Tír na n-Iongantas/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XI
[ 22 ]

XI.

Ní bréag a ráḋ go raiḃ obair ḋiaḃalta ar siuḃal aca ar urlár uaċtaraċ na Brídeóige ar maidin le eirġe na gréine.

[ 23 ]D’eiriġ leis na beiṫeaṁnaiġiḃ, an buaḋ ḟáġail ar an gCaiptín Mongaċ agus ar a ṁuinntir, agus ḃí an fear boċt agus a ċúram, agus an méid do’n ḟuirinn nár ṫréig é, gaḃṫa ag Satan agus ag a ċoṁluċṫ. Ḃí slaḃraí troma iarainn ar ċaolaiḃ an Ċaiptín, agus eangaċ trom teann cnáibe ’n-a ṫimċeall.

Ḃí socraiġṫe ag luċt an eirġe-amaċ an Caiptín a ċur ċun báis, aċt ċeapadar cineál cúirte ḃeiṫ aca air i dtosaċ le greann a ḃaint as.

’Sé Satan ḃí i gceannas na cúirte seo. Ḃí sé n-a ṡuiḋe ar ḃaraille árd, agus é gléasta ar nós breiṫiṁ. Ḃí clóca mór dearg a raiḃ clúṁ bán ḃéiṫir ar a imeal- laiḃ ’n-a ṫimċeall. Ba le bean an Ċaiptín an clóca sin—b’é an ceann é ḃronn an Caiptín uirṫi an lá ar ṗósadar—agus ba ṁór a ċuir sé as do’n ṁnaoi ḃoiċt é ḃeiṫ timċeall ar ḃeiṫeaṁnaċ ḋá ṡórt. Ḃí folt fada bréagaċ ar a ċeann agus spéacláirí ar a ṡróin: ní aiṫneóċṫá ṫar breiṫeaṁ ceart é, maraċ na cosa cama cnapaċa ḃí le feiceál faoi íoċtar an ċlóca agus an nós aisteaċ ḃí aige le smugairle a ċasaḋ n-a ḃéal agus a ṡacaḋ amaċ le bárr na teangan, ṫrí ṁannt ḃí n-a ḋrad.

Ḃí an ḟuireann uile go léir idir deáġ-ḋaoine agus droċ-ḋaoine ’n-a láṫair.

“Beiṫeaṁnaċ é seo atá ós do ċoṁoir a ḃreiṫiṁ,” arsa Bel ar eirġe n-a ṡeasaṁ ḋó.

“Beiṫeaṁnaċ críoċnaiġṫe,” ars’ an triúr a laḃair i n-éinḟeaċt i gcoṁnaiḋe.

“Caiṫfear cruṫuġaḋ do’n ḃreiṫeaṁ agus do’n ċoisde gur beiṫeaṁnaċ é,” arsa Satan go huġdarásaċ. “Briṫeaṁ cóir mise,” ar sé, “agus caiṫfiḋ siḃ ḃur ḃfianuiḋṫe ṫaḃairt ós mo ċoṁair agus an ċoir atá déanta aige a ċruṫuġaḋ de réir nósa dliġe.”

“Déanfar é,” arsa Bel.

Ṫosaiġ sé ag cur goṫaḋ cainnte ar féin. Ḃí an uile ḋuine n-a ṫost. Dá dtuitfeaḋ cnaipe ó ḃrísde ḋuine do ċloisfiḋe é. Ḃí an ġrian ṁór ḃuiḋe ag eirġe aníos as an ḃfairrge agus ga hórḋaḋ go hiongantaċ áluinn. [ 24 ]Ní raiḃ aon niḋ beó le feiceál ó’n luing siaḃraċ seo, aċt an ḟairrge n-a ṁaċaire leaṫan órḋa n-a timċeall, an spéir ċoṁ gorm le haon gorm dár facṫas ariaṁ, aċt aṁáin san áird a raiḃ an ġrian óg ġá horḋaḋ, an Ḃrídeóg agus na seólta a loḃaḋ ar a crannaiḃ, a cuid áḋmuid a dul ó ċéile, agus í ċoṁ seasṁaċ i lár na fairrge ciúine doiṁne seo le carraig ṁóir.

“Cuirfead i gcéill duit-se a ḃreiṫiṁ, agus do’n ċoisde onóraċ atá ag caḃruġaḋ leat sa gcuis, gur cuirpeaċ an príosúnaċ atá ’n-ár láṫair agus go ḃfuil an bás tuillte aige,” arsa Bel. “Ar an gcéad ḟáisg,” ar seisean, “ṫug sé bean ruaḋ leis ar bord na luinge: an ḃféadfaḋ an t-áḋ ḃeiṫ orainn agus bean ruaḋ ar bord againn?”

“Ní ḟéadfaḋ! Ní ḟéadfaḋ!” ar siad uile go léir d’aon ġuṫ.

“A ropaire an tsaoġail,” arsa bean an Ċaiptín agus coċall uirṫi, “má ṫugann tú bean ruaḋ ormsa....”

Cuireaḋ cosg léiṫe.

“Ṫug sé bean ruaḋ leis ar bord na luinge,” arsa Bel, “aċt ní raiḃ a ḋóṫain annsin gan ceann sionnaiġ ċur i n-áirde ós cionn dorais an ċabáin: an ḃféadfaḋ an t áḋ ḃeiṫ orainn agus ceann sionnaiġ ḃeiṫ ar bord againn?”

“Ní ḟéadfaḋ! Ní ḟéadfaḋ,” ar siaḋ uile d’aon ġuṫ.

