Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/39

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

31

XIV.

D’imṫiġ an sgata éanlaiṫ rómpa mar ṡaiġead ós cionn na mara uaigniġe, agus iad ag leadraḋ an aéir ċiúin le na sgiaṫánaiḃ fada tréana. Do ċeapfá ar a ḃfeiceál duit naċ aon sgata aṁáin a ḃí ann aċt dá sgata san aér, agus sgata eile ṡíos uait san ḃfairrge ġuirm ġlain.

Nuair ċonnaic an t-éan cinn a ḃí orṫa an dá ḋaḃaċ ar ḃárr an uisge, ṫosaiġ sé ag sgréaċġail go millteaċ agus ag fógairt dá ċoṁluadar go raiḃ rud aisteaċ ṡíos uaṫa san uisge.

Go dtí go ḃfacadar na daḃaċa ḃíodar ag imṫeaċt rómpa ’n-aon sguain aṁáin, aċt anois b’éigin dóiḃ an sguain a ḃriseaḋ agus coṁairle a ġlacaḋ le ċéile. Ċeap éan díoḃ é seo; ċeap éan eile díoḃ é siúd; ṫosuiġeadar uile ag laḃairt le ċéile; ṫosuiġ ceann aca ag laḃairt ós íseal go críona aċt níor éist an ċuid eile leis; annsin ḃíodar uile n-a dtost. Níor facṫas a saṁail ariaṁ aċt dream táilliúr ḃeaḋ ar tí coṁrac a ċur ar ġandal!

Faoi ḋeoiġ, sgar an cinn-éan ó’n sguain. Ċuir sé goṫa troda air féin. Ṫáinig cosaṁalaċt ḟíoċṁar air. Ba ṁór an ṁuinġín ḃí ag na héanlaiṫ eile as, aċt ní ċreidfidís go mbeaḋ sé de ṁisneaċ agus de ḋánaċt ann an naṁa uaṫḃásaċ a ḃí ṡíos uaṫa ’sa ḃfairrge a ionnsuiġe. Aċt ḃí. Ċeap sé ruaṫar ṫaḃairt faoi ’n naṁaid niṁniġ, aċt ó ḃí an dá ḋaḃaċ sgarṫa ó ċéile roinnt, ḃí aiṁreas air, ar nós a lán seadairí eile, cé aca de’n dá naṁaid ab ḟeárr ḋó ionnsuiġe i dtosaċ: b’ḟéidir gurab é an ċaoi gur ċaill sé a ṁisneaċ i ndeireaḋ na dála, mar níor ċuir sé troid ar ċeaċtar aca—ní ḋeárna sé aċt é féin a ísliuġaḋ sa ḃfairrge idir eatorra agus glug-glug uaṫ- ḃásaċ a ḋéanaṁ le n-a sgannraḋ!

Dá mbeaḋ an misneaċ ceart aige, ḃéarfaḋ sé ruaṫar faoi ċeann éigin díoḃ: nuair nár ṫug d’eiriġ an mí-áḋ ḋó.