22
“Tá gaċ niḋ faoi réir againn,” arsa Satan, “níl orm anois aċt gléas troda a roinnt oraiḃ ar eagla go mbeaḋ gáḃaḋ leis. Aċt ná bíoḋ aon troid ann má’s féidir é.”
Annsin ṫug sé ḋá ṗiostal do gaċ uile ḟear a ḃí sa láṫair. Rinne sé naoi roinnt do’n ṗúdar agus do’n ġrán. Ḃain sé na sgeana as an gcsios ṁór a ḃí faoi ’n-a ċom, agus leag sé ar an mbórd iad go dtoġaḋ gaċ duine ceann le n-aġaiḋ féin.
Rinneaḋ aṁlaiḋ.
Ċuaiḋ Satan ar a ġlúnaiḃ. Ċuaiḋ an uile ḟear dá raiḃ ann ar a ġlúnaiḃ, agus sgian i n-áirde ag gaċ fear díoḃ.
“Dar sliaḃ agus dar fairrge,” arsa Satan de ġuṫ árd,
“Dar sliaḃ agus dar fairrge,” ars’ an ċuideaċta d’aon ġuṫ.
“Dar réalta na spéire agus dar míolta na talṁan dar na máiṫreaċa ṫug ar an saoġal sinn agus dar na haiṫreaċa ġein sinn, dar a ḃfuil ar an talaṁ, agus faoi’n talaṁ agus ós cionn na talṁan, dar an Dia a ċruṫaiġ a ḃfuil luaiḋte agam, is mian linn an obair ḃeannaiġṫe seo ġlacamar idir láṁaiḃ a ḋéanaṁ ċoṁ maiṫ ’s is féidir linn.”
Ṫug an ċuideaċta an ṁionn sin go dúṫraċtaċ.
Ṡil Máire Ḃán imṫeaċt léiṫe, agus innseaċt dá haṫair gaċ a ḃfaca sí, agus gaċ ar ċuala sí, aċt sul a raiḃ sé d’uain aice cos a ċorruġaḋ ṫáinig duine éigin taoḃ ṫiar ḋi, agus níor ċuiṁniġ sí ar a ṫuilleaḋ go raiḃ sí féin agus a muinntir ar urlár uaċtaraċ na luinge agus iad ceangailte le téadraċaiḃ roiġne cnáibe.
XI.
Ní bréag a ráḋ go raiḃ obair ḋiaḃalta ar siuḃal aca ar urlár uaċtaraċ na Brídeóige ar maidin le eirġe na gréine.