Tír na n-Iongantas/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XVI
[ 36 ]

XVI.

Ḃí sean leoṁan n-a ċoṁnaiḋe ar an oileán seo. Ní raiḃ a ḟios cé’n aois ṁór a ḃí aige mar, ní raiḃ luċt stáire a sgríoḃoḋ ná seanċaiḋṫe béil féin ar a ċineaḋ. Aċt má’s féidir aois leoṁain a ṁeas ar a ṁuing, nó ar a ḋaṫ, ḃí sé ċoṁ sean le aon leoṁan dár ṁair ariaṁ. Ḃí casṁong ċreaṫánaċ lonnraċ air; uaireannta ċuireaḋ an ṁong ṁór seo tonnta mara mire ḃeaḋ dá radaḋ féin ar ṫráiġ i gcuiṁne ḋuit; uaireannta eile, ba ġeall le néaltaiḃ ġá sguabaḋ le gaoiṫ san oiḋċe í. Agus ba ċosaṁla go mór leis na néaltaiḃ í an tráṫ ḃíoḋ olc air agus an ṁong ag tuitim anuas ṫar a ṡúiliḃ soillseaċa buile.

Ḃíoḋ loinnir sna súiliḃ céadna sin i gcoṁnaiḋe; sgaiṫtí ċeapṫá go mbíoḋ an driṫle ḃíoḋ le feiceál n-a ḃfíor-ḋoiṁneaċt ġá múċaḋ le sean-aois nó le buairt an tsaoġail; sgaiṫtí eile ḃíoḋ an driṫle ċoṁ beoḋa agus ċoṁ niṁneaċ sin is naċ mbéaḋ misneaċ ag aon ainṁiḋe dar ṁair ariaṁ feaċaint aír.

Ní féidir cur-síos a ḋéanaṁ ar a ḋaṫ. Ní raiḃ buiḋe ann go dtí é. Ní daṫ taiṫneaṁaċ buiḋe. Is iomḋa cineál buiḋe ann naċ réiḋtiġeann le súil duine ná ainṁiḋe. Ní raiḃ buiḋe an tsean-leoṁain le taḃairt faoi deara ar aon ḃeiṫiḋeaċ eile dar áitiġ an ḟoraois. Ní iongaḋ uaṁan ḃéiṫ orṫa uile roiṁe ar a ḋaṫ aṁain. Ní ḟéadfaḋ aon ainṁiḋe ḃeiṫ ar an mbuiḋe sin gan ḃeiṫ cumasaċ.

Ḃí cáil ṁór troda air san ḃforaois aċt níor facṫas ag troid ariaṁ é. Ḃí sean-ḟiaċ duḃ ann, a ḃí ag féaċaint ar an saoġal ó ḃárr crainn le ḋá ċéad bliaḋan. Ḃí an t-éan aosta seo ċoṁ haigeanta is ba ċoir d’ḟiaċ- duḃ a ḃeiṫ. Ní aṁáin go raiḃ a ċiall ḋuṫaċasaċ féin aige, aċt ċeannaiġ sé an-lear céille n-a óige agus is daor d’íoc sé ar ar ċeannaiġ sé Ḃí sé ċoṁ ciallṁar sin is nár laḃair sé ṫar focal le caraid ná le naṁaid le tamall fada de ḃliaḋantaiḃ. Do fiafruiġéaḋ de’n ḟiaċ-duḃ uair cé’n cineál trodaire ḃí san seanleoṁan. [ 37 ]Ní ḋeárna an t-éan aċt súil ċaoċaḋ leis an luċt fiafraiġṫe agus glam gáiriḋ a sgaoileaḋ uaiḋ. Ní iongantas mór é gur leaṫnaiġ cáil troda an tsean- leoṁain ar fud na foraoise ṫar éis sin.

Ḃí nósa faoi leiṫ ag an sean-leoṁan. Ní ḃíoḋ fonn mór oibre air an lá dob’ óige ḃí sé. Níor ċleaċtaiġ sé fiaḋaċ agus níor ċleaċtaiġ sé coṁrac. Aċt ní raiḃ aon ġaḃaḋ aige a gcleaċtaḋ ó ḃí smaċt maiṫ aige ar a ṁuinntir. Ġníṫeaḋ a ḃean fiaḋaċ ḋó. Ġníṫeaḋ a ċlann ṁac agus a ċlann inġean agus clann a ċloinne troid ḋó. B’ḟéidir gur ċeap sé n-a intinn féin go mbeaḋ sé náireaċ ag seanaṫair mórḋa mar é ainṁiḋe beag boċt a ionnsaiġe nuair naċ gcuirtí ċuige é, aġus is cinnte naċ n-ionnsóċaḋ aon rud beó san ḃforaois eisean, mara ndéanfaḋ sé go fealltaċ é, ḃí cáil ċoṁ mór sin air.

Níor facṫas ag iṫe ariaṁ é; nuair a tugtaoi a ḃéile ċuige isteaċ san bpluais ḃí aige, ḃíoḋ ar a luċt freas- tail imṫeaċt sul a dtosnóċaḋ sé air. Aċt is cinnte naċ raiḃ goile ró-ḋona aige. Ba léir sin o’n gcarnán cnáṁ ḃí fágṫa n-a ḋiaiḋ aige ar urlár na pluaise!

Ní ḟágaḋ sé an ṗluais aċt go hannaṁ. Nuair a ḃíoḋ codlaḋ i ndiaiḋ feóla déanta aige, ḃualaḋ sé amaċ ag glacaḋ an aeir ḋó féin. Aċt ní ḋéanaḋ sé é mara mbeaḋ an aimsir go hoireaṁnaċ. Ar na hocáideaċaiḃ seo, seaḋ is mó cluinṫeá a ġlór, agus mara gcuirfeaḋ a ḋáṫ ná a ṡúile niṁneaċa ná a ṁong lomraċ ná a ṡiuḃal cataṁail imeagla ort is cinnte go gcuirfeaḋ a ġlór. Ní raiḃ aon ḃinneas n-a ġlós. Ag taḃairt duḃsláin dóċra agus ceaṫrċa ḃíoḋ sé ṡilṫeá. Ní raiḃ aon ainṁiḋe sa ḃforaois naċ dtagaḋ creaṫaḋ air, ar ċlos an tseanleoṁain ḋó. An crogal a ḃioḋ go daoiṁin san láib faoi ḃruaċ an tsroṫa, níor ṁór an ṁoill air a ḋul go tóin puill ar ċlos an tóirneaċ uaṫḃásaċ sin dó. An t-iolar ar an áil, an sébra luaimneaċ, an tiger n-a uaċais ḋorċa, an t-ele- fent féin—níor ḃreáġ leó an ceól sin.

Ní iongnaḋ mór é go raiḃ meas agus cáil ar an seanleoṁan buiḋe mongaċ árd-ġlóraċ.