Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/43

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

35

Ḃí dream beag de na sean-ċearciaḃ ann agus duḃ- radar naċ ḃfacadar ariaṁ cleas ċoṁ náireaċ leis an gcleas sin, agus ṁionn aiġeadar agus ṁóideadar naċ laḃróċaidís léiṫi arís ċoiḋċe. An ċearc gan náire! Agus ḃí dream beag de na sean-ċoiliġiḃ ann agus ḃídís ag áiteaṁ ar a ċéile go lá a mbáis naċ ndeárnaḋ a leiṫéid de ġníoṁ ariaṁ, agus naċ ndéanfaiḋe ċoiḋċe é, ḃíoḋ is gur facṫas é ġá ḋéanaṁ os coṁair súl na cuideaċtan.

Aċt creid mise ann, ḃí urraim ṁór ag dul do’n ċirc óig ag na héanlaiṫ ba ṁeasaṁla ar an sguaine.

Nuair a ṁoṫaiġ an Búrla an rud te i mbrollaċ a léine ḋúisiġ sé, agus rug sé ar an uiḃ le n-a briseaḋ, aċt nuair a rug, ṫóg na héanlaiṫ aon ġáir ṁór bróin agus do rinneadar eiġṁe loma loisneaċa, agus caoineaḋ caol cruaḋ gur líonaḋ an leaṫan-ṁuir mór-dtimċeal orṫa le n-a n-olagón. Nuair ċuala an Búrla an tormán uaṫḃásaċ a ḃí ar siuḃal níor ḃris sé an uḃ. Rinne sé bréagán di. San oiḋċe ḃíoḋ an uḃ go te teólaiḋe faoi n-a asgail aige, agus sa ló, ḃíoḋ sí go seasgair ar úrlár an daḃaiġ faoi ġoraḋ na gréine.

Aċt maidin dár ḋúisiġ sé céard d’ḟeicgeaḋ sé aċt éan beag órḋa agus é ag riṫeaċt agus ag léimniġ ar fud urláir an daḃaiġ!

Ba ṁór an peata ag an mBúrla agus ag Máire Ḃáin an sicín seo. Agus ba mór an ċaḃair ḋoiḃ freisin é, mar is cinnte go ḃfuiġidís bás leis an tart maraċ é.

Seo é an ċaoi ar ṡaḃail sé iad:

Ḃíoḋ na h-éanlaiṫ uile go léir ag teaċt ós cionn na ndaḃaċ gaċ uile lá leis an sicín múirneaċ ḟeiceál agus ḃídís ag sgreadaḋ agus ag sgréaċġail ar a lán ndiṫċeall, agus le linn na sgréaċġaile seo ḃíoḋ fliċe ag éalú anuas ó n-a ngobaiḃ agus ḃíoḋ an ḃeirt páisdí ġá ól.

Naoi lá déag ḋóiḃ sna daḃaiġiḃ nuair d’eiriġ leis an éan cumasaċ a ḃí i ḃfastóḋ san eangaiġ iad a ṫaḃairt i dtír ar ṫraiġ ṁóir ġainiṁiġ ar oileán uaigneaċ nár facṫas le súil fear ariaṁ.