Tír na n-Iongantas/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XVII
[ 38 ]

XVII.

D’ḟág an ceaṫrċa ríoġaṁail seo a ṗluais oiḋċe le dul ag spaisdeóireaċt ḋó ḟéin. Ḃí a lánḋóṫain d’asal óg ḟiaḋain aṁ iṫte aige an ṁaidin ċéadna seo. Ḃí sé suḃaċ sáṫaċ. Ḃí sé sásta leís an saoġal. Ní raiḃ deifir ná deaḃaḋ air. Ní raiḃ imniḋe intinne ná gaḃaḋ colna air, aċt an driṫle solusṁar ḃíoḋ n-a ṡúiliḃ go gnáṫaċ ġá múċaḋ le sástaċt. Ní ḟágaḋ sé a ṗluais ar ċor ar biṫ maraċ go raiḃ an oiḋċe go haoiḃinn, agus ḃí fonn air droċ-aér na pluaise a ḋíbirt amaċ ó n-a sgaṁógaiḃ.

Ḃain sé searraḋ as féin ag béal na pluaise. Sín sé a ḋá ċois tosaiġ amaċ uaiḋ, agus ṡin sé a ḋá ċois deiriḋ siar uaiḋ go raiḃ a ḃolg lán buailte leis an talaṁ beagnaċ. Ba ṁór an t-iongnaḋ an fad a ḃí ann ó ḃárr na gcos tosaiġ siar.

Annsin ċuimil sé crúb leis dá ṡúiliḃ gur ḃain sé na sramaċaiḃ asta, agus ar a n-osgailt ḋó arís céard a ṫug sé faoi deara aċt dreóilín d’éan ḃeag ’n-a ṡeasaṁ ar ġéig sgeiċe i n-aice leis. An leoṁan mór a ḋúisiġ an dreóilín boċt agus ṫáinig fonn air glam a leigint le cur i gcuiṁne do’n éan dearóil naċ raiḃ aon ċeart aige ḃeiṫ ag féaċaint ar a leiṫéid d’ainṁiḋe ċumasaċ ṫar éis eirġe ḋó. Aċt níor leig. Ḃí leisge ró-ṫrom air. Ḃí beagán ṫar an iomairce de’n asal ḟiaḋain iṫte aige.

Marar leig sé glam, ċreaṫ sé a ṁong agus a iorball go míḟoiġdeaċ, agus isteaċ leis i ndoirċeaċt na foraoise.

Ḃí ḋá ċineál siuḃail aige de ġnáṫaċ, siuḃal cataṁail agus siuḃal rioġaṁail. An siuḃal rioġaṁail ċleaċtaiġ sé an oiḋċe seo. Le gaċ coiscéim dá dtugaḋ sé, agus le gaċ cor dá gcuireaḋ sé da ċolainn áluinn ṁaorḋa, ċuireaḋ sé i gcuiṁne do ḋuine agus do ḃeiṫiḋeaċ naċ raiḃ aon ḃeann aige orṫa. Ní ṡílṫeá ar a ṡiúḃal ná ar a iomċur go raiḃ aon ḟonn troda air. Agus ní raiḃ. Aċt dá gcuirtí troid air ní eisean a loicfeaḋ.

[ 39 ]Ġluais leis ṫríd an ḃforaois ḋuaiḃseaċ go mall agus go ríoġaṁail gan cur isteaċ aige ar aon rud beo. Le ċoṁ héadtrom is ḃí sé ag siuḃal, ċeapṫá gur ġoill sé air satailt ar an ḃféar féin. Act má ḃí ainṁiḋe ná. éan sa gconaire aiṁréiḋ roiṁe, ba ró-ḃeag an ṁoill orṫa bealaċ a ṫaḃairt dó.

Casaḋ sgaṫa móncaiġ leis san tsliġe, agus ba ṁór an greann na hainṁiḋṫe sgafánta sin ḟeiceál ag glanaḋ leó ar nós na gaoiṫe. Níor leig an sean- leoṁan air aṁṫaċ go ḃfaca sé na spriosáin ġránda ar ċor ar biṫ. Ní mó ná gur leig go ḃfaca sé an an sean- ċeann gormṡrónaċ urċóideaċ ḃí ar croċaḋ ó ġéig le n-a iarball ḟada roiġin ċumasaċ. Ċuaiḋ an sean leoṁan millteaċ faoi’n ngéig agus a ċeann faoi aige, mar ḃeaḋ sé ag déanaṁ a smaointe. Pébrí céard iad na smaointe doiṁne diaṁra leoṁanta ḃí n-a ċeann, cuireaḋ isteaċ orṫa go tobann. Ḃí an sean-ṁoncaiġ srón-ġorm i ngreim sa ngéig le n-a iarball agus a ċeann agus a ġéaga ar sileaḋ leis. Ċuaiḋ an sean- leoṁan ṫart faoi go maorḋa gan a ċeann a ṫogáil, aċt ní túisge ċuaiḋ ná d’aiṁsiġ an moncaiġ bradaċ sa gcluais é le cnó cócó!

Ná ceaptar feasda naċ ainṁiḋe foiġideaċ a ḃí sa seanleoṁan. Cor ná creaṫaḋ níor ċuir sé ḋe, aċt do ġluais leis gur ḟág sé an ḟoraois n-a ḋiaiḋ agus gur ḃain sé an maċaire mór a ḃí idir an ḃforaois agus an ṁuir amaċ. Ṡeas sé i lár an ṁaċaire. D’ḟéaċ soir. D’ḟéaċ sé siar, agus nuair d’ḟéaċ ċonnaic sé na daḃaiġ ṫug Máire Ḃán agus an Búrla i dtír ar an tráiġ agus na héanlaiṫ ag sgréaċġail n-a dtimċeall.

Leig sé aon ġlam aṁáin as a ḃain mac-alla as an ḃforaois agus as na carraigeaċaiḃ agus a sgap na héanlaiṫ ar fud na mara móire.