Tír na n-Iongantas/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XII
[ 26 ]

XII.

Is annsin d’eiriġ bean an Ċaiptín n-a ceartṡeasaṁ i láṫair na cuideaċtan. Ṫug sí trí léim ar urlár na luinge, agus an ceaṫraṁaḋ léim ḃeaḋ sí ṫar bord agus i n-aon uaiġ leis an ḃfear a ġráḋaiġ sí, maraċ go rug beirt ṁairnéalaċ uirṫi.

Nuair naċ raiḃ sé n-a cumas í féin a ḃáṫaḋ le n-a fear duḃairt sí an ċainnt seo, agus í ag féaċaint síos san ḃfairrge ḋoiṁin mar ar báṫaḋ a céile ionṁuin:

“Ba tú mo laoċ, mo ċuid, mo ċéile; ba tú an curaḋ [ 27 ]calma cróḋa nár staon ariaṁ; ba tú m’ḟuiseóg le ceól agus le briaṫraiḃ boga binne; ba tú mo ċrann cosanta i ngaċ contaḃairt; ba tú an fear le héisteaċt do b’ḟeárr ḃí ar an saoġal seo ariaṁ; ní raiḃ áileaċt ann gur rugaḋ tú; ní raiḃ calmaċt ann gur tógaḋ ṫú; ní raiḃ láġaċt ann go dtáinig tú ar an saoġal....

“Agus anois atá sé imṫiġṫe uaim; súil ní ḟágfad arís go deó ar a ċeann ṁaiseaċ, ar a ġruaiḋ aoiḃinn, ar a ġuailniḃ láidre, ar a éadan ṡoineanta, ar a ḃéal nár innis bréag ariaṁ, ar na pusa sin ḃeireaḋ póg ḋom go díl agus go díoċraċ, ar a ṡróin ḃreáġ uasail, ar a smig naċ raiḃ beag....

“Naċ truaiġ mé indiu gan mo ġaisgiḋeaċ, gan mo ṡeadaire, gan mo ġiolla uasal, gan an leoṁan dás- aċtaċ a lúbaḋ fir an doṁain ṁóir, gan áilleán bréagṫa na bpáisdí, gan curaḋ meallta na mban, gan an peata a ṫógaḋ an brón de mo ċroiḋe le blas a ṗóige....”

Nuair ba ḃrónaiġe a ṁáṫair ṫosaiġ an Búrla ag gáire agus ag bualaḋ bos, mar níor ṫuig an díleaċta boċt céard a ḃí ar siuḃal nó céard d’éiriġ dá aṫair. Ċeap sé gur cineál cluiċe ḃí ar bun aca, agus ḃí sé ag baint grinn ṁóir as. Rug sé ar ḃinn gúna ar a ṁaṫair, agus ḃíoḋ ag fiafraiġ ḋi cá ndeaċa a aṫair i ḃfolaċ uaṫá, nó an le breiṫ ar iasg i gcoṁair a mbéile ċuaiḋ sé go tóin puill. Aċt ní ḃfuair sé fuasgailt na ceiste sin ó’n ṁnaoi ċráiḋte.

Ḃí sí ag molaḋ a fir go deas fileata nuair ċuir Satan isteaċ uirṫi go sgigeaṁail. Annsin ṫug sí aġaiḋ ar an duine sin.

“A ṁic an diaḃail,” ar sise, agus ṡil sí a cuid iongan a ċur n-a ċuid feóla aċt cuireaḋ cosg léiṫe.

Nuair nár eiriġ léiṫe sin a ḋéanaṁ ċuaiḋ sí ar a ḋá glúin agus rinne sí tairngearaċt ċuis uaṫḃás ar ḟuirinn na Brídeóige.

“Ċím long ḋuḃ.” ar sise agus duṫraċt n-a glór, “ċím long ḟada ḋuḃ ag imṫeaċt ar ḃarr na fairrge gan stiúr gan treóir. An ḟuireann atá ar bord na luinge sin, an méid is beó díoḃ, táid caiṫte ṫall is i [ 28 ]ḃfus gan ionnta láṁ a ċorruġaḋ leis an tart agus leis an ocras mór atá orṫa. Ċím fear beag gan srón n-a ṡeasaṁ ar urlár na luinge duiḃe agus é ag cainnt agus ag síor-ċainnt ar ḟeóil ṁéiṫ agus ar ḟíor-uisge agus gan greim de’n ḟeóil ná braon de’n uisge i ndán dó, ċím é ag fáġail ḃáis leis an tart agus ag iarraiḋ é féin a ċaiṫeaṁ isteaċ sa ḃfairrge aċt naċ ḃféadann sé mar ġeall ar na slaḃraí móra atá ġá ċeangal de ċrann tosaiġ na luinge.... féaċ é! féaċ é agus a ṫeanga ṫirm ċalca ag sileaḋ leis, agus é ag iarraiḋ ar Ḋia fóirṫín air. Aċt níl fóirṫin i ndán ḋó....”

D’ḟéaċ sí ar an gcócaire ċiall a ṡrón. Staon reisean. Ṫosaiġ sé ag déanaṁ coṁarṫa na Croise ar a éadan. Ċeap an ḟuireann go raiḃ sé ar buile.

Lean an ḃean do’n ċainnt.

“Ċím fear árd géagaċ atá ar leaṫ-ċluais ar croċaḋ as ná maidíḃ treasna,” ar sise; “leis an gcrot atá ar is soiléir go ḃfuil sé ar croċaḋ ann le aċar fada, mar níl sgioltar feóla air naċ ḃfuil piocṫa ag éanlaiṫ amplaċa na mara. Ċím a easnaċa loma, ċím realtóga na spéire duiḃe ag lonnraḋ ṫríd an gcaḃail ġránda sin....”

“Buailtear sa ċeann í” arsa Satan, mar ḃí ḟios aige gur ḋó ḟéin ḃí sí ag tagairt.

Bualaḋ. Níor cluineaḋ a ṫuilleaḋ cainnte uaiṫi. Aċt ċuir a cuid cainnte uaṁan ar na mairnéalaiġiḃ, agus duḃairt duine aca le duine eile go mbeaḋ easnaċa an ḟir áird luim sin a ḃí ar leaṫ-ċluais ag dul idir é agus codlaḋ na hoiḋċe go lá a ḃáis.

“Naċ uaṫḃásaċ an rud,” arsa duine, “réaltóga na spéire ḟeiceál ag lonnraḋ ṫrí t’easnaċa loma!”

“Agus éanlaiṫ ocraċa alpaċa dod’ ṗiocaḋ!” arsa duine eile.