrla boċt! Ḃí seisean i gcontaḃairt ṁóir Níor ṫuig sé coṁairle Ṁáire. Ḃí sé ċoṁ sgannruiġṫe sin nár ḟéad sé gol féin a ḋéanaṁ. Ċaiṫ sé é féin ar ċnáṁ a ḋroma, ċúb sé féin go raiḃ é sé n-a liaṫróid ar nós grainneóige.

Ṫáinig an leoṁan mór agus gluaiseaċt rioġḋa faoi. Tosaiġ sé ag smúraċt timċeall. Céard a ḃí faoi a ḋéanaṁ? An Búrla boċt a alpaḋ noċt n-a ḃeaṫa?

Ḃí an croiḋe n-a béal ag Máire Ḃáin. Ḃí an Búrla n-a ċnap gan cor as. Teangṁaiġ srón ṁór ḟuar ṫais an leoṁain le n-a ḃéal ḃog féin, agus sé an ċéad rud ċonnaic Máire Ḃán ar osgailt na súl ḋi, ná an Búrla agus a ċosa timċeall ar ṁór ṁuineál an tsean—leoṁain agus greim an ḟir ḃáiḋte aige san muing lomraiġ!

Ḃain an leoṁan creaṫaḋ as féin aċt níor sgaoil an Búrla a ġreim. Níor ḃain sé an dara creaṫaḋ as féin. Ní ḋeárna sé aon iarraċt eile é ċaiṫeaṁ ḋe. B’ḟéidir gur ċeap sé go dtuitfeaḋ an Búrla anuas de uaiḋ féin, nó b’ḟéidir nár airiġ sé ann ar ċor ar biṫ é, nó