Tír na n-Iongantas/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XIII
[ 28 ]

XIII.

Is cinnte go gcuirfidís an ḃean agus an ċlann óg ċun báis freisin maraċ go gcualadar an fear faire a ḃí i n-áirde sa gcrannóig ag glaoḋaċ i n-árd a ġoṫa:

[ 29 ]“Long! Long! Ċím long ag bun na spéire ṫoir!”

Baineaḋ na fadraḋarcáin amaċ agus ṫosuiġeadar ag sgrúduġaḋ na spéire go géar. Ċonnacadar rud beag duḃ ag bun na spéire, aċt níor ḟéaḋ an tsúil ba ġéire ḋéanaṁ amaċ an long nó néal ḃí ann. Aċt ḃíodar uile lán de ḋóċas. Dá mba long ġaile ḃí ann ḃí leó Ḃí ré an ġorta agus na híotan ṫart. Agus is beag fear díḃ naċ ḃfaca i n-aisling, feólta maiṫe rósta agus na fíonta fuara meisgeaṁla ós a ċoṁair.

Ċuaiḋ an rud duḃ facṫas ag bun na spéire i méid. Ḃí earball fada aniar uaiḋ. Deataċ ó’n ngaltán d’eile?

Ní iongantas é gur ġaḃadar buiḋeaċas le Dia d’ḟóir orṫa i n-am a ngaḃaiḋ. Ní iongantas é gur réiḋ- tiġeadar le coṁairle an ċócaire gan na páisdí ċur ċun báis.

“Ná marḃuiġtear iad,” ar seisean. Ná bíoḋ a gcuid fola orainn ar seisean. “Tá Dia láidir agus tá Sé ag bronnaḋ caḃraċ orainn anois féin.”

Cluineaḋ cronán agus gíosgán i mbárr crannseól na Brídeóige ar an noiméad sin.

“Féaċ,” ars’ an cócaire, “tá na seólta uaċtaraċa beag naċ lán! Ní fada go mbéiḋ cóir ṁaiṫ ġaoiṫe againn; ní fada go mbéiḋ an tsean Ḃrídeóg ag cáṫaḋ fairrge agus ag gearraḋ sáile go tréan arís. Ná marḃuiġtear na páisdí! Ná marḃuiġtear iad!”

Annsin ṫáinig smaoineaḋ ċuige.

“Tá an ḃean marḃ,” ar seisean,—ceapaḋ gur ṁarḃuiġ an buille sa gceann í—“agus má ċuir mid na páisdí isteaċ san dá ḋaḃaċ úd ṫall béiḋ díolta aca as ċoirṫiḃ a n-aṫar, agus ní ḃéiḋ a gcuid fola orainn. Agus leis an ngaoiṫ atá ag eirġe anois, béiḋ na daḃaiġ fágṫa ’n-ár ndiaiḋ againn i gceann uaire a ċluig.

Cinneaḋ air sin.

Cuireaḋ Máire Ḃán isteaċ i ndaḃaċ ṁór. Cuireaḋ an Búrla boċt i ndaḃaċ eile. Agus ó ḃí an ċaḃair i ngar dóiḃ, méaduiġeaḋ ar an daonnaċt ḃí n-a gcroiḋe [ 30 ]agus ċuireadar ḋá ḃuilín aráin agus árṫaċ beag de ḃoḋar-uisge i ngaċ daḃaċ díoḃ. Annsin do hísliġeaḋ na daḃaiġ, agus cuireaḋ ar snáṁ ar ḃarr na taoile iad.

“Má’s é an bás atá i ndán dóiḃ.” ars’ an cócaire, “ġeiḃidís bás i n-éinḟeaċt,” agus ċeangail sé an dá ḋaḃaċ le ċéile le eangaiġ truim cnáibe.

D’eiriġ an ġaoiṫ roinnt. Líonaḋ seólta na Brídeóige an méid díoḃ nár réaḃaḋ, agus ní fada an t-aċar go raḃadar míle mara ó’n dá ḋaḃaċ.

Aċt ṫuit an lag ar ḟuirinn na Brídeóige ar a ṫaḃairt faoi deara ḋóiḃ naċ galtán a ḃí ag déanaṁ orṫa aċt sgata éanlaiṫ. Ḃí caḃail gaċ éin díoḃ ċoṁ mór le caḃail searaiġ asail, agus ḃí ḋá ḟeáġ idir barr na sgiaṫán i ngaċ éan dioḃ. Má ḃí ceann ann ḃí ṫrí ċéad, agus ċaiṫeadar an lá agus mórċuid de’n oiḋċe ag folluṁain ós cionn na Briḋeóide. Níor féad aon ḟéar codlaḋ a ḋéanaṁ ar an luing an oiḋċe sin leis an torann uaṫḃásaċ a ḃí ó sgiaṫánaiḃ na n-éan mór. Ar ṫeaċt na hoiḋċe, d’ísliġ an ġaoiṫ arís, aċt ḃí cuid de ṡeóltaiḃ na luinge go bolgaċ leis an séideaḋ ḃí ag teaċt ó sgiaṫánaiḃ na n-éan.

Nuair d’eiriġ an ġrian ar maidin ḃí an sgata éan imṫiġṫe ó raḋarc na luinge agus an Ḃrídeog ċoṁ seasṁaċ le carraig ṁóir i lár na fairrge ciúine,

Ní ḃacfar annseo leis na hiongantais agus leis na huaṫḃáis ṫárla ar an luing ṁí-áḋṁaraiġ ċéadna ṫar éis na ngníoṁarca móra a luaḋaḋ: ní ċoir do ḋaoine macánta an iomarca suime ċur i mbeiṫeaṁnaiġiḃ de ṡaġas fuirinne na Brídeóige, agus maraċ an giolla óg agus an máta agus bean an ċaiptín ḃeiṫ ar bórd aca ní ḃacfaiḋe leó airís san sgéal seo.