Tír na n-Iongantas/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XIV
[ 31 ]

XIV.

D’imṫiġ an sgata éanlaiṫ rómpa mar ṡaiġead ós cionn na mara uaigniġe, agus iad ag leadraḋ an aéir ċiúin le na sgiaṫánaiḃ fada tréana. Do ċeapfá ar a ḃfeiceál duit naċ aon sgata aṁáin a ḃí ann aċt dá sgata san aér, agus sgata eile ṡíos uait san ḃfairrge ġuirm ġlain.

Nuair ċonnaic an t-éan cinn a ḃí orṫa an dá ḋaḃaċ ar ḃárr an uisge, ṫosaiġ sé ag sgréaċġail go millteaċ agus ag fógairt dá ċoṁluadar go raiḃ rud aisteaċ ṡíos uaṫa san uisge.

Go dtí go ḃfacadar na daḃaċa ḃíodar ag imṫeaċt rómpa ’n-aon sguain aṁáin, aċt anois b’éigin dóiḃ an sguain a ḃriseaḋ agus coṁairle a ġlacaḋ le ċéile. Ċeap éan díoḃ é seo; ċeap éan eile díoḃ é siúd; ṫosuiġeadar uile ag laḃairt le ċéile; ṫosuiġ ceann aca ag laḃairt ós íseal go críona aċt níor éist an ċuid eile leis; annsin ḃíodar uile n-a dtost. Níor facṫas a saṁail ariaṁ aċt dream táilliúr ḃeaḋ ar tí coṁrac a ċur ar ġandal!

Faoi ḋeoiġ, sgar an cinn-éan ó’n sguain. Ċuir sé goṫa troda air féin. Ṫáinig cosaṁalaċt ḟíoċṁar air. Ba ṁór an ṁuinġín ḃí ag na héanlaiṫ eile as, aċt ní ċreidfidís go mbeaḋ sé de ṁisneaċ agus de ḋánaċt ann an naṁa uaṫḃásaċ a ḃí ṡíos uaṫa ’sa ḃfairrge a ionnsuiġe. Aċt ḃí. Ċeap sé ruaṫar ṫaḃairt faoi ’n naṁaid niṁniġ, aċt ó ḃí an dá ḋaḃaċ sgarṫa ó ċéile roinnt, ḃí aiṁreas air, ar nós a lán seadairí eile, cé aca de’n dá naṁaid ab ḟeárr ḋó ionnsuiġe i dtosaċ: b’ḟéidir gurab é an ċaoi gur ċaill sé a ṁisneaċ i ndeireaḋ na dála, mar níor ċuir sé troid ar ċeaċtar aca—ní ḋeárna sé aċt é féin a ísliuġaḋ sa ḃfairrge idir eatorra agus glug-glug uaṫ- ḃásaċ a ḋéanaṁ le n-a sgannraḋ!

Dá mbeaḋ an misneaċ ceart aige, ḃéarfaḋ sé ruaṫar faoi ċeann éigin díoḃ: nuair nár ṫug d’eiriġ an mí-áḋ ḋó.

[ 32 ]Ċuaiḋ cos leis i ḃfastóḋ san eangaiġ a ḃí idir an dá ḋaḃaċ!

Ḃí an seada ré boċt i dteannta. Níor ḟéad sé an ċos ṫaḃairt leis. D’oibriġ sé na sgiaṫáin go tréan, aċt ní raiḃ maiṫ ann. Níor ḟéad sé aċt an dá ḋaḃaċ ṫarraingt le ċéile, agus eirġe cúpla feáġ san aér. Rinne sé sin go mion minic gur ḃuail sé an dá ḋaḃaċ le ċéile.

An tríoṁaḋ uair a bualaḋ le ċéile iad, ḃí an sgata uile ar tí na páisdí a ḃí sna daḃaiġiḃ a ionnsaiġe, aċt nuair a ċualadar an Búrla ag sgairteaḋ agus ag greadaḋ bos ar ḟeiceál a ḋearḃṡiúra ḋó, ġaḃ sgaṫ iad, agus d’ḟanadar amaċ ó’n dá ḋaḃaċ.

Ní raiḃ aċt ḋá rud le déanaṁ aca anois. Imṫeaċt leó agus a dtreóraiḋe boċt ḟáġail ag Dia, nó fanaċt n-a aice agus biaḋ ṫaḃairt dó le súil go n-eireóċaḋ leis éaluġaḋ uair éigin. Sé an rud deiriḋ rinneadar.

Ḃí an t-éan a ḃí i dteannta i n-ann eiteall aċt naċ raiḃ sé i n-ann an ċos ṫaḃairt leis; sé an ċaoi a mbíoḋ sé ag tarraingt na ndaḃaċ mór go mall ṫríd an ḃfairrge, agus an sgata ag folluṁain ós a ċionn ġá ġríosaḋ agus ġá ḃeaṫuġaḋ le mion-iasgaiḃ....

Ḃí eagla an naṁad orṫa druideaḋ i n-aice leis, agus do leigidís do’n ḃiaḋ tuitim san uisge i ngar ḋó aċt is iomḋa iasg díoḃ ṫuit i ndaḃaċ an Ḃúrla agus i ndaḃaċ Ṁáire Ḃáin, agus maraċ gur ṫuit ní ró-ḟada go mbeireaḋ an bás orṫa. Nuair a ṫuiteaḋ biaḋ i ndaḃaċ Máire Ḃáin leigeaḋ sí gair áṫais a ċuireaḋ eagla ar an éan a ḃí i ḃfastóḋ, agus annsin ṡíleaḋ sé imṫeaċt, aċt naċ n-eiriġeaḋ leis aċt an dá ḋaḃaċ ṫarraingt le ċéile go mbuailtí i n-aġaiḋ a ċéile iad. Ar an gcaoi sin d’eiriġeaḋ le Máire cuid de’n ḃiaḋ ṫaḃairt do’n Ḃúrla, agus d’eiriġeaḋ leis siúd biaḋ ṫaḃairt ḋi mar an gcéadna.

Ḃí contaḃairt eile ann do’n ḃeirt ḋíleaċtaiḋe. Ḃí teas ċoṁ mór sin ó’n ngréin faoi ṁeaḋon-lae go marḃoċaiḋe iad maraċ cleas d’foġluim Máire Ḃán. Nuair a ḃi sí suġaċ saṫaċ lá, agus a dóṫain éisg iṫte [ 33 ]aici. ṫosaiġ sí ag déanaṁ aiṫris ar sgréaċġail na n-éan le greann ḃeiṫ aici. Ṫug sí faoi deara annsin go mbeidís uile ag druidim léiṫe go ḃfeicidís céard a ḃí ar siuḃal. Faoi ṁeaḋon-lae nuair a ḃíoḋ an teas millteaċ ó’n ngréin, ḋéanaḋ sí aiṫris ar an sgréaċġail, agus annsin bíoḋ fosgaḋ maiṫ o’n ngréin ag an mbeirt aca. Nuair d’ḟéaċaidís suas uaṫa sa spéir d’ḟeicidís mar ḃéaḋ slamanna móra beó sneaċta ag folluṁain ós a gcionn agus ag duḃaḋ na spéire orṫa.