Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/40

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

32

Ċuaiḋ cos leis i ḃfastóḋ san eangaiġ a ḃí idir an dá ḋaḃaċ!

Ḃí an seada ré boċt i dteannta. Níor ḟéad sé an ċos ṫaḃairt leis. D’oibriġ sé na sgiaṫáin go tréan, aċt ní raiḃ maiṫ ann. Níor ḟéad sé aċt an dá ḋaḃaċ ṫarraingt le ċéile, agus eirġe cúpla feáġ san aér. Rinne sé sin go mion minic gur ḃuail sé an dá ḋaḃaċ le ċéile.

An tríoṁaḋ uair a bualaḋ le ċéile iad, ḃí an sgata uile ar tí na páisdí a ḃí sna daḃaiġiḃ a ionnsaiġe, aċt nuair a ċualadar an Búrla ag sgairteaḋ agus ag greadaḋ bos ar ḟeiceál a ḋearḃṡiúra ḋó, ġaḃ sgaṫ iad, agus d’ḟanadar amaċ ó’n dá ḋaḃaċ.

Ní raiḃ aċt ḋá rud le déanaṁ aca anois. Imṫeaċt leó agus a dtreóraiḋe boċt ḟáġail ag Dia, nó fanaċt n-a aice agus biaḋ ṫaḃairt dó le súil go n-eireóċaḋ leis éaluġaḋ uair éigin. Sé an rud deiriḋ rinneadar.

Ḃí an t-éan a ḃí i dteannta i n-ann eiteall aċt naċ raiḃ sé i n-ann an ċos ṫaḃairt leis; sé an ċaoi a mbíoḋ sé ag tarraingt na ndaḃaċ mór go mall ṫríd an ḃfairrge, agus an sgata ag folluṁain ós a ċionn ġá ġríosaḋ agus ġá ḃeaṫuġaḋ le mion-iasgaiḃ....

Ḃí eagla an naṁad orṫa druideaḋ i n-aice leis, agus do leigidís do’n ḃiaḋ tuitim san uisge i ngar ḋó aċt is iomḋa iasg díoḃ ṫuit i ndaḃaċ an Ḃúrla agus i ndaḃaċ Ṁáire Ḃáin, agus maraċ gur ṫuit ní ró-ḟada go mbeireaḋ an bás orṫa. Nuair a ṫuiteaḋ biaḋ i ndaḃaċ Máire Ḃáin leigeaḋ sí gair áṫais a ċuireaḋ eagla ar an éan a ḃí i ḃfastóḋ, agus annsin ṡíleaḋ sé imṫeaċt, aċt naċ n-eiriġeaḋ leis aċt an dá ḋaḃaċ ṫarraingt le ċéile go mbuailtí i n-aġaiḋ a ċéile iad. Ar an gcaoi sin d’eiriġeaḋ le Máire cuid de’n ḃiaḋ ṫaḃairt do’n Ḃúrla, agus d’eiriġeaḋ leis siúd biaḋ ṫaḃairt ḋi mar an gcéadna.

Ḃí contaḃairt eile ann do’n ḃeirt ḋíleaċtaiḋe. Ḃí teas ċoṁ mór sin ó’n ngréin faoi ṁeaḋon-lae go marḃoċaiḋe iad maraċ cleas d’foġluim Máire Ḃán. Nuair a ḃi sí suġaċ saṫaċ lá, agus a dóṫain éisg iṫte