“Agus an cat duḃ!” arsa Bel, “cá ḃfuil an fear ar ḋruim bóċna indiu nár ċuala sgéalta fíora faoi longaiḃ nár ṡroiċ ċalaḋ ariaṁ mar ġeall ar cat duḃ ḃeiṫ ar bord? Naċ ḃfuil ḟios ag an saoġal cé’n dlúṫḃaint atá ag an aicme sin le Fear na Riḃe? An ḃféadfaḋ an t-áḋ ḃeiṫ orainn agus a leiṫéid d’ainṁiḋe ḃeiṫ ar bord againn?”

“Ní ḟéadfaḋ! Ní ḟéadfaḋ!” ar siad uile d’aon ġuṫ.

“A ḃreiṫiṁ ċoir,” arsa Bel, “ní call dom ċur i gcuiṁne ḋuit-se cé na pianta d’ḟulaingeamar toisg caiptín dá ṡórt ḃeiṫ againn: ní call dom a ċur i [ 25 ]gcuiṁne ḋuit cé’n tart uaṫḃásaċ atá orainn le fada de laeṫiḃ: ní call dom a ċur i gcuiṁne ḋuit cé’n t-ocras atá orainn....”

Ṫáinig diúil fola agus feóla i súiliḃ furṁor na cuideaċtan. Ṫug an breiṫeaṁ faoi deara go raiḃ an triúr a laḃair i gcoṁnaiḋe i n-éinḟeaċt ag féaċaint go sanntaċ ar a ċosa cama ḟéin, agus ṫarraing sé isteaċ faoi’n gclóca dearg iad go tapaiḋ.

“Ní call dom-sa a ċur i gcuiṁne duit cé’n t-ocras millteaċ atá ag gaḃail dúinn, agus sé an fear sin is siocair leis,” arsa Bel.

Ḃí fonn ar ċuid aca an caiptín alpaḋ n-a ḃeaṫa.

“Ní fear cainnte mé,” arsa Bel, “aċt noċtóċad a ċoire móra i n-aṫ-uair ḋuit, a ḃreiṫiṁ:

An ḃean ruaḋ;

An ceann sionnaġ;

An cat duḃ;

Agus le bárr ar an gcleas ċuir sé iallaċ orainn calaḋ breáġ na Gaillṁe ḟágáil ar an Aoine agus ar an 13aḋ lá de’n ṁí....”

D’eiriġ an cócaire a ċaill a ṡrón de ġeit.

“An Aoine! An Aoine! Feóil! Gan feóil! Baineaḋ an tsrón ḋíom-sa ar an Aoine! Ṫáinig sé orm a ngan ḟios, a ċoṁluadair, agus ṡáit sé na fiacla fada duḃa isteaċ im’ ċuid feóla....”

Ċuir an breiṫeaṁ cosg leis an gcócaire. B’olc leis ḃeiṫ ag féaċaint air agus ag cuiṁneaḋ ar an gcaoi ċaill sé féin a leaṫ-ċluas!

Ṫosaiġ Bel arís.

“Iarraim ort i n-ainm fuirne na Brídeóige a ḃreiṫiṁ,” ar se, “breiṫ báis ṫaḃairt ar an ḃfear atá ós do ċoṁair. Mara dtiuḃraiḋ, a ḃreiṫim, fágaim le huaḋaċt é naċ gcaiṫfiḋ mé smugairle as mo ḃéal arís ċoiḋċe.”

Ḃuail sé faoi ar an úrlár. Ċaiṫ sé smugairle uaiḋ faoi ḋó, agus annsin ṡáiṫ sé píosa mór tobac n-a ḃéal agus ṫosaiġ sé ġá ċogaint,

D’eirig Satan n-a ṡeasaṁ.

[ 26 ]“Ḃfuil aon niḋ le ráḋ ag an bpríosúnaċ sul a ḃéarfaiḋ mé breiṫ an ḃáis air?” ar seisean.

Níor laḃair an Caiptín Munar laḃair, ṡíl a ḃean. Laḃairt ar a ṡon, aċt níor tugaḋ cead cainnte ḋi.

“Mara ḃfuil aon ċeó le raḋ aige,” arsa Satan, “ḃéarfad mo ḃreiṫ.”

Ċuir sé caipín duḃ ar a ċeann. D’ḟáisg sé an crios iongantaċ a ḃí faoi n-a ċom. Ċaiṫ sé cúpla smugairle uaiḋ ar a ṡean-nós féin, agus d’ḟéaċ go dúr ar an gCaiptín. Níor ṫuig an Búrla boċt cé’n ḟéaċaint ait ḃaineas le fiarṡúil, agus ċeap sé gur air féin ḃí sé ag féaċaint agus ṫosaiġ sé ag sgreadġail.

“Mara ḃfuil aon ċeó le ráḋ aige,” arsa Satan, “siuḃlaḋ sé an clár i gceann ceaṫraṁaḋ uaire”

“Siuḃlaḋ sé an clár! Siuḃlaḋ sé an clár! Tá an bás sin tuillte aige,” ar siad uile go léir d’aon ġuṫ.

Ċuaiḋ an Caiptín ar a ġlúnaiḃ agus duḃairt sé cúpla paidir ós íseal. D’eiriġ sé agus d’ḟág slán agus beannaċt ag a ṁnaoi agus ag a ċlainn. Sacaḋ amaċ clár an ḃáis ós cionn na fairrge. D’eiriġ leis ḋul i n-áirde air gan caḃair gan congnaṁ má ḃí slaḃraí troma féin air. Agus do ṡiuḃail go deas réiḋ go raiḃ ġá ċeann beagnaċ. Annsin caiṫeaḋ suas san aér é, agus síos leis go tóin puill na fairrge.

Ní raiḃ a rian le feiceál i gceann ḋá noiméid aċt na súilíníḃ ḃí ag eirġe aníos go barr an uisge....