Jump to content

Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/41

From Wikisource
This page has not been proofread.

33

aici. ṫosaiġ sí ag déanaṁ aiṫris ar sgréaċġail na n-éan le greann ḃeiṫ aici. Ṫug sí faoi deara annsin go mbeidís uile ag druidim léiṫe go ḃfeicidís céard a ḃí ar siuḃal. Faoi ṁeaḋon-lae nuair a ḃíoḋ an teas millteaċ ó’n ngréin, ḋéanaḋ sí aiṫris ar an sgréaċġail, agus annsin bíoḋ fosgaḋ maiṫ o’n ngréin ag an mbeirt aca. Nuair d’ḟéaċaidís suas uaṫa sa spéir d’ḟeicidís mar ḃéaḋ slamanna móra beó sneaċta ag folluṁain ós a gcionn agus ag duḃaḋ na spéire orṫa.


XV.

Níorḃ fada go dtárla rud ait.

Ṫáinig galar millteaċ do-aiṫnid ar an gcirc dob’ óige agus dob’ áile ḃí ar an sguaine. Ṫáinig fíor-ḋroċ ċosamlaċt uirṫi. Ceapaḋ go raiḃ a ré ṫart, agus ba ṁór an t-aḋḃar bróin do na héanlaiṫ uile é. Na héin ba ċrionna agus ba ṡinne dá raiḃ ann, ḃídís ag teaċt ċuici agus ag déanaṁ sgrúduiġṫe uirṫi aċt dá ṁéad a n-eólas ar ġalraiḃ na n-éan ní raiḃ a ḟios aca céard a ḃí ag gaḃail di.

B’ḟacṫas dóiḃ lá go raiḃ sí ag eirġe anṁórḋálaċ má ḃí sí breóite féin, agus nuair a ċuaiḋ sean ċoileaċ eólasaċ a ḃí ann ċun cainnte leiṫi, ṫosaiġ sí ag magaḋ faoi agus ag cur i gcéill ḋo go glugaraċ agus go fonóideaċ naċ raiḃ ciall n-a ċeann ná éifeaċt ’n-a smaointe, agus naċ raiḃ aon ċeó uirṫi aċt go raiḃ sí le uḃ a ḃreiṫ!

Bíonn meas mór ag mnaoi ar a céad ṁac, agus bí cinnte ḋe go mbíonn an meas céadna ag circ ar a céad uiḃ: aċt céard d’ḟéadfaḋ sí a ḋéanaṁ? Dá n-imṫiġeaḋ sí léiṫe n-a haonar, is cinnte go gcaillfeaḋ sí an bealaċ sul a ṡroiċfeaḋ sí an talaṁ tirm, agus dá ṁéad cion a ḃí ag na héanlaiṫ eile uirṫi ní sgar- faidís ó’n treanġaisgiḋeaċ ṫug saor ó gaċ gaḃaḋ iad agus ḃí anois i ḃfastoḋ idir an dá ḋaḃaċ.

An ċeart ḃoċt! Ḃí uirṫi fanaċt leis an gcuideaċtain pébrí céard a ṫiocfaḋ as!

D