Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

36

XVI.

Ḃí sean leoṁan n-a ċoṁnaiḋe ar an oileán seo. Ní raiḃ a ḟios cé’n aois ṁór a ḃí aige mar, ní raiḃ luċt stáire a sgríoḃoḋ ná seanċaiḋṫe béil féin ar a ċineaḋ. Aċt má’s féidir aois leoṁain a ṁeas ar a ṁuing, nó ar a ḋaṫ, ḃí sé ċoṁ sean le aon leoṁan dár ṁair ariaṁ. Ḃí casṁong ċreaṫánaċ lonnraċ air; uaireannta ċuireaḋ an ṁong ṁór seo tonnta mara mire ḃeaḋ dá radaḋ féin ar ṫráiġ i gcuiṁne ḋuit; uaireannta eile, ba ġeall le néaltaiḃ ġá sguabaḋ le gaoiṫ san oiḋċe í. Agus ba ċosaṁla go mór leis na néaltaiḃ í an tráṫ ḃíoḋ olc air agus an ṁong ag tuitim anuas ṫar a ṡúiliḃ soillseaċa buile.

Ḃíoḋ loinnir sna súiliḃ céadna sin i gcoṁnaiḋe; sgaiṫtí ċeapṫá go mbíoḋ an driṫle ḃíoḋ le feiceál n-a ḃfíor-ḋoiṁneaċt ġá múċaḋ le sean-aois nó le buairt an tsaoġail; sgaiṫtí eile ḃíoḋ an driṫle ċoṁ beoḋa agus ċoṁ niṁneaċ sin is naċ mbéaḋ misneaċ ag aon ainṁiḋe dar ṁair ariaṁ feaċaint aír.

Ní féidir cur-síos a ḋéanaṁ ar a ḋaṫ. Ní raiḃ buiḋe ann go dtí é. Ní daṫ taiṫneaṁaċ buiḋe. Is iomḋa cineál buiḋe ann naċ réiḋtiġeann le súil duine ná ainṁiḋe. Ní raiḃ buiḋe an tsean-leoṁain le taḃairt faoi deara ar aon ḃeiṫiḋeaċ eile dar áitiġ an ḟoraois. Ní iongaḋ uaṁan ḃéiṫ orṫa uile roiṁe ar a ḋaṫ aṁain. Ní ḟéadfaḋ aon ainṁiḋe ḃeiṫ ar an mbuiḋe sin gan ḃeiṫ cumasaċ.

Ḃí cáil ṁór troda air san ḃforaois aċt níor facṫas ag troid ariaṁ é. Ḃí sean-ḟiaċ duḃ ann, a ḃí ag féaċaint ar an saoġal ó ḃárr crainn le ḋá ċéad bliaḋan. Ḃí an t-éan aosta seo ċoṁ haigeanta is ba ċoir d’ḟiaċ- duḃ a ḃeiṫ. Ní aṁáin go raiḃ a ċiall ḋuṫaċasaċ féin aige, aċt ċeannaiġ sé an-lear céille n-a óige agus is daor d’íoc sé ar ar ċeannaiġ sé Ḃí sé ċoṁ ciallṁar sin is nár laḃair sé ṫar focal le caraid ná le naṁaid le tamall fada de ḃliaḋantaiḃ. Do fiafruiġéaḋ de’n ḟiaċ-duḃ uair cé’n cineál trodaire ḃí san seanleoṁan.