Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/42

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

34

Dá mbéaḋ gáiriḋ ag na éanlaiṫ is cinnte go ndéan- faiḋe gáire fúiṫe. D’ḟanaḋ sí sgaṫaṁ amaċ o’n sguaine agus cosaṁlaċt an uaḃair uirṫi. Ba ḋóiġ leat uirṫi nár rugaḋ uḃ ariaṁ ċeana. Ċuireaḋ sí goic uirṫi féin agus caoċaḋ sí súil go tuigseanaċ mar ḃeaḋ sí a ráḋ:

“Ní fada anois go ḃfeicfear gníoṁ mór ġá ḋéanaṁ sí a ráḋ:

Agus ḃí an ealaḋain seo ċoṁ fada sin ar siuḃal aici ṫosaiġ na héanlaiṫ eile ag ceapaḋ go mb’éidir go raiḃ cuid ṁaiṫ de’n ċeart aici, agus go mbeirfeaḋ sí uḃ a ṡáróċaḋ aon uḃ dá rugaḋ ariaṁ roiṁe. Nárḃ ṁór an mí-áḋ orṫa an uḃ ḃreaġ sin a ċailleaḋ san ḃfairrge I gceann tamaill ḃig ní ḃíoḋ aon niḋ ag déanaṁ imniḋe ḋóiḃ aċt cén ċaoi a ḃféadfaidís uḃ na circe mórċúisiġe seo a ṡaḃáil. Ṫagaḋ éan anuas agus ḃíoḋ ag cainnt agus ag coṁráḋ agus ag glacaḋ coṁairle leis an seadaire a ḃí i ḃfastóḋ. D’imṫiġeaḋ sé annsin agus ṫagaḋ an sluaġ ar fad timċeall ar an bpríosúnaċ, agus ḃioḋ an oiread gleó aca agus ḃeaḋ ag páirliméad ban agus an toraḋ céadna ar a saoṫar.

Níor ḟéadadar cuiṁneaṁ ar aon ċaoi leis an uḃ a ṡáḃáil. Ḃéaḋ ar an gcirc ḃoiċt í ḃreiṫ sa ḃfairrge i ndeire na dála agus ar ndóiġ ba ṁór an mí-áḋ uḃ ḃreáġ dá leiṫéid a ċailleaḋ agus cárḃ ḟios dóiḃ naċ ḃfuiġeaḋ an ċearc óg uaiḃreaċ bás gan aon uḃ eile a ḃreiṫ mar ní ḃíoḋ ag an gcineál seo éin aċt ḋá uiḃ le linn saoġail ḋóiḃ.

Aċt ní aṁlaiḋ ṫárla. Ṫáinig oidċe ḃreáġ spéir ġealaiġe agus ḃí na páisdí n-a gcodlaḋ go sáṁ. Ḃí an Búrla n-a ḋaḃaċ féin agus é sínte ar ċnáṁ a ḋroma agus a léine fosgailte aige.

Ṫáinig an ċearc óg a raiḃ an uḃ aici ós a ċionn. D’ḟan sí tamall maiṫ ag féaċaint anuas air agus an sgata uile go léir gá faire go himniḋeaċ.

Ṫuirling sí ar imeall an daḃaiġ, agus sul a raiḃ a ḟios ag na héanlaiṫ eile céard a ḃí fuiṫe a ḋéanaṁ ḃí an uḃ ḃreáġ i mbrollaċ an Ḃúrla.