29
“Long! Long! Ċím long ag bun na spéire ṫoir!”
Baineaḋ na fadraḋarcáin amaċ agus ṫosuiġeadar ag sgrúduġaḋ na spéire go géar. Ċonnacadar rud beag duḃ ag bun na spéire, aċt níor ḟéaḋ an tsúil ba ġéire ḋéanaṁ amaċ an long nó néal ḃí ann. Aċt ḃíodar uile lán de ḋóċas. Dá mba long ġaile ḃí ann ḃí leó Ḃí ré an ġorta agus na híotan ṫart. Agus is beag fear díḃ naċ ḃfaca i n-aisling, feólta maiṫe rósta agus na fíonta fuara meisgeaṁla ós a ċoṁair.
Ċuaiḋ an rud duḃ facṫas ag bun na spéire i méid. Ḃí earball fada aniar uaiḋ. Deataċ ó’n ngaltán d’eile?
Ní iongantas é gur ġaḃadar buiḋeaċas le Dia d’ḟóir orṫa i n-am a ngaḃaiḋ. Ní iongantas é gur réiḋ- tiġeadar le coṁairle an ċócaire gan na páisdí ċur ċun báis.
“Ná marḃuiġtear iad,” ar seisean. Ná bíoḋ a gcuid fola orainn ar seisean. “Tá Dia láidir agus tá Sé ag bronnaḋ caḃraċ orainn anois féin.”
Cluineaḋ cronán agus gíosgán i mbárr crannseól na Brídeóige ar an noiméad sin.
“Féaċ,” ars’ an cócaire, “tá na seólta uaċtaraċa beag naċ lán! Ní fada go mbéiḋ cóir ṁaiṫ ġaoiṫe againn; ní fada go mbéiḋ an tsean Ḃrídeóg ag cáṫaḋ fairrge agus ag gearraḋ sáile go tréan arís. Ná marḃuiġtear na páisdí! Ná marḃuiġtear iad!”
Annsin ṫáinig smaoineaḋ ċuige.
“Tá an ḃean marḃ,” ar seisean,—ceapaḋ gur ṁarḃuiġ an buille sa gceann í—“agus má ċuir mid na páisdí isteaċ san dá ḋaḃaċ úd ṫall béiḋ díolta aca as ċoirṫiḃ a n-aṫar, agus ní ḃéiḋ a gcuid fola orainn. Agus leis an ngaoiṫ atá ag eirġe anois, béiḋ na daḃaiġ fágṫa ’n-ár ndiaiḋ againn i gceann uaire a ċluig.
Cinneaḋ air sin.
Cuireaḋ Máire Ḃán isteaċ i ndaḃaċ ṁór. Cuireaḋ an Búrla boċt i ndaḃaċ eile. Agus ó ḃí an ċaḃair i ngar dóiḃ, méaduiġeaḋ ar an daonnaċt ḃí n-a gcroiḋe