Jump to content

Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/31

From Wikisource
This page has not been proofread.

23

D’eiriġ leis na beiṫeaṁnaiġiḃ, an buaḋ ḟáġail ar an gCaiptín Mongaċ agus ar a ṁuinntir, agus ḃí an fear boċt agus a ċúram, agus an méid do’n ḟuirinn nár ṫréig é, gaḃṫa ag Satan agus ag a ċoṁluċṫ. Ḃí slaḃraí troma iarainn ar ċaolaiḃ an Ċaiptín, agus eangaċ trom teann cnáibe ’n-a ṫimċeall.

Ḃí socraiġṫe ag luċt an eirġe-amaċ an Caiptín a ċur ċun báis, aċt ċeapadar cineál cúirte ḃeiṫ aca air i dtosaċ le greann a ḃaint as.

’Sé Satan ḃí i gceannas na cúirte seo. Ḃí sé n-a ṡuiḋe ar ḃaraille árd, agus é gléasta ar nós breiṫiṁ. Ḃí clóca mór dearg a raiḃ clúṁ bán ḃéiṫir ar a imeal- laiḃ ’n-a ṫimċeall. Ba le bean an Ċaiptín an clóca sin—b’é an ceann é ḃronn an Caiptín uirṫi an lá ar ṗósadar—agus ba ṁór a ċuir sé as do’n ṁnaoi ḃoiċt é ḃeiṫ timċeall ar ḃeiṫeaṁnaċ ḋá ṡórt. Ḃí folt fada bréagaċ ar a ċeann agus spéacláirí ar a ṡróin: ní aiṫneóċṫá ṫar breiṫeaṁ ceart é, maraċ na cosa cama cnapaċa ḃí le feiceál faoi íoċtar an ċlóca agus an nós aisteaċ ḃí aige le smugairle a ċasaḋ n-a ḃéal agus a ṡacaḋ amaċ le bárr na teangan, ṫrí ṁannt ḃí n-a ḋrad.

Ḃí an ḟuireann uile go léir idir deáġ-ḋaoine agus droċ-ḋaoine ’n-a láṫair.

“Beiṫeaṁnaċ é seo atá ós do ċoṁoir a ḃreiṫiṁ,” arsa Bel ar eirġe n-a ṡeasaṁ ḋó.

“Beiṫeaṁnaċ críoċnaiġṫe,” ars’ an triúr a laḃair i n-éinḟeaċt i gcoṁnaiḋe.

“Caiṫfear cruṫuġaḋ do’n ḃreiṫeaṁ agus do’n ċoisde gur beiṫeaṁnaċ é,” arsa Satan go huġdarásaċ. “Briṫeaṁ cóir mise,” ar sé, “agus caiṫfiḋ siḃ ḃur ḃfianuiḋṫe ṫaḃairt ós mo ċoṁair agus an ċoir atá déanta aige a ċruṫuġaḋ de réir nósa dliġe.”

“Déanfar é,” arsa Bel.

Ṫosaiġ sé ag cur goṫaḋ cainnte ar féin. Ḃí an uile ḋuine n-a ṫost. Dá dtuitfeaḋ cnaipe ó ḃrísde ḋuine do ċloisfiḋe é. Ḃí an ġrian ṁór ḃuiḋe ag eirġe aníos as an ḃfairrge agus ga hórḋaḋ go hiongantaċ áluinn.