Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/38

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

30

agus ċuireadar ḋá ḃuilín aráin agus árṫaċ beag de ḃoḋar-uisge i ngaċ daḃaċ díoḃ. Annsin do hísliġeaḋ na daḃaiġ, agus cuireaḋ ar snáṁ ar ḃarr na taoile iad.

“Má’s é an bás atá i ndán dóiḃ.” ars’ an cócaire, “ġeiḃidís bás i n-éinḟeaċt,” agus ċeangail sé an dá ḋaḃaċ le ċéile le eangaiġ truim cnáibe.

D’eiriġ an ġaoiṫ roinnt. Líonaḋ seólta na Brídeóige an méid díoḃ nár réaḃaḋ, agus ní fada an t-aċar go raḃadar míle mara ó’n dá ḋaḃaċ.

Aċt ṫuit an lag ar ḟuirinn na Brídeóige ar a ṫaḃairt faoi deara ḋóiḃ naċ galtán a ḃí ag déanaṁ orṫa aċt sgata éanlaiṫ. Ḃí caḃail gaċ éin díoḃ ċoṁ mór le caḃail searaiġ asail, agus ḃí ḋá ḟeáġ idir barr na sgiaṫán i ngaċ éan dioḃ. Má ḃí ceann ann ḃí ṫrí ċéad, agus ċaiṫeadar an lá agus mórċuid de’n oiḋċe ag folluṁain ós cionn na Briḋeóide. Níor féad aon ḟéar codlaḋ a ḋéanaṁ ar an luing an oiḋċe sin leis an torann uaṫḃásaċ a ḃí ó sgiaṫánaiḃ na n-éan mór. Ar ṫeaċt na hoiḋċe, d’ísliġ an ġaoiṫ arís, aċt ḃí cuid de ṡeóltaiḃ na luinge go bolgaċ leis an séideaḋ ḃí ag teaċt ó sgiaṫánaiḃ na n-éan.

Nuair d’eiriġ an ġrian ar maidin ḃí an sgata éan imṫiġṫe ó raḋarc na luinge agus an Ḃrídeog ċoṁ seasṁaċ le carraig ṁóir i lár na fairrge ciúine,

Ní ḃacfar annseo leis na hiongantais agus leis na huaṫḃáis ṫárla ar an luing ṁí-áḋṁaraiġ ċéadna ṫar éis na ngníoṁarca móra a luaḋaḋ: ní ċoir do ḋaoine macánta an iomarca suime ċur i mbeiṫeaṁnaiġiḃ de ṡaġas fuirinne na Brídeóige, agus maraċ an giolla óg agus an máta agus bean an ċaiptín ḃeiṫ ar bórd aca ní ḃacfaiḋe leó airís san sgéal seo.