Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/47

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

39

Ġluais leis ṫríd an ḃforaois ḋuaiḃseaċ go mall agus go ríoġaṁail gan cur isteaċ aige ar aon rud beo. Le ċoṁ héadtrom is ḃí sé ag siuḃal, ċeapṫá gur ġoill sé air satailt ar an ḃféar féin. Act má ḃí ainṁiḋe ná. éan sa gconaire aiṁréiḋ roiṁe, ba ró-ḃeag an ṁoill orṫa bealaċ a ṫaḃairt dó.

Casaḋ sgaṫa móncaiġ leis san tsliġe, agus ba ṁór an greann na hainṁiḋṫe sgafánta sin ḟeiceál ag glanaḋ leó ar nós na gaoiṫe. Níor leig an sean- leoṁan air aṁṫaċ go ḃfaca sé na spriosáin ġránda ar ċor ar biṫ. Ní mó ná gur leig go ḃfaca sé an an sean- ċeann gormṡrónaċ urċóideaċ ḃí ar croċaḋ ó ġéig le n-a iarball ḟada roiġin ċumasaċ. Ċuaiḋ an sean leoṁan millteaċ faoi’n ngéig agus a ċeann faoi aige, mar ḃeaḋ sé ag déanaṁ a smaointe. Pébrí céard iad na smaointe doiṁne diaṁra leoṁanta ḃí n-a ċeann, cuireaḋ isteaċ orṫa go tobann. Ḃí an sean-ṁoncaiġ srón-ġorm i ngreim sa ngéig le n-a iarball agus a ċeann agus a ġéaga ar sileaḋ leis. Ċuaiḋ an sean- leoṁan ṫart faoi go maorḋa gan a ċeann a ṫogáil, aċt ní túisge ċuaiḋ ná d’aiṁsiġ an moncaiġ bradaċ sa gcluais é le cnó cócó!

Ná ceaptar feasda naċ ainṁiḋe foiġideaċ a ḃí sa seanleoṁan. Cor ná creaṫaḋ níor ċuir sé ḋe, aċt do ġluais leis gur ḟág sé an ḟoraois n-a ḋiaiḋ agus gur ḃain sé an maċaire mór a ḃí idir an ḃforaois agus an ṁuir amaċ. Ṡeas sé i lár an ṁaċaire. D’ḟéaċ soir. D’ḟéaċ sé siar, agus nuair d’ḟéaċ ċonnaic sé na daḃaiġ ṫug Máire Ḃán agus an Búrla i dtír ar an tráiġ agus na héanlaiṫ ag sgréaċġail n-a dtimċeall.

Leig sé aon ġlam aṁáin as a ḃain mac-alla as an ḃforaois agus as na carraigeaċaiḃ agus a sgap na héanlaiṫ ar fud na mara móire.