Tír na n-Iongantas/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XV
[ 33 ]

XV.

Níorḃ fada go dtárla rud ait.

Ṫáinig galar millteaċ do-aiṫnid ar an gcirc dob’ óige agus dob’ áile ḃí ar an sguaine. Ṫáinig fíor-ḋroċ ċosamlaċt uirṫi. Ceapaḋ go raiḃ a ré ṫart, agus ba ṁór an t-aḋḃar bróin do na héanlaiṫ uile é. Na héin ba ċrionna agus ba ṡinne dá raiḃ ann, ḃídís ag teaċt ċuici agus ag déanaṁ sgrúduiġṫe uirṫi aċt dá ṁéad a n-eólas ar ġalraiḃ na n-éan ní raiḃ a ḟios aca céard a ḃí ag gaḃail di.

B’ḟacṫas dóiḃ lá go raiḃ sí ag eirġe anṁórḋálaċ má ḃí sí breóite féin, agus nuair a ċuaiḋ sean ċoileaċ eólasaċ a ḃí ann ċun cainnte leiṫi, ṫosaiġ sí ag magaḋ faoi agus ag cur i gcéill ḋo go glugaraċ agus go fonóideaċ naċ raiḃ ciall n-a ċeann ná éifeaċt ’n-a smaointe, agus naċ raiḃ aon ċeó uirṫi aċt go raiḃ sí le uḃ a ḃreiṫ!

Bíonn meas mór ag mnaoi ar a céad ṁac, agus bí cinnte ḋe go mbíonn an meas céadna ag circ ar a céad uiḃ: aċt céard d’ḟéadfaḋ sí a ḋéanaṁ? Dá n-imṫiġeaḋ sí léiṫe n-a haonar, is cinnte go gcaillfeaḋ sí an bealaċ sul a ṡroiċfeaḋ sí an talaṁ tirm, agus dá ṁéad cion a ḃí ag na héanlaiṫ eile uirṫi ní sgar- faidís ó’n treanġaisgiḋeaċ ṫug saor ó gaċ gaḃaḋ iad agus ḃí anois i ḃfastoḋ idir an dá ḋaḃaċ.

An ċeart ḃoċt! Ḃí uirṫi fanaċt leis an gcuideaċtain pébrí céard a ṫiocfaḋ as!

[ 34 ]Dá mbéaḋ gáiriḋ ag na éanlaiṫ is cinnte go ndéan- faiḋe gáire fúiṫe. D’ḟanaḋ sí sgaṫaṁ amaċ o’n sguaine agus cosaṁlaċt an uaḃair uirṫi. Ba ḋóiġ leat uirṫi nár rugaḋ uḃ ariaṁ ċeana. Ċuireaḋ sí goic uirṫi féin agus caoċaḋ sí súil go tuigseanaċ mar ḃeaḋ sí a ráḋ:

“Ní fada anois go ḃfeicfear gníoṁ mór ġá ḋéanaṁ sí a ráḋ:

Agus ḃí an ealaḋain seo ċoṁ fada sin ar siuḃal aici ṫosaiġ na héanlaiṫ eile ag ceapaḋ go mb’éidir go raiḃ cuid ṁaiṫ de’n ċeart aici, agus go mbeirfeaḋ sí uḃ a ṡáróċaḋ aon uḃ dá rugaḋ ariaṁ roiṁe. Nárḃ ṁór an mí-áḋ orṫa an uḃ ḃreaġ sin a ċailleaḋ san ḃfairrge I gceann tamaill ḃig ní ḃíoḋ aon niḋ ag déanaṁ imniḋe ḋóiḃ aċt cén ċaoi a ḃféadfaidís uḃ na circe mórċúisiġe seo a ṡaḃáil. Ṫagaḋ éan anuas agus ḃíoḋ ag cainnt agus ag coṁráḋ agus ag glacaḋ coṁairle leis an seadaire a ḃí i ḃfastóḋ. D’imṫiġeaḋ sé annsin agus ṫagaḋ an sluaġ ar fad timċeall ar an bpríosúnaċ, agus ḃioḋ an oiread gleó aca agus ḃeaḋ ag páirliméad ban agus an toraḋ céadna ar a saoṫar.

Níor ḟéadadar cuiṁneaṁ ar aon ċaoi leis an uḃ a ṡáḃáil. Ḃéaḋ ar an gcirc ḃoiċt í ḃreiṫ sa ḃfairrge i ndeire na dála agus ar ndóiġ ba ṁór an mí-áḋ uḃ ḃreáġ dá leiṫéid a ċailleaḋ agus cárḃ ḟios dóiḃ naċ ḃfuiġeaḋ an ċearc óg uaiḃreaċ bás gan aon uḃ eile a ḃreiṫ mar ní ḃíoḋ ag an gcineál seo éin aċt ḋá uiḃ le linn saoġail ḋóiḃ.

Aċt ní aṁlaiḋ ṫárla. Ṫáinig oidċe ḃreáġ spéir ġealaiġe agus ḃí na páisdí n-a gcodlaḋ go sáṁ. Ḃí an Búrla n-a ḋaḃaċ féin agus é sínte ar ċnáṁ a ḋroma agus a léine fosgailte aige.

Ṫáinig an ċearc óg a raiḃ an uḃ aici ós a ċionn. D’ḟan sí tamall maiṫ ag féaċaint anuas air agus an sgata uile go léir gá faire go himniḋeaċ.

Ṫuirling sí ar imeall an daḃaiġ, agus sul a raiḃ a ḟios ag na héanlaiṫ eile céard a ḃí fuiṫe a ḋéanaṁ ḃí an uḃ ḃreáġ i mbrollaċ an Ḃúrla.

[ 35 ]Ḃí dream beag de na sean-ċearciaḃ ann agus duḃ- radar naċ ḃfacadar ariaṁ cleas ċoṁ náireaċ leis an gcleas sin, agus ṁionn aiġeadar agus ṁóideadar naċ laḃróċaidís léiṫi arís ċoiḋċe. An ċearc gan náire! Agus ḃí dream beag de na sean-ċoiliġiḃ ann agus ḃídís ag áiteaṁ ar a ċéile go lá a mbáis naċ ndeárnaḋ a leiṫéid de ġníoṁ ariaṁ, agus naċ ndéanfaiḋe ċoiḋċe é, ḃíoḋ is gur facṫas é ġá ḋéanaṁ os coṁair súl na cuideaċtan.

Aċt creid mise ann, ḃí urraim ṁór ag dul do’n ċirc óig ag na héanlaiṫ ba ṁeasaṁla ar an sguaine.

Nuair a ṁoṫaiġ an Búrla an rud te i mbrollaċ a léine ḋúisiġ sé, agus rug sé ar an uiḃ le n-a briseaḋ, aċt nuair a rug, ṫóg na héanlaiṫ aon ġáir ṁór bróin agus do rinneadar eiġṁe loma loisneaċa, agus caoineaḋ caol cruaḋ gur líonaḋ an leaṫan-ṁuir mór-dtimċeal orṫa le n-a n-olagón. Nuair ċuala an Búrla an tormán uaṫḃásaċ a ḃí ar siuḃal níor ḃris sé an uḃ. Rinne sé bréagán di. San oiḋċe ḃíoḋ an uḃ go te teólaiḋe faoi n-a asgail aige, agus sa ló, ḃíoḋ sí go seasgair ar úrlár an daḃaiġ faoi ġoraḋ na gréine.

Aċt maidin dár ḋúisiġ sé céard d’ḟeicgeaḋ sé aċt éan beag órḋa agus é ag riṫeaċt agus ag léimniġ ar fud urláir an daḃaiġ!

Ba ṁór an peata ag an mBúrla agus ag Máire Ḃáin an sicín seo. Agus ba mór an ċaḃair ḋoiḃ freisin é, mar is cinnte go ḃfuiġidís bás leis an tart maraċ é.

Seo é an ċaoi ar ṡaḃail sé iad:

Ḃíoḋ na h-éanlaiṫ uile go léir ag teaċt ós cionn na ndaḃaċ gaċ uile lá leis an sicín múirneaċ ḟeiceál agus ḃídís ag sgreadaḋ agus ag sgréaċġail ar a lán ndiṫċeall, agus le linn na sgréaċġaile seo ḃíoḋ fliċe ag éalú anuas ó n-a ngobaiḃ agus ḃíoḋ an ḃeirt páisdí ġá ól.

Naoi lá déag ḋóiḃ sna daḃaiġiḃ nuair d’eiriġ leis an éan cumasaċ a ḃí i ḃfastóḋ san eangaiġ iad a ṫaḃairt i dtír ar ṫraiġ ṁóir ġainiṁiġ ar oileán uaigneaċ nár facṫas le súil fear ariaṁ